Alexandre de Bernay
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1150í Bernay |
Bás | 1190í 30/49 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | file |
Tréimhse oibre | (Floruit: 12 haois) |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach
|
Scríbhneoir Normannach, a rugadh i mBernay na Normainne agus a mhair insan 12ú haois, ab ea Alexandre de Bernay. Tugtar Alexandre de Paris air leis, toisc go raibh cónaí air i bPáras.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ar na saothair Élène, mère de Saint Martin (Gaeilge: 'Héilin, máthair Shan Máirtín'), Brison, agus Atis et Porphylias (Gaeilge: 'Atis agus Porphylias'), rómáns a d'aistrigh Alexandre de Bernay ón Laidin dar leis féin, a bhunaigh sé a cháil ar dtús. Fairis na saothair sin, do lean sé ar aghaidh le Li Romans d'Alixandre (Gaeilge: 'Rómáns Alastar Mhóir'), fé mar a dhein scríbhneoirí eile na Meánaoise - Thomas de Kent, mar shampla. Rómáns ab ea é a raibh beatha mhórchoncaire na Macadóine, Alastar Mór, mar ábhar aige agus a bhí bunaithe ar an saothar fé bheatha an choncaire a chum Quintus Curtius Rufus agus ar shaothar de chuid Ghautier de Châtillon, Alexandriade. Cé nárbh é Alexandre de Bernay é féin a chuir tús leis an nós rómánsaí a chumadh fé bheatha Alastar Mhóir, ach scríbhneoirí a tháinig roimhe - Albéric de Pisançon agus Lambert le Tort, go háirithe -, do bhí clú agus cáil ar leith ar an rómáns a chum sé. Is féidir linn a rá, mar shampla, gurbh é de bharr rómáns Alexandre de Bernay go dtugtaí alexandrin, ón 15ú haois amach, ar an meadaracht le dhá shiolla déag ins gach líne véarsaíochta, meadaracht a mbeadh an-rath ar fad uirthi i bhfilíocht na Fraince.[1]
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Le Roman d'Alexandre, curtha in eagar ag Laurence Harf-Lancner agus Edward Cooke Armstrong (Páras: Livre de Poche, 1994)
- L'Ystoire de la belle Helayne de Constantinople, mère de Saint Martin de Tours en Touraine, et de Saint Brice, son frère (Gaeilge: 'Scéal Héilin Álainn Chathair Chonstaintín, máthair Shan Máirtín, ó Thours i dTouraine, agus a dhearthár, San Brice'), curtha in eagar ag Jean Wauquelin agus Joseph Van den Gheyn (Bruiséil: Vromant, 1913)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Laurence Harf-Lancner, "De l'histoire au mythe épico-romanesque : Alexandre le Grand dans l'Occident médiéval", lch. 70-71.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pierre René Auguis, Les Poètes françois, depuis le XIIe siècle jusqu’à Malherbe (Páras: Crapelet, 1824)
- Alfred Foulet, The Medieval French roman d’Alexandre (Paris: PUF, 1976)
- Catherine Gaullier-Bougassas, Les Romans d’Alexandre : aux frontières de l’épique et du romanesque (Paris: Champion, 1998) (ISBN 2-85203-678-9)
- Laurence Harf-Lancner, "Alexandre le Grand dans les romans français de la fin du Moyen Âge. Un héros de la démesure", Mélanges de l’Ecole française de Rome. Moyen Âge, 112/1, 2000, lch. 51-63 [le fáilt ar líne]
- Laurence Harf-Lancner, "Le personnage d’Alexandre le Grand dans la littérature narrative française du XIIe au XVe siècle : mythe et roman", i Los caminos del personaje en la narrativa medieval : actas del Coloquio internacional (Santiago de Compostela, 1-4 diciembre 2004) (Florence : SISMEL, 2006), lch. 61-75.
- Laurence Harf-Lancner, "De l'histoire au mythe épico-romanesque : Alexandre le Grand dans l'Occident médiéval", i Michèle Guéret-Laferté, Daniel Mortier, D'un genre littéraire à l'autre (Mont-Saint-Aignan: Publications des universités de Rouen et du Havre, 2008) (ISBN 9782877754460), lch. 63-74