Jump to content

Airchinneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmAirchinneach
Cineál fostaíochta
bailitheoir cánach

Maor oidhreachtúil tailte eaglaise sa Mheánaois ab ea an t-airchinneach[1] (Sean-Ghaeilge: airchinnech, Laidin: princeps[2][3] Béarla: erenagh) a bhí freagrach as ioncam an pharóiste a fháil ó dheachú agus ó chíosanna, as maoin eaglaise a thógáil agus a chothabháil agus as maoirsiú a dhéanamh ar thailte an tearmainn a ghin ioncam an pharóiste. Mar sin bhí ról an phreibindire aige. I dtosach, bhí corann ar an airchinneach ach níor ghlac sé le hord beannaithe eile; bhí glór aige sa Chaibidil nuair a chuaigh siad i gcomhairle faoi ioncam, d'íoc sé cíos bliantúil leis an Easpag agus fíneáil ar phósadh gach iníon. Is iondúil go raibh an ról faighte aige le hoidhreacht ó ghlúin go glúin i dteaghlaigh áirithe i ngach paróiste. Tar éis an Reifirméisean agus Díscaoileadh na Mainistreacha comhchuimsíodh ról an aircheannaigh i bhfreagrachtaí na n-easpag i ngach paróiste.[4]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "airchinneach". teanglann.ie. Dáta rochtana: 13-05-2026.
  2. "Early Christian Ireland" (2000-11-30). Cambridge University Press.
  3. Charles-Edwards (2000-11-30). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press. ISBN 9780521363952.
  4. Erenaghs in Pre-Plantation Ulster: An Early Seventeenth-Century Account. Henry A. Jefferies, Archivium Hibernicum.