Ali Khamenei
'Sé an tAyatollah Ali Khamenei (a rugadh ar an 19 Aibreán 1939) Ard-Cheannaire na hIaráine an príomhcheannaire spioradálta, agus ar dhuine de na ceannairí is diongbháilte san Iaráin. Cléireach fíorchoimeádach Siach is ea é. Bhí lámh ag Khamenei i gcuid de na heachtraí is brúidiúla inar cuireadh faoi chois daoine a síleadh a bhí naimhdeach don phoblacht Ioslamach.



Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Seyyed Ali Hosseini Khamenei i gcathair Mashhad[1] san Iaráin, cathair in aice leis an Afganastáin agus claonadh láidir coimeádach ann. Rugadh Khamenei i dteaghlach Siach de shliocht na sagart. D’fhreastail sé ar dhámh na diagachta (na "hawza") i Mashhad. I gCathair Qom níos déanaí, mhúin sé scoláirí clúiteacha Siacha é, cosúil le Ayatollah Khomeini féin.
Bhí baint aige leis an ngluaiseacht i gcoinne Reá Shah Pahlavi (an tImpire a bhí an-mhór leis na Stáit Aontaithe) sna 1960idí agus 1970id. Gabhadh agus cuireadh Khamenei i bpríosún arís agus arís eile.
Tar éis Réabhlóid Ioslamach na hIaráine i 1979, bhí sé ina bhall de Chomhairle na Réabhlóide. Rinne na Mujahedin-e Khalq iarracht Khamenei a fheallmharú ar an 27 Meitheamh 1981.
Toghadh é mar Uachtarán na hIaráine i mí Dheireadh Fómhair 1981, tar éis don iar‑uachtarán Mohammad‑Ali Rajai bás a fháil i mbuama. Bhí Khamenei ina Uachtarán ar feadh dhá théarma (1981–1989).
I ndiaidh bhás Ayatollah Khomeini i mí an Mheithimh 1989, thogh "Tionól na Saineolaithe" Khamenei mar Ard-Cheannaire na hIaráine. Tharraing a cheapachán c[2]onspóid ag an am; ní raibh sé an Marjaʿ-e Taqlid (an cléireach is airde de réir dhlí na Siach) ag an am.
Mar Ard-Cheannaire na hIaráine tá freagrachtaí tábhachta aige ar nós:
– Maoirseacht ar bheartas eachtrach agus cosanta,
– An chumhacht chun cur isteach ar an bparlaimint agus ar an uachtarán.
– Ceapacháin na mbreithiúna agus na Gardaí Réabhlóideacha (IRGC)
Tuairimí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Khamenei ina lucht leanúna dílis de Velayat-e faqih — an teoiric go bhfuil údarás deiridh ag sagart is oilte sa dlí Ioslamach i gcúrsaí stáit.
Dúirt Khamenei i gcónaí gurb é an sprioc a bhí aige stát Iosrael a chur de dhroim an domhain.[3]
Agus Cogadh Iosrael–Iaráin faoi lánseol in 2025, dúirt Israel Katz, aire cosanta Iosrael, nach féidr ligean don Ayatollah fanacht beo.[4]
Mhaígh Khamenei in 2025 go raibh bua ag Iaráin ar Iosrael agus go raibh Donald Trump ag déanamh áibhéil faoin tionchar a bhí ag ionsaithe Mheiriceá ar ionaid núicleacha na hIaráine.[5] Dar leis an Ayatollah ghlac Meiriceá páirt sa chogadh chun Iosrael a chosaint ó scrios.[6]
Toghchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi bhunreacht na hIaráine, grúpa cléireach tofa ("Tionól na Saineolaithe") a roghnaíonn an t-ard-cheannaire. Is é mac an Ayatollah Khamenei, Mojtaba Khamenei, an t-iomaitheoir is mó a bheith ar an gcéad ard-cheannaire eile.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ebrahim Raisi
- An tAyatollah Khomeini, a bhí i réin 1979-
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Mashhad" (as en) (2025-06-26). Wikipedia.
- ↑ khamenei.ir (31 Nollaig 2023). "Físeán".
- ↑ "Ócáid a bhí urraithe ag TG4 bogtha ó óstán de chuid comhlacht a thacaíonn le saighdiúirí Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-10-03). Dáta rochtana: 2025-06-27.
- ↑ Iar-Thaidhleoir Antóin Mac Unfraidh (2025-06-19). "Tús Áite: An Iaráin" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-06-27.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-26). "'Áibhéil' ar bun ag Trump dar leis an Ayatollah Khamenei" (as ga-IE).
- ↑ Micheál Ó hUanacháin, Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ (2025-06-26). "Tús Áite: Iarin agus Meiriceá" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-06-27.
- ↑ "Cúig lá dobróin fógartha d’uachtarán na hIaráine a maraíodh i dtuairt héileacaptair" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-20). Dáta rochtana: 2025-06-26.