Jump to content

Albedo One

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí NuachtánAlbedo One
Cineálirisleabhar
Cárta innéacs
TeangaBéarla
Am tosaigh1993 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
SeánraIris liteartha
PríomhábharFicsean eolaíochta, uafás, fantaisíocht
PríomheagarthóirJohn Kenny, Bob Neilson, David Murphy, Frank Ludlow, Roelof Goudriaan and Peter Loftus with Contributing Editors Dev Agarwal, Juliet E. McKenna and David Conyers
Foilsithe iÉire
Eagrán50
Formáid dáilteI gcló agus le n-íoslódáil, le rogha scéalta ar líne
Aitheantóirí
ISSN0791-8534


Facebook: Albedo-One-163949909435 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Albedo One ina iris uafáis, fantaisíochta agus ficsean eolaíochta Éireannach, a bunaíodh sa bhliain 1993 arna fhoilsiú ag Albedo One Productions.[1]

Léargas ginearálta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áiríodh Albedo One mar chomharba na hirise ficsean eolaíochta Éireannaí FTL, a d'fhoilsigh Cumann Ficsean Eolaíochta na hÉireann (EN: ISFA; cumann atá imithe i léig ó shin freisin).[2] Ba chomharba é FTL féin ar an iris Éireannach Gateway. Is minic a dhéantar cur síos ar Albedo One mar an iris ficsean tuairimeach ab fhada a bhí á fhoilsiú in Éireann[3] agus glacadh leis mar fhreagra na hÉireann ar Interzone.[4] Ó eagrán 1 (1993) go heagrán 12 (1996), bhí Albedo One á fhoilsiú ag Tachyon Productions faoi leagan amach A5. Ó eagrán 13 (1996) ar aghaidh, d'aistrigh an iris go leagan amach A4 feasta agus b'iad Albedo One Productions a d'fhoilsigh. Dar leis na heagarthóirí, bhí na hathruithe seo ina n-iarracht dáileadh a mhéadú, níos mó fógraíochta a mhealladh, agus gus a chur san iris.[5]

Is iad scéalta bunaidh a d’fhoilsigh Albedo One (.i. scéalta nár foilsíodh cheana), ó údair Éireannacha agus idirnáisiúnta. Is minic a luaigh léirmheastóirí fócas ar údair Éireannacha leis,[6] ach níor cuireadh foilsiú údair neamh-Éireannacha as an áireamh mar amhail roinnt irisí náisiúnta de sheánraí faoi leith, agus is í an dea-scríbhneoireacht is mó ba chás leis.[6] Dúirt lucht na hirise gur sainmhíniú thar a bheith leathan a bhí ar intinn acu ar an rud is ficsean eolaíocht, uafás, nó fantaisíocht ann[7] agus gur thaitin leo ábhar a sháraigh na teorainneacha, rud ar thug léitheoirí agus léirmheastóirí suntas dó.[8] Maidir leis seo, dúirt léirmheastóir amháin go bhfuil moladh tuillte ag aon iris a spreagann scríbhneoirí nua agus léitheoirí araon chun fairsinge.[6]

Foilsíodh an iris i gcló agus mar pdf, thart ar dhá nó trí huaire sa bhliain. De ghnáth, bhíodh na scéalta a foilsíodh i ngach eagrán idir 2000 agus 8000 focal ar fhad,[7] cé gur foilsíodh scéalta scaití a bhí lasmuigh de na teorainneacha seo. I ngach eagrán, d’fhoilsigh an iris agallamh le húdar aitheanta i seánra dá gcuid freisin, chomh maith le léirmheasanna leabhar agus colún litreacha (a bhí annamh níos faide anonn) faoin gceannteideal "Ugly Chickens"[9] a ainmníodh as an scéal cáiliúil "The Ugly Chickens" [en] de chuid an údair Howard Waldrop. Dúirt eagarthóirí na hirise gur mheas siad gur thug ábhar neamhfhicsin, taobh leis an ficsean, a fhéiniúlacht féin don iris.[10]

Bhíodh alt nó píosa tuairimíochta neamhrialta san iris freisin le húdair gan ainm ag scríobh faoin ainm Severian, as carachtar [en] a rinneadh cáiliúil i scríbhneoireacht an údair Gene Wolfe. Is minic ar tharraing na colúin seo aird as a seasaimh teanntásacha[11] nó conspóideacha ar chúrsaí seánra.[12] Rinne léirmheastóir amháin cur síos ar an gceann a bhí in eagrán 31 de Albedo One mar rámhaille a bhí gríosaitheach d'aon ghnó.[13] Sa bhliain 1996, d'fhógair na heagarthóirí cuireadh oscailte alt a scríobh don cholún seo faoi cheist a bhfuil tuairimí láidre acu faoi.[14]

  • John Kenny, comheagarthóir
  • Peter Loftus, comheagarthóir
  • Frank Ludlow, comheagarthóir
  • David Murphy, comheagarthóir
  • Robert Neilson, comheagarthóir

Aird ón tionscal agus duaiseanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir 1997 agus 1999, thug Cumann Ficsean Eolaíochta na hEorpa [en] trí onóir d'Albedo One, agus bhuaigh sé Gradaim don Iris is Fearr agus don Foilsitheoir is Fearr.[15]

Is minic a thuill scéalta ón iris Moladh ar Leith sa Year's Best Science Fiction, arna chur in eagar ag Gardner Dozois, agus sa Year's Best Fantasy and Horror, arna chur in eagar ag Ellen Datlow, Kelly Link agus Gavin Grant.

In ainneoin seo, ba níos faide anonn ar tosaíodh athchló a chur ar scéalta ón iris in imleabhair Year's Best... nuair a cuireadh athchló ar "The Bad Magician" le Philip Raines agus Harvey Welles (ó eagrán 28 de Albedo One) in imleabhar 18 de Year's Best Fantasy and Horror 2004 agus athchlódh "I Hold My Father's Paws" (ó eagrán 31) le David D. Levine in imleabhar 24 de Year's Best Science Fiction 2006.

Sa bhliain 2006, bhótáladh Albedo One san 8ú háit sna hainmniúcháin do Ghradam Hugo faoin gcatagóir don iris leath-ghairmiúil is fearr.[16] Cé nár measadh go raibh ainmniúchán do Ghradam Hugo bainte amach ach an cúigear ab airde bhóta ar an liosta faoin gcatagóir seo, bhí an ócáid suntasach mar gheall gurb í an chéad uair a bhí Albedo One ar liosta na n-ainmniúchán (agus an chéad uair a bhí iris Éireannach ar bith air). Bhí an ócáid suntasach freisin sa mhéid is gur cuireadh Albedo One chun tosaigh ar irisí aitheanta eile ar nós Lady Churchill's Rosebud Wristlet, Postscripts agus Apex Digest.[17]

Glacadh ag na gcriticí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caighdeán táirgthe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaigh an Mammoth Encyclopedia of Science Fiction go raibh clúdach clóite ar na heagráin le déanaí (faoi 2001), ach go raibh an méid istigh fós fótachóipeáilte i ndubh agus bán agus go bhféadfadh go mbeadh feabhsú ar a chaighdeán táirgthe bheith chun a leasa, ar bhonn aeistéiteach amháin. Lean an iontráil air le rá go ndíolann caighdeáin eagarthóireachta agus liteartha a bhfuil ann breis agus a chúiteamh as sin.[1]

Mar sin féin, fuair Mann méid áirithe cáinte ó léirmheastóirí as roinnt irisí ar nós Albedo One a chur san áireamh thar irisí eile a bhí ar fáil, agus cheistnigh léirmheastóir amháin ón eagrán ar líne de The Zone cá raibh teidil inchomparáide ar nós The Zone le Tony Lee, Back Brain Recluse le Chris Reed a bhíodh galánta i gcónaí dar leo, nó an Critical Wave dodhearmadta, cé go raibh lua tuilte ag Albedo One.[18]

Dúirt léirmheastóir amháin faoi eagrán 25 (2002) go raibh mire mheallacach áirithe ag baint lena dhearadh cló agus leagan amach a chuir aschur Pagemaker sna 1990idí luatha i gcuimhne, ach go raibh na scéalta láidir gan amhras.[19] Maidir le caighdeán táirgthe, in 2003, dúirt eagarthóir amháin den iris gur bhreá leo iris lán-chlóite faoi chlúdach lán-daite a tháirgeadh ach, murab ionann agus an cás sa RA, ní raibh an Chomhairle Ealaíon abhus gur fiú ficsean eolaíochta ná foilsitheoireacht irisí a mheas i gcomhair tacaíochta.[2]

Mar sin féin, mar fhreagra féideartha ar cháineadh b'fhéidir, rinne an iris iarracht feabhas a chur ar a chaighdeán táirgthe, le clúdaigh lán-daite, i bhformáid A4 faoi cheangal foirfe agus taobh istigh priontáilte i liathscála le DocuTech, ó eagrán 28 (2004) ar aghaidh. Ag an am, luaigh na heagarthóirí nár shamhlaíodar riamh nuair a thosaíodar amach go mbeidís fós ar an bhfód sa Mhílaois Nua ach gurb é á meon ná go leanfaidís air chomh fada agus a bheadh spraoi ann agus bhí fós. Ghuíodar go mbainfeadh na léitheoirí taitneamh as an gclúdach lán-daite.[20]

Go ginearálta, bhí léirmheasanna ar ábhar ficsean Albedo One ar scála idir dhearfach den chuid is mó agus an-dearfach. Dúirt léirmheastóir amháin gur frithnimh fhoirfe é Albedo One #29 in aghaidh táirgí truflaise ó scríbhneoirí patuara nach bhfuil ag cur i gcéill[21] Dúirt an léirmheastóir céanna faoi eagrán 32 go raibh luas á chur faoi ardú éirime le heagrán ar tiomsaíodh go seoigh le meascán seolta d'fhicsean eolaíochta.[16]

Dúirt léirmheas ar eagrán 33 ar BestSF faoin iris nach raibh sé baileach in acmhainn cic sa tóin a thabhairt do Interzone, ach tráth a bhí an iris tréitheach Sasanach ag déanamh dul chun cinn faoina cheannaireacht nua, bhí Albedo One ag coinneáil bonn ar aon leis agus bhí faoi raon súl de sciorta a gcóta, mura raibh faoi fhad alptha.[22] Dúirt léirmheas ar eagrán 34 gur ábhar bród do lucht Albedo One é a gcuid ficsin shainiúil agus mar a dúradh cheana, a deir siad, sa dóigh sin ní haon áibhéil é.[23]

É sin ráite, ní raibh gach léirmheas chomh dearfach leis sin, mura rabhadar baileach diúltach ach oiread. Fuair eagrán 30 léirmheas neodrach go leor ar BestSF.[24] Agus iomrá mór faoi eagrán 32 ar intinn acu, dúirt léirmheastóir amháin gur fhill eagrán 33 ar fhicsean nach mbaineadh sceiteog chomh mór sin asat – deá-cheardaíocht taitneamhach ach beagáinín stálaithe mar sin féin.[25]

Sa bhliain 2003, dúirt eagarthóir amháin go rabhadar ag dréim leis an iris a fheabhsú eagrán ar eagrán agus go raibh rudaí thar a bheith deas le rá leo ag lucht na critice in imeacht na mblianta, chomh maith le roinnt a bhí go dona. Dúirt an t-eagarthóir sin gur fearr leo scéalta a spreagann freagraí móra, dearfach nó diúltach, ná freagra patuar ó chách. Scéal a bhfuil an ghráin ag daoine air, ar a laghad chuaigh sé i bhfeidhm orthu sa mhéid is gur spreag mothúchán. Dúradh nár dhóigh leis an eagarthóir sin gur fhoilsíodar scéal ariamh ar thaitin le gach uile dhuine beo agus go rabhadar ag súil nach bhfoilseodh go deo.[2]

Mhol léirmheastóir amháin an cur chuige ginearálta maidir le roghnú ficsean le foilsiú in Albedo One, á rá agus foilsitheoirí eile ag streachailt chun cloí le spriocdhátaí a leagann siad orthu féin, ghabh Albedo One go fonnmhar le sceideal foilsitheoireachta a bhí faoi réir ag an gcarnadh de réir a chéile ábhair atá ar ardchaighdeáin – ábhar ó mheascán de scríbhneoirí céaduaire agus daoine gairmiúla seanbhunaithe, agus a éilíonn lucht féachana.[26]

Ó 2004, bhí Albedo One ag déanamh urraíocht ar Ghradam Aeon, comórtas ficsean a bhí dírithe ar scríbhneoirí nua agus scríbhneoireacht i seánraí an fhicsin thuairimigh a chur chun cinn. Bhuaigh an scéal "My Marriage" leis an údar Sasanach Julian West an chéad Ghradam Aeon 2004-2005. Dúirt an tArd-Mholtóir Ian Watson gur cheap sé go raibh sé suaiteach go leor, agus mhol sé é le haghaidh Ghradam Lambda.[27][28]

Rinneadh cur síos ar Aeon Press mar chraobh fhoilsitheoireachta leabhar Albedo One,[29] agus bhí sé ar an líon beag foilsitheoirí a bhí tiomnaithe don fhicsean eolaíochta, don fhantaisíocht agus don uafáis in Éirinn.

Ba é Emerald Eye: Best Irish Imaginative Fiction (2005), in eagair ag Roelof Goudriaan agus Frank Ludlow, a fhoilseachán ba shuntasaí.[30]

Ba bhailiúchán é sin d'fhicsean eolaíochta, d'fhantaisíocht agus d'uafás ó údair Éireannacha na linne. Bhí mothú dorcha ann, agus éagmais eilimintí a shamhlaítear le fantaisíochta Éireannacha (m.sh. leipreacháin), rud a bhí conspóideach dar le daoine áirithe.[31] Spreag léirmheas amháin díospóireacht réasúnta fada maidir le nádúr na fantaisíochta "Éireannaí", "Éireannachas" agus ealaín na léirmheastóireachta.[32]

Sa bhliain 2011, d’eisigh Aeon Press dhá dhíolaim ghearrscéalta ag Bristolcon (RA) agus Octocon (Éire) [en].

Tá 16 scéal scéiniúil faoin ngrá agus faoin mbás le fáil in Box of Delights, in eagair ag John Kenny, ó údair ar nós Mike Resnick, Kristine Kathryn Rusch, Steve Rasnic Tem, Don D'Ammassa agus Priya Sharma.

Is díolaim scéalta é Transtories, in eagair ag Colin Harvey, lena mbaineann an réimír 'trans-'. I measc na n-údar suntasacha tá Aliette de Boddard, Jay Caselberg agus Lawrence M. Schoen.

Formáid agus infhaighteacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhoilsítí eagráin dhá nó trí huaire in aghaidh na bliana le n-íoslódáil mar PDF agus mar iris chlóite i méid A4 araon. Bhí ábhar samplach ó eagráin áirithe ar fáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin Albedo One agus rinneadh iad a nuashonrú go tréimhsiúil.

  1. 1 2 Mann (2001). "The mammoth encyclopedia of science fiction". London: Robinson. ISBN 1-84119-177-9.
  2. 1 2 3 Albedo One, Decade One (An honourable draw), Phoenix Convention, 27th-28th September, 2003, Official Program, 2003
  3. Review of Albedo One issue 25 in TRS2”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 September 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  4. Review of Albedo One issue 34”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 May 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  5. Editorial, Albedo One eagrán 12, 1996
  6. 1 2 3 Review of Albedo One issue 30 in SF Crowsnest”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 September 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  7. 1 2 Albedo One Writer's Guidelines”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 November 2008. Dáta rochtana: 27 October 2008.
  8. "Review of Albedo One issue 34 in Horrorscope". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 March 2016. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  9. m.sh. Albedo One eagrán 29, 2004
  10. Eagarfhocal, Albedo One eagrán 11, 1996.
  11. "Review of Albedo One issue 17, 1998". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 October 2011. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  12. "Review of Albedo One issue 33 in SF Crowsnest". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 January 2009. Dáta rochtana: 27 October 2008.
  13. "Review of Albedo One issue 31 in SF Crowsnest". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 September 2008.
  14. Editorial, Albedo One issue 12, 1996
  15. "About Albedo 1". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 November 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  16. 1 2 Review of Albedo One issue 32, 2006”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 September 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  17. Full list of the Hugo Awards 2006 Nominations Ballot Curtha i gcartlann 26 Aibreán 2015 ar an Wayback Machine
  18. "Review of The Mammoth Encyclopedia of Science Fiction in The Zone". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 November 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  19. Review of Albedo One issue 25 in Tangent Online
  20. Editorial, Albedo One issue 28, 2004.
  21. "Review of Albedo One issue 29, 2004". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 September 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  22. "Review of Albedo One issue 33, 2007, in BestSF". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 October 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  23. Review of Albedo One issue 34”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 17 May 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  24. "Review of Albedo One issue 30, 2005, in BestSF". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 23 July 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  25. "Review of Albedo One issue 33, 2007". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 8 September 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  26. Review of Albedo One issue 25 in TRS2”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 6 September 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.
  27. The Inaugural Aeon Award, 2004-2005, Albedo One, Issue 31, 2005
  28. Percentage of Aeon Entrants 2006-2007 by Nationality.[nasc briste go buan]
  29. Editorial, Albedo One issue 30, 2005.
  30. "Emerald Eye: Best Irish Imaginative Fiction" (2005). Aeon Press. ISBN 0-9534784-4-0.
  31. "Review of Emerald Eye in Tangent Online". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 30 December 2006. Dáta rochtana: 26 January 2008.
  32. "Forum Response to Review of Emerald Eye in Tangent Online". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 January 2008. Dáta rochtana: 30 October 2008.