Aki Kaurismäki

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAki Kaurismäki

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fi) Aki Olavi Kaurismäki
4 Aibreán 1957
66 bliana d'aois
Orimattila, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tampere - staidéar ar na meáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreStiúradh scannán agus scríbhneoireacht scannán
Gairmstiúrthóir scannán, stiúrthóir drámaíochta, scríbhneoir scripte scannáin, scríbhneoir scripte, léiritheoir scannáin, eagarthóir scannán, aisteoir, stiúrthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhionlainnis, an tSualainnis agus an Phortaingéilis
Teaghlach
CéilePaula Oinonen Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínMika Kaurismäki
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

IMDB: nm0442454 Allocine: 1358 Allmovie: p96912 TCM: 1088297
Musicbrainz: 9e493bcc-3896-481f-9a3c-9dc43703f9c7 Discogs: 1037610 Allmusic: mn0002175265 Cuir in eagar ar Wikidata

Is stiúrthóir scannán Fionlannach é Aki Olavi Kaurismäki (4 Aibreán 1957 a rugadh é). I measc scannáin eile, tá aithne air mar gheall ar Kauas pilvet karkaavat ('Scamaill i bhfad ar shiúl') (1996), Mies vailla menneisyyttä ('Fear gan stair') (2002), Le Havre (2011) agus Toivon tuolla puolen ('An taobh eile den dóchas') (2017) a bhfuil duaiseanna buaite acu.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó céim a bhaint amach i staidéar ar na meáin ó Ollscoil Tampere, d'oibrigh Kaurismäki mar bríceadóir, mar fhear poist, agus mar niteoir soithí, roimh a shocraigh sé a shuim sa phictiúrlann a leanúint, mar léirmheastóir ar dtús, agus ina dhiaidh sin mar scríbhneoir scripte agus stiúrthóir.[1] Chuir sé tús lena ghairm scannánaíochta mar chomhscríbhneoir agus aisteoir i scannáin a chruthaigh a dheartháir níos sine, Mika Kaurismäki. Bhí an príomhról aige i scannán de chuid Mika, Valehtelija ('An Bréagadóir') (1981). Bhunaigh siad an comhlacht léiriúcháin Villealfa Filmproductions le chéile agus níos déanaí an fhéile scannán Midnight Sun.

Ba é Rikos ja rangaistus ('Coir agus Pionós') (1983) a chéad scannán mar stiúrthóir, cóiriú ar úrscéal Dostoyevsky atá suite i Heilsincí an lae inniu. Bhain sé aird ar fud an domhain le Leningrad Cowboys Go America (1989) agus cuireadh a scannán Ariel (1988) isteach sa 16ú Féile Scannán Idirnáisiúnta i Moscó, áit a bhuaigh sé an Prix FIPRESCI.[2] Is é an scannán is mó cáil Kaurismäki ná Mies vailla menneisyyttä ('Fear gan stair') (2002), a bhuaigh an Grand Prix agus Prix du Jury Œcuménique ag Féile Scannán Cannes 2002.[3]

Ainmníodh an scannán úd do Ghradam Acadaimh sa chatagóir Scannán is Fearr i dTeanga Iasachta i 2003 freisin. Dhiúltaigh Kaurismäki freastal ar an searmanas, áfach, mar agóid in aghaidh ionradh na Stát Aontaithe ar an Iaráic. Ainmníodh an chéad scannán eile de chuid Kaurismäki, Laitakaupungin valot ('Solas sa chlapsholas'), freisin agus rinne Kaurismäki baghcat ar an searmanas arís. Sa bhliain 2002, dhiúltaigh sé cuireadh don Féile Scannán Nua-Eabhrac chun a dhlúthpháirtíocht leis an stiúrthóir Iaránach Abbas Kiarostami a thaispeáint, nár tugadh víosa dó in am don fhéile.[4]

Tá a bhá leis an eite chlé curtha in iúl ag Kaurismäki go minic, ag síniú litir tacaíochta do Pháirtí an Lucht Oibre na Ríochta Aontaithe faoi cheannaireacht Jeremy Corbyn i mí na Nollag 2019,[5] agus ag cáineadh freagairt shochaí na Fionlainne ar Géarchéim imirceach na hEorpa, ag cur síos air mar "smál ar na tíortha Nordacha. Náireach."[6] Ba théama é cás na ndídeanaithe ina scannán deiridh Toivon tuolla puolen ('An taobh eile den dóchas') agus d'fhógair Kaurismäki go raibh sé ag éirí as mar stiúrthóir ina dhiaidh sin.[7]

Stíl scannánóireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú ar Kaurismäki as a stíl íostach. Tugtar auteur air, ós rud é go scríobhann, go stiúrann, go léiríonn agus go n-eagraíonn sé a chuid scannáin de ghnáth, agus mar sin fágann sé a lorg fhuarchúiseach shainiúil orthu. Tá clú agus cáil ar an ndialóg gonta, cuireann a charachtair iad féin in iúl gan maisiú, díreach agus i dteanga dhian chaighdeánach, gan mórán mothúchán ná drámaíochta a léiriú.

Dar cur síos ag Roget Ebert, is gnách go seasann na haisteoirí agus an ceamara go socair, gan a lán gluaiseachtaí casta. Ní dhéanann a charachtair miongháire; sméideann siad a gcinn go brónach agus caitheann siad tobac de shíor; bíonn siad ag súil leis an rud is measa ach, fós féin, tá lúcháir orthu agus tá greann domhain ann atá níos saibhre ar fad mar go n-eascraíonn sé ó nádúr an duine agus ó áiféiseach an tsaoil, in ionad a bheith ag brath ar charúil agus jócanna follasacha.[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Kumar, Arun (17 Nollaig 2019). "10 Essential Aki Kaurismaki Films".
  2. "MIFF". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-03-16. Dáta rochtana: 2022-02-17.
  3. "Festival de Cannes: The Man Without a Past".". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-10-10. Dáta rochtana: 2022-02-17.
  4. Celestine Bohlen (1d Deireadh Fómhair 2002). "One Visa Problem Costs a Festival Two Filmmakers".
  5. "Vote for hope and a decent future". Dáta rochtana: 3ú Nollaig 2019.
  6. Terrence Rafferty. "The Finnish Director Making the Most-Interesting Movies About Immigration".
  7. "Legendary filmmaker Aki Kaurismäki: There will be no more films".
  8. Roger Ebert (27ú Meitheamh 2003). "The Man Without a Past". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-15. Dáta rochtana: 2022-02-18.