Albany, an Astráil Thiar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Albany
Albany

Sráid Eabhrac in Albany

RedDot.png
Suíomh

35°01′ Theas 117°53′ Thoir

Rialtas
Tír: Flag of Australia.svg An Astráil
Stát: An Astráil Thiar
Méara: Milton Evans
Déimeagrafaic
Daonra: 25,196 (2006)[1]
Dlús daonra: 281/km²/km²
Crios ama: AWST (UTC+8)
www.albany.wa.gov.au/

Port agus cathair san Astráil Thiar is ea é Albany (fuaimniú: /ˈælbəni/), atá suite 418 km ó phríomhchathair an stáit, Perth. Sa bhliain 2009, bhí timpeall ar 33,600 daoine ina gcónaí ann, agus mar thoradh is an séú chathair is mó sa stát é. Tá lár na cathrach suite ar imeall thuaidh Calafort Princess Royal, cuid de ‘King George Sound’. Bunaíodh Albany i mí an Eanáir sa bhliain 1829, mar bhunáit mhileata de chuid New South Wales. Thugtaí Frederickstown air in ómos don Phríonsa Frederick, Diúc Eabhrac agus Albany. Is é Albany an bhaile is sine san Astráil Thiar, toisc go raibh sé bunaithe dhá bhliain níos luaithe ná Perth agus Fremantle.

Stair[athraigh | edit source]

Ba iad na Bundúchasaigh Menang Noongar an chéad grúpa ina gcónaí sa cheantar, a bhain úsáid as an ndúiche le linn an samhridh chun iascaireacht agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh. Thugtaí Kingjarling ar an gceantar, nó “áit na báisteach” sa theanga Noongar. Ba iad an chéad taiscéalaithe Eorpacha ná foireann an bháid Ollanach Gulden Zeepaert, le François Thijssen sa bhliain 1627. Sheol siad thar an cósta theas, i dtreo na hAstráile Theas.

Scrúdaigh an taiscéalaí Sasanach George Vancouver an cósta theas arís sa bhliain 1791, agus bháist sé ‘King George Sound’ air. Ba é Albany an áit a rinne sé éileamh ar ‘New Holland’ ar son Choróin na Breataine, ar 27 Meán Fómhair, 1791.

Um Nollaig sa bhliain 1826, tháinig sluaíocht Bhriotanach i dtír ó Sydney ar an Amity, le Major Edmund Lockyer i gceannas, agus bunaíodh bunáit mhileata ann. Tharrtháil Lockyer mná Búndúchasacha ón hóileáin cóngarach, a raibh fuadaithe mar sclábhaithe gnéasacha, le sealgairí rónta ag obair sa King George Sound. Rug sé orthu, agus sheol sé iad chuig Sydney chun trialach. Mar thoradh, bhí ‘corroboree’ ag na Menang Noongar ar a shon.

An Chéad Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Bailíodh báid an Fórsa Impiriúil na hAstráile agus Fórsa Sluaíochta na Nua-Shéalainn (thugtaí ‘na ANZACS’ orthu ina dhiaidh sin) in Albany i ndeireadh Deireadh Fómhair, 1914.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá lár an cathrach suite idir na cnoic Sliabh Melville agus Sliabh Clarence.

Tionscal[athraigh | edit source]

Is iad na príomhthionscail Albany ná turasóireacht, iascaireacht agus talmhaíocht.

Aeráid[athraigh | edit source]

Albany – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 41.7 44.8 40.8 37.7 35.2 24.6 22.8 27.3 30.6 36.2 41.1 42.2 44.8
Meán-uasteocht an lae (°C) 22.8 22.9 22.2 20.8 18.6 16.5 15.7 16.3 17.2 18.4 20.3 21.8 19.5
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 15.1 15.4 14.6 12.7 10.7 9.0 8.1 8.3 9.2 10.4 12.4 14.0 11.7
Teocht is ísle (°C) 7.8 7.2 6.1 4.8 2.4 1.7 0.1 1.6 2.0 3.4 5.6 6.7 0.1
Meán-bháisteach (mm) 24.0 22.9 38.4 69.0 117.4 133.1 144.0 126.2 101.4 79.4 44.6 29.5 930.0
Foinse: Bureau of Meteorology[2] Meán Fómhair 2011

Tagáirtí[athraigh | edit source]

  1. (Béarla) "Daonáireamh 2006 'QuickStats' – Albany (Urban Centre/Locality)", Australian Bureau of Statistics (25 Deireadh Fómhair, 2007).
  2. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Albany", Bureau of Meteorology (30 Meán Fómhair, 2011).