Air France Eitilt 447
| ||||
| Cineál | timpiste eitlíochta | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 1 Meitheamh 2009 | |||
| Suíomh | an tAigéan Atlantach | |||
| Aerárthach | Airbus A330-200 (en) | |||
| Pointe imeachta | Rio de Janeiro/Galeão – Antonio Carlos Jobim International Airport, An Bhrasaíl (en) | |||
| Críochphointe | Paris-Charles de Gaulle Airport, An Fhrainc (en) | |||
| Oibreoir | Air France | |||
| Clárú aerárthach | F-GZCP | |||
| Eitilt | AF447 | |||
| Cúis | mechanical failure (en) pilot error (en) | |||
| Líon básanna | 228 | |||
| Líon na marthanóirí | 0 | |||
| Imscrúduithe ag | Gendarmerie nationale agus Bureau of Enquiry and Analysis for Civil Aviation Safety (en) | |||
Ar an 1 Meitheamh 2009, thuairt eitleán A330 de chuid Air France, AF Eitilt 447, san Aigéan Atlantach agus í ar a bealach go Páras as Rio de Janeiro [1]
Maraíodh 228 duine in iomlán, triúr Éireannach ina measc.Maraíodh gach uile dhuine a bhí ar bord an eitleáin, triúr dochtúirí óga as Éirinn ina measc. B'in iad Aisling Butler, 26 bliain, as Ros Cré, Co Thiobraid Árann; Jane Deasy, 27 bliain, as Baile Átha Cliath; agus Eithne Walls, 28 bliain, as Béal Feirste.[2]



Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní bhfuarthas taifeadáin an eitleáin go ceann dhá bhliain i ndiaidh na tubaiste. In 2012 chinn imscrúdaitheoirí eitlíochta gur earráidí a rinne na píolótaí ba chúis leis an tubaiste.
Mar sin féin, dúradh gur cuireadh na píolótaí dá dtreoir mar gheall ar fhabht a bhí sa trealamh monatóireachta luais.[2]
Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]2021
Sa bhliain 2021 cuireadh Airbus agus Air France ar a thriail faoi dhúnorgain neamhdheonach. Phléadáil an dá chomhlacht neamhchiontach sa chúis choiriúil, arbh é fíneáil €225,000 an pionós ba dhéine a d'fhéadfaí a ghearradh orthu faoi.[2]
2023
Ar 17 Aibreán 2023, i gcúirt choiriúil sa Fhrainc, fuarthas an comhlacht déantúsaíochta eitleán Airbus agus an aerlíne Air France neamhchiontach i ndúnorgain neamhdheonach i dtaca leis an tubaiste.[3] Rialaigh an chúirt nach bhféadfaí a chruthú gur ar Airbus ná ar Air France a bhí an milleán faoin tubaiste.
Cé gur ghlac an chúirt leis go raibh faillí i gceist dúirt an breitheamh nárbh ionann sin agus freagracht gan agó nó freagracht choiriúil. Ní leor nasc cúisíoch dóchúil le cion a chruthú, a dúirt an breitheamh.[2]
2025
Ba léir ón tús go raibh freagracht shibhialta ar Airbus agus Air France. Cuireadh tús le imeachtaí sibhialta ar an 29 Meán Fómhair 2025. Sa triail seo, bhí dlíodóirí theaghlaigh na marbh ag féachaint le cur ina luí ar an gcúirt go raibh baint dhíreach ag an bhfaillí úd leis an tubaiste.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Crash du vol Rio-Paris : Airbus et Air France relaxés" (fr). Le Monde.fr (2023-04-17). Dáta rochtana: 2023-04-17.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2023-04-17). "Comhlachtaí faighte neamhchiontach maidir le tubaiste eitleáin" (as ga).
- ↑ Kim Willsher (2023-04-17). "Air France and Airbus cleared of involuntary manslaughter over 2009 crash" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-04-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-29). "Triail nua faoi thubaiste eitleáin in 2009" (as ga-IE).
