Aircéabaictéir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ríocht nua-aitheanta orgánach a chuimsíonn na baictéir a tháirgeann meatán (meatánaiginí). Éagsúil ó na fíorbhaictéir is na horgánaigh uile níos forbartha (na heocaróit, le cealla ina bhfuil núicléas scoite taobh istigh dá scannán féin sa chíteaplasma) maidir le cuid mhaith saintréithe, cosúil lena n-aigéid ribeanúicléasacha, a gcórais einsímí, agus a gconairí meitibileachta. Is féidir gur baill dheireanacha iad de na foirmeacha is seanda beatha atá ar eolas, agus go raibh siad beo ar Domhan níos mó ná 3,000 milliún bliain ó shin.