Aindrias Ó Baoighill
Rugadh Aindrias Ó Baoighill (7 Aibreán 1888–17 Márta 1972) ag Maol na Mine Beag, Co. Dhún na nGall, d'Owen Boyle, feirmeoir, agus do Mháire Boyle. De réir an teastais shibhialta, phós siad ar na Gleanntaí ar an 14 Deireadh Fómhair 1879, tráth a raibh Owen 24 bliana d'aois agus Máire 20 (?). Ba as Maol na Mine do Owen, agus ba é Paddy Boyle a athair; ba as an tSrath Uachtair do Mháire, agus ba é Andy Boyle a hathair.
Ar an taifead eaglasta den phósadh, tá gach rud mar an gcéanna, ach amháin sonraí an fhir: Joannis Boyle ó Ghort na Saileach (nó Gort na Muclach?), agus ba é Jacobus Boyle as an áit chéanna a athair. Tá sonraí na mná mar a bhí siad sa taifead sibhialta, ina measc gur as an tSrath Uachtair í, áit atá ar an mbealach ó Árd an Rátha go Tamhnach an tSalainn. Ach deirtear in áit eile gur as Mín an Leargáin máthair Aindriais, áit atá níos cóngaraí do Mhaol na Mine Beag, agus áit a raibh fear darb ainm Andrew Boyle pósta ar Anna De Ward; baisteadh triúr iníonacha dóibh idir 1867 agus 1873, ach ní raibh Máire ar bith ina measc. Tá amhras ann, mar sin, faoi chruinneas na sonraí seo ar fad.
Bíodh sin mar atá, bhí comhnaí ag Owen agus Mary i Maol na Mine Beag, agus bhí Aindrias ar an cheathrú duine de aon duine dhéag teaghlaigh.
Cúis mhearbhaill eile is ea áit a bhreithe. “Carbad” a thugadh sé féin ar an áit seo — mar shampla, ina chuid alt ar An tUltach, nó ba mhinic é ag trácht ar na hardáin, na carraigeacha agus na beanna a chleacht sé ina óige. D’inis sé, mar shampla, mar ar thug a sheanathair é go barr an Chnoic Dhuibh — “siubhal fiche bomaite ón teach” — go bhfeicfeadh sé thíos uaidh an chéad traein ag teacht thart na Beanna Buidhe, ag tarraingt ar na Gleanntaí, i Mí an Mheithimh 1895. “Carabut, Glenties” an seoladh a thug sé i litir a chuir sé chuig Pádraig Mac Piarais ar 12 Nollaig 1903. Anois, ní baile fearainn é Carbad, ach is é a thugann muintir na háite ar an gcuid is mó (ar a laghad) de Mhaol na Mine Beag, agus de réir cosúlachta ar chuid de Ghort na Saileach.