Jump to content

Albert Bartlett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAlbert Bartlett
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1948
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinalbertbartlett.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an práta a bhfuil Rooster mar ainm air an t-earra is mó a bhfuil tóir air ag custaiméirí Albert Bartlett,[1] nó "The Potato People", comhlacht atá suite in Airdrie, Lannraig, Albain.[2]

Albert Bartlett Potato Facility, New Monkland, Airdrie... monarcha a thógadh sna 2000idí ar luach £30 milliún
Is de bhunadh na hÉireann an práta Rooster.

I mBaile Monaidh i gcontae Aontroma ag tús an chéid seo caite a rugadh Albert Bartlett. Caoladóir a bhí ann a chuaigh ar imirce go hAlbain. Chuir sé faoi i Coatbridge in aice Ghlaschú, ceantar a bhí brataithe ag Éireannaigh.[3]

Agus a mhuirín ag dul i méid, chuaigh Albert ar thóir bealaí eile a shaoródh cúpla punt breise dó. Thug sé £30 ar choire agus thosaigh ag cócaráil biatais (biatas dearg) ina gharáiste agus á chur i bpotaí. D’éirigh chomh maith sin leis nárbh fhada gur cheannaigh sé monarcha agus gur thosaigh ag díol glasraí úra agus prátaí. Tá sé ráite go raibh sé ar an duine ba thúisce a thosaigh á gcur sin i málaí beaga plaisteacha.

Nuair a tháinig siad in aois chuaigh a chlann mhac ag obair a chúnamh dá n-athair. Sa lá atá inniu ann, siad a gclann siúd agus a gclann siúd arís atá i mbun an chomhlachta. Beirt acu sin, Alan agus Ronnie, atá ina cheannas faoi láthair.[3]

Ceannaítear ½ mhilliún tonna dá dtáirge sa mBreatain gach bhliain. Is fiú €90 milliún anois an gnó a tháinig ar an saol sa ngaráiste.

Is de bhunadh na hÉireann an práta Rooster. Ba in Ionad Taighde atá ag Teagasc i gCeatharlach a síolraíodh an fata sin den chéad uair i 1970.

An t-ainm Albert Bartlett atá luaite le cliathrás a ritear i Cheltenham (in 2026).[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Albert Bartlett - The Potato People" (en-GB). Albert Bartlett. Dáta rochtana: 2026-03-11.
  2. "Airdrie, North Lanarkshire" (as en) (2026-03-01). Wikipedia.
  3. 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (8 Márta 2026). "Corn Óir Cheltenham – bíonn blas ar an mbeagán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-10.