Alberto Moravia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alberto Moravia
Paolo Monti - Servizio fotografico - BEIC 6361580 (cropped).jpg
uachtarán

1960 - 1962
André Chamson (en) Aistrigh - Victor van Vriesland
Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Iúil 24, 1984 - Iúil 24, 1989
Dúiche: Iodáil
Toghchán: toghchán Pharlaimint na hEorpa 1984
Saol
Ainm iomlánAlberto Moravia
Eolas breitheAn Róimh, 28 Samhain 1907, 22 Samhain 1907
NáisiúntachtIodáil
Áit chónaithemaison-musée d'Alberto Moravia (fr) Aistrigh
BásAn Róimh, 26 Meán Fómhair 1990
Áit adhlacthaCampo Verano (en) Aistrigh
Muintir
Céile/CéilíElsa Morante  (Aibreán 14, 1941 -  1961)
Carmen Llera  (1986 -  Meán Fómhair 26, 1990)
Páirtí/PáirtitheDacia Maraini
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
TeangachaAn Iodáilis
Gairm
Gairmscríbhneoir, iriseoir, úrscéalaí, scríbhneoir scripte scannáin, drámadóir, polaiteoir, file, stiúrthóir scannán agus léirmheastóir
Áit oibreStrasbourg agus An Bhruiséil
Saothar iomráiteachGli indifferenti (en) Aistrigh
Il conformista (en) Aistrigh
Racconti romani
Agostino (en) Aistrigh
Contempt (en) Aistrigh
La noia
Moi et Lui (fr) Aistrigh
La disubbidienza
La donna leopardo
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
SloinnteAlberto Moravia
Gluaiseacht ealaíneúrscéal
screenplay (en) Aistrigh
aiste
Cleamhnú
ReiligiúinAn tAindiachas
Páirtithe polaitíochtaPáirtí Cumannach na hIodáile
IMDbnm0603179
Discogs ID1031996

Duine de phríomhscríbhneoirí na hIodáile sa bhfichiú céad ab ea Alberto Moravia (ainm cleite de chuid Alberto Pincherle (1907-1990). Rugadh sa Róimh, chaith sé blianta dá óige i sanatóir, ionfhabhtaithe le heitinn scamhóige. Sna fichidí is na tríochaidí bhí sé faoi dhrámh rialtas Faisisteach Mussolini agus thaistil taobh amuigh den Iodáil agus chónaigh sna Stáit Aontaithe ar feadh scathaimh. Ina chéad úrscéal, Gli indifferenti (Na Fuaránaigh, 1929), a bhí an-rathúil, tugann sé tuairisc neamhbhreithiúnasach, ach thar a bheith éifeachtach, ar shochaí meata buirgeoiseach na Róimhe, an fhuarchúis, agus an glacadh le morgthacht a bhí de réir tréithe an ama sin. Ina chéad úrscéal eile, La romana (An Bhean Rómhánach, 1947), pléann sé fadhbanna an lucht oibre, arís ina stíl oibiachtúil ach faobhrach. Ina úrscéal, L’amore coniugale (An Grá Pósta, 1949), díríonn sé a dhearcadh micreascópach ar an ngné seo den saol meánaicmeach san Iodáil. Ansin ina úrscéal, Raconti romani (Scéalta Rómhánacha, 1954), díríonn sé ar mhorgthacht na meánaicme íochtaraí. Leabhair shuntasacha eile uaidh ab ea L’attenzione (An Rabhaidh, 1965), La vita interiore (An Bheatha Inmheánach, 1978), agus L’uomo che guarda (An Fear a Fhaireann, 1985).

An Grá Pósta[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh an tOllamh Matthew Hussey L’amore coniugale ón Iodáilis mar An Grá Pósta, foilsithe ag Coiscéim i 2016. Is úrscéal gairid é, ar iarracht scríbhneora a théann amuigh faoin tuath lena bhean chéile chun scríobh, mar a bheadh i gcluiche scáthán, ar an ngrá pósta. Ach go mall, caolaíonn an iarracht a mbeatha le chéile a mhionscrúdú agus an nasc geanúil anghrách a chaomhnú agus a thuairisciú i bhfoirm scríofa. Déanta na fírinne claochlaítear réaltacht chasta an ghrá phósta, de réir mar a thagann an scéal le bheith scríofa síos ag an gcathurra scríbhneora, go dtí go dtagann sé le bheith déanta é a shábháil agus a chaomhnú. Nochtaítear na ceangail agus na codarsnachta idir an bheatha thochtach agus an bheatha chultúrtha, idir fhuinneamh gnéasach agus chruthaitheacht, agus iad iniúchta ag Moravia lena ghnáthghéire gan aon ghéilleadh do mhínithe seasca síceolaíocha.