Jump to content

Ainmhí clapsholais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Photo of a red fox standing outdoors among forest understory
Sionnach ar chrónú na hoíche
Photo of a cat sitting on a balcony ledge. Its coat is grey with black stripes and some white in its undercoat.
Cat tí faoi sholas íseal

Is ainmhí clapsholais é ainmhí sa zó-eolaíocht a bhíonn gníomhach le linn thréimhse an chlapsholais go príomha:[1] is ionann sin agus a bheith maidiniúil (i. gníomhach um bhreacadh an lae), feascrach (i. gníomhach um chrónú na hóiche), nó an dá rud. Déantar idirdhealú idir seo agus iompar laethúil agus oíchiúil, áit a mbíonn ainmhí gníomhach i rith uaireanta an lae agus na hoíche faoi seach. D’fhéadfadh roinnt ainmhithe clapsholais a bheith gníomhach faoi sholas na gealaí nó i rith lae scamallaigh, faoi dhálaí ísealsholais.

Bíonn tionchar ag roinnt fachtóirí ar an am den lá a bhíonn ainmhithe gníomhach. Seilgeann creachadóirí nuair a bhíonn a gcuid creiche ar fáil agus déanann creach iarracht na hamanna a mbíonn a bpríomhchreachadóirí i mbun seilge a sheachaint. D’fhéadfadh an teocht a bheith ró-ard ag meán lae nó ró-íseal san oíche.[2] D’fhéadfadh roinnt créatúir a ngníomhaíochtaí a choigeartú ag brath ar iomaíocht áitiúil.

  1. ↑ “Glossary”. North American Mammals. Smithsonian. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-25. Dáta rochtana: 2017-07-16.
  2. ↑ "Crepuscular". Macmillan Science Library: Animal Sciences. Macmillan Reference. 2001–2006. Aisghafa 2011-07-11.