Aiséirí (leabhar)
Cuma
(Athsheolta ó Aiséirí (Leabhar))
| Cineál | saothar liteartha |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Alex Hijmans |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Foilseachán | 2011 |
| Foilsitheoir | Cois Life |
| Seánra | úrscéal |
Aiséirí an t-ainm don chéad úrscéal ó pheann Alex Hijmans, foilsithe ag Cois Life sa bhliain 2011. An tréimhse a raibh an t-údar ina bhainisteoir ar theach caife, Bananaphoblacht, i gcathair na Gaillimhe a spreag an t-úrscéal seo, ach is ficsean atá sa leabhar seachas dírbheathaisnéis.
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a théann bean óg as an Ísiltír, Rebekka, ag obair sa teach caife 'Aiséirí' i gcathair na Gaillimhe, athraíonn a saol ó bhonn. Ealaíontóir í, ach de réir a chéile cailleann sí í féin in obair an chaife. Teaghlach cathrach comhaimseartha, idirnáisiúnta, soghluaiste atá i bpobal 'Aiséirí' agus is ina measc siúd a chaitheann sí léargas níos iomláine a fháil uirthi féin agus ar an méad a thug go Gaillimh an chead uair í.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- www.alexhijmans.com suíomh an údair.
- https://www.coislife.ie/ Curtha i gcartlann 2017-10-29 ar an Wayback Machine suíomh fhoilsitheoirí an leabhair.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoi leabhar nó litríocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |