Jump to content

Aighneas an bhreosla 2026

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAighneas an bhreosla 2026
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálagóid Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid de2026 Iran war fuel crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 Aibreán 2026 - 
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisprice of oil (en) Aistrigh
cost of living (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

I mí Aibreáin 2026 eagraíodh agóidí ar fud na hÉireann i gcoinne an chostais breosla a bhí ag ardú.[1] Ní raibh aon súil ag an rialtas roimh ré leis an ngéarchéim fuinnimh, ná tuiscint acu ar an gcumarsáid a thabharfadh le fios go dtabharfaí faoiseamh go luath do dhaoine a bhí i gcruachás.[2]

Chuir idir thiománaithe trucailí, fheirmeoirí, agus oibrithe eile bacainní ar bhóithre na tíre ar feadh sé lá agus chuir siad cosc ar an iompórtáil ag calafoirt. D’fhág a ngníomhartha gur triomaíodh beagnach míle stáisiún peitril ar fud na tíre.[3]

D’éiligh roinnt agóideoirí go gcuirfeadh an rialtas uasteorainn ar phraghas an díosail agus go gcuirfí deireadh leis an gcáin charbóin.

BÁC, 10 Aibr 2026
BÁC, 10 Aibr 2026
Scaglann an Gheata Bháin
lárionaid dáileacháin ola i bhFaing, Calafort Faing

Mar thoradh ar an gcogadh sa Mheánoirthear, bhí praghsanna díosail agus peitril ag ardú go mór, agus Caolas Hormuz fós dúnta. Tháinig ardú 68% ar ola théite idir mí Feabhra agus mí an Mhárta, ardú 18% ar dhíosal agus ardú 8% ar pheitril.[4] Tháinig 1.8% d'ardú ar an meán ar phraghsanna do thomhaltóirí sa chéad choicís de mí Aibreáin, de réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Tháinig ardú de 11.1% ar phraghsanna fuinnimh i gcaitheamh an achair sin, nach údar iontais é i bhfianaise na corraíola sa Mheánoirthear.[5]

Is ar Facebook agus ar TikTok a beartaíodh agus a fógraíodh blocáil na mbóithre. Fiú sula ndeachaigh an ghéarchéim in olcas, ba léir an chontúirt a bhí ag bagairt ar an ngeilleagar agus ar an gcóras polaitiúil. Ba léir chomh maith tosca nár chóir do rialtas ar bith ná do pháirtí polaitiúil freagrach ar bith a chur i leataobh agus comhréiteach á lorg acu.[2]

Dé Máirt, 7 Aibreán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh blocáil na mbóithre ar an 7 Aibreán. Tháinig trucailí agus tarracóirí isteach i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus lean na hagóidí ar aghaidh thar oíche agus sna laethanta ina dhiaidh sin. Rinneadh "carrchlós" de Shráid Uí Chonaill.[6] Bhí tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair. Níor thóg sé ach lá amháin ar an lucht blocála smacht de réir a dtola a bhaint amach ar bhóithre na tíre.[7]

Dé Céadaoin, 8 Aibreán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta ar fud na tíre in aimhréidh de bharr imshuí ag an lucht agóide.[8]

Thug an rialtas le fios go moch go gcuirfí an t-arm i mbun dí-bhlocála dá mba ghá. Ainneoin rabhadh moch maidine an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan áfach níor facthas an t-arm in aon áit an lá sin (ach amháin feithiclí míleata a bhí ar a mbealach chun traenála) ná an lá dár gcionn ach oiread.

Níor theastaigh ach dhá lá chun a thaispeáint go raibh an bonn bainte d’údarás an rialtais ag an lucht blocála.[9]

Dé Déardaoin, 9 Aibreán

[cuir in eagar | athraigh foinse]
An tancaeir "Thun Gemini"; ní raibh sí in ann a lastas a dhíluchtú ag lárionaid dáileacháin ola Circle K i nGaillimh. Bhí an taincéir ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach rabhthas ábalta a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe.

Tar éis trí lá bhí caidéil na ngaráistí ag dul i ndísc mar gheall ar bhlocáil scaglann ola an Gheata Bháin i gCorcaigh agus na lárionad dáileacháin ola i nGaillimh agus i bhFaing. Sa nGeata Bán, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardaí agus lucht an imshuí ar feadh tamaill. Bhí Calafort na Gaillimhe blocáilte ag thart ar dhá scór agóideoir.[8][10]

Cé go raibh rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, chuir na hagóidí tráchta ar fud na hardchathrach an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear. Bhí iliomad tuairiscí déanta faoi scuainí fada ag stáisiúin bhreosla agus faoi gharáistí nach bhfuil aon bhreosla fágtha iontu.[11]

D'iarr na Gardaí ar Óglaigh na hÉireann cuidiú leo feithiclí móra a bhaint de na sráideanna.[12] Ach bhí amhras léirithe ag saineolaithe go bhfuil a ndóthain de na feithiclí cuí acu chun na feithiclí ar fad a bhaint, agus gur cheart díriú ar phriarachtaí áirithe, Scaglann Ola an Gheata Bhain, cuir i gcás.[13] (Scaipeadh íomhánna ar na meáin shóisialta d'Óglaigh na hÉireann agus tugadh le tuiscint gur pictiúir a bhí iontu de na Fórsaí Cosanta ag ullmhú le dul amach ar shráideanna na tíre. Ach dheimhníodh gur glacadh na pictiúir sa Liobáin).

Dé hAoine, 10 Aibreán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ganntanas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát. Bhí na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. De bharr nach raibh aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, ní raibh aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile. Bhí lastais ola a chur ó dhoras in Éirinn tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid.

Bhí lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla an lá dár gcionn.[14]

D'fhreastail "ionadaithe" na mblocálaithe ar chainteanna leis an rialtas . Tugadh ‘ionadaithe’ ar dhaoine nach raibh ionadaíoch ar eagraíocht ná ar chumann ar bith.[2] Ba léir áfach nach raibh comh-aidhmeanna, gan trácht ar chomh-ionadaithe, ag na daoine a bhí páirteach.[15]

Thug an Taoiseach le fios go raibh cuairt trádála, a bhí beartaithe aige féin agus ag cúigear airí rialtais, a thabhairt ar Cheanada curtha ar ceal.

Mhaígh an lucht agóide go bhfuil a n-ioncam agus a ngnónna go mór i mbaol de bharr na n-arduithe agus nach féidir leo maireachtáil i bhfianaise na n-arduithe ar chostais fuinnimh.[13]

Dúirt daoine éagsúla a bhí i mbun blocála gur laghdú ar cháin bhreosla a theastaigh uathu. D’iarr cuid acu laghdú nó cealú iomlán ar cháin charbóin. Dúirt daoine eile gur uasteorainn (nó ‘cap’ mar a thug siad air) ar phraghsanna breosla a theastaigh uathu – socrú a chiallódh, dá gcuirfí i bhfeidhm é, nach mbeadh smacht feasta ag an rialtas ar an méid a theastódh chun praghas na hola a choimeád faoin uasteorainn.[9]

Thug pobal feirmeoireachta rabhadh go n-ardóidh praghas an bhia má leanann ardú praghsanna, mar gheall ar úsáid breosla san fheirmeoireacht.

Ar an 12 Aibreán, d’fhógair an Rialtas pacáiste ar fiú €505 milliún é le dul i ngleic leis an ngéarchéim bhreosla, dírithe ar fheirmeoirí, ar chonraitheoirí, agus ar chomhlachtaí iompair agus ar chomhlachtaí busanna.[3] Ar an 13 Aibreáin, bhí roinnt mhaith stáisiúin peitril gan aon soláthar. Ach bhí an soláthar as calafort Bhaile Átha Cliath ag dul i dtreo an ghnáthleibhéil.[16][17]

B'iad na bearta a bhí leagtha amach ag an Rialtas ná síneadh a chur leis an laghdú ar an dleacht mhál ar pheitreal, díosal agus díosal glas ó dheireadh mhí na Bealtaine go deireadh mhí Iúil agus an cháin ar ola mhianrach a laghdú 10c/L ar dhíosal agus peitreal agus 2.4c/L ar dhíosal glas. Cuireadh ardú ar an gcáin charbóin siar go dtí go bhfógrófar an Cháinaisnéis. Tháinig feidhm ar an 14 Aibreá leis na ciorruithe ar dhleachta breosla.[18]

Bhain aighneas an bhreosla siar as páirtithe an Rialtais agus na neamhspleácha a thacaíonn leo. Mhaígh Sinn Féin gur sheas an páirtí le gnáthdhaoine fud fad na tíre, ina n-agóid in aghaidh phraghasanna arda bhreosla.[19]

Ar an 14 Aibreán, bhí rún muiníne faoi na hagóidí breosla buaite ag an Rialtas ach d'éirigh Michael Healy-Rae as mar Aire Stáit. [20]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ I mBéarla, 2026 Irish fuel protests
  2. 1 2 3 Cathal Mac Coille (11 Aibreán 2026). "Tá dochar polaitiúil agus eacnamúil déanta ag aighneas an bhreosla agus mórcheachtanna le foghlaim dá bharr" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-12.
  3. 1 2 Maitiú Ó Coimín (13 Aibreán 2026). "‘Níor bhuaigh lucht agóidíochta breosla ar an Rialtas’ – an tAire Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-13.
  4. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-09). "Agóidí Breosla: Cúnamh Óglaigh na hÉireann lorgtha" (as ga-IE).
  5. ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-30). "1.8% d'ardú ar phraghsanna sa chéad choicís de Mhárta" (as ga-IE).
  6. ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (11 Aibreán 2026). "Nuacht Mhall (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-04-12.
  7. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-07). "BÁC calctha agus moill ar thrácht go náisiúnta ag agóid breosla" (as ga-IE).
  8. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-10). "An rialtas le bualadh le hionadaithe an lucht agóide" (as ga-IE).
  9. 1 2 Nuacht RTE (2026-04-08). "Tá na hagóidí breosla "mícheart" a deir an Taoiseach" (as ga-IE).
  10. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-09). "Fainic ar an lucht agóide gan infreastruchtúr sláinte a bhlocáil" (as ga-IE).
  11. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-09). "Agóidí breosla pléite ag an nGrúpa Comhordaithe Éigeandála" (as ga-IE).
  12. ↑ Maitiú Ó Coimín (9 Aibreán 2026). "‘An dlí ina iomláine’ le cur i bhfeidhm ar lucht agóide a dhiúltóidh a bhfeithiclí a bhogadh – An Garda Síochána" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-13.
  13. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-09). "Agóidí Breosla: Cúnamh Óglaigh na hÉireann lorgtha" (as ga-IE).
  14. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-10). "Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla" (as ga-IE).
  15. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-10). "Cainteanna ar bun, bearta á réiteach ach agóid fós ar bun" (as ga-IE).
  16. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-13). "Agóidí na maidne ar mhórbhóithre imithe anois" (as ga-IE).
  17. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-13). "'Tamall maith' sula mbeidh an soláthar breosla ar ais ina cheart" (as ga-IE).
  18. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-15). "Breosla le saoirisiú de thoradh ciorruithe ar dhleachta" (as ga-IE).
  19. ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-13). "Vóta mímhuiníne ag tarraingt plé ar dhá thaobh na Dála" (as ga-IE).
  20. ↑ "Rún muiníne faoi na hagóidí breosla buaite ag an Rialtas ach Michael Healy-Rae ag éirí as mar Aire Stáit" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-04-14). Dáta rochtana: 2026-04-14.