Aistriú de dhroim sreinge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Aistriú leictreonach airgid ó bhanc go banc is ea aistriú de dhroim sreinge[1],aistriú bainc, aistriú díreachríomhaistriú go minic. Seachnaíonn ríomhaistriú an mhoill postála agus seicghlanta a bhaineann le modhanna eile aistrithe airgid. Trí ríomhaistriú a dhéantar íocaíochtaí an chuid is mó inniu.

aistriú airgid thirim fadó

San Aontas Eorpach inniu, tairgeann SSI (Soláthraithe Seirbhísí Íocaíochta) siopaí agus seirbhísí ar líne chun glacadh le híocaíochtaí leictreonacha trí bhíthin modhanna éagsúla íocaíochta, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, íocaíochtaí banc-bhunaithe amhail dochar díreach, aistriú bainc, agus aistriú bainc fíor-ama atá bunaithe ar bhaincéireacht ar líne.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ""aistriú de dhroim sreinge"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-08-22.
  2. Banc Ceannais na hÉireann (2018). "Tuarascáil Bhliantúil 2018, lch 169". Dáta rochtana: 2020.