Jump to content

Aighneas Cambóid - Téalainn 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAighneas Cambóid - Téalainn 2025
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 14° 24′ N, 104° 41′ E / 14.4°N,104.68°E / 14.4; 104.68
Cineálborder conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse28 Bealtaine 2025 - 
Suíomhteorainn idir an Chambóid agus an Téalainn Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Codanna

Tharla coimheascar teorann idir an Chambóid agus an Téalainn le linn 2025, aighneas Cambóid - Téalainn 2025. Thosaigh ar an 28 Bealtaine 2025 agus tháinig sos comhraic i bhfeidhm ar an 28 Iúil 2025 gan mórán athraithe ar an scéal seachas gur bhásaigh 20 saighdiúir ón dá arm agus thart ar an méid céanna sibhialtach sa dá thír. Chomh maith leis sin bhí beagnach 300,000 sibhialtach ón dá thír díláithrithe óna gceantair dhúchais in aice leis an teorainn. Ní hé seo an chéad uair a thug an dá thír seo faoina chéile agus is léir go bhfuil an scéal fós mar ábhar conspóide eatarthu.

25 Iúil: Fógra na Téalainne sna Náisiúin Aontaithe

Téann an choimhlint siar go conradh idir Impireacht na Fraince agus Ríocht Siam (seanainm ar an Téalainn) sa bhliain 1904. Bhí an Fhrainc tar éis a gcoilíneacht, an Ind-Sín, a bhunú agus bhí siad tar éis críocha suntasacha a shlogadh ó Riocht Siam.

Is ón gconradh seo a thagann an teorainn idir an Téalainn agus an Chambóid, agus a bhain an Chambóid ar ais a neamhspleáchas flaitheasach, theastaigh ó na Téalannaigh an teorainn “a cheartú”, dar leo.[1]

Is iad na ceantair a bhfuil aighneas fúthu ná Sraith Theampall Ta Muen Thom, Dúiche Mom Bei in aice le Laos, Dúiche Chong Ahn Ma, Sliabh Phu Makeua, agus Teampall Praset Ta Krabey. Cé nach bhfuil aon chur amach ag muintir an domhain lasmuigh de na tíortha seo ar na ceantair seo, tá suntas straitéiseach nó cultúrtha ag baint leis na háiteanna a bhfuil faoi aighneas ann fúthu.[1]

Cleachtann an dá thír an chraobh Theraveda den chreideamh Búdaíoch, agus éilíonn siad flaitheas ar na teampaill atá ar an teorainn eatarthu. Labhraítear Ciméiris sa Chambóid agus Téalainnis sa Téalainn, agus baineann siad leas as a gcórais scríofa féin. Tá stair agus cultúr casta agus seanbhunaithe ag an dá thír. Tá stair an fhlaithis ag an dá thír seo a shíníonn siar na cianta agus ba mhinic iomaíocht stairiúil eatarthu.

Tá sé suntasach nach ndearnadh coilíneacht de Siam (an Téalainn inniu) agus le linn an Chogaidh Fhuair bhí siad ina gcomhghuaillithe móra leis na Stáit Aontaithe. I gcás na Cambóide bhí siad faoi riail na Fraince ó na 1860í go 1953, tar éis don Vítneam Arm na Fraince a scrios i gCath Điện Biên Phủ.

Tar éis tréimhse chorraitheach tháinig an Khmer Rouge i gcumhacht ó 1975 go 1979 agus rinne siad cinedhíothú ar chuid mhaith dá bpobal féin, ceathrú den daonra, dhá mhilliún duine. Is iad na Vítneamaigh a chuir deireadh leis an réimeas seo agus tháinig cumannach darbh ainm Hun Sen i gcumhacht, atá fós ar dhuine cheannairí na tíre.[1]

26 Iúil: Ráiteas de chuid Trump ar TruthSocial

Nuair a chuirtear arm, armlón agus fearas míleata, daonra, acmhainní agus saibhreas náisiúnta an dá thír i gcomparáid le chéile tá an Téalainn chun tosaigh, ach ní mar a shíltear a bhítear ar an láthair chatha. Cé go bhfaigheann na Téalannaigh cúnamh míleata suntasach ó na Stáit Aontaithe, níor éirigh leo in 2025 an lámh in uachtar a fháil ar na Cambóidigh den chuid is mó sna ceantair faoi chonspóid eatarthu. Is léir go bhfuil seanchleachtadh ag na Cambóidigh ar an troid mar a léiríonn a stair chorraitheach agus Hun Sen ina cheannaire éifeachtach acu.

Ní raibh go hiomlán soiléir go raibh capall áirithe sa rás ag na Meiriceánaigh sa choimhlint seo, ach chuir siad a ladar isteach sa réigiún seo sa stair. Bhí idirghabháil pholaitiúil agus idirbheartaíocht idirnáisiúnta ó pháirtithe neamhleasmhara agus iontaofa riachtanach chun teacht ar réiteach faoi úinéireacht na gceantar atá faoi chonspóid.[1] Chuir Donald Trump a ladar isteach sa chomhrá ar an 26 Iúil 2025; d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe ar ardán “Truth Social' go raibh sé tar éis labhairt leis na ceannairí (príomh-Aire Hun Mane na Cambóide agus Phumtham Wechayachai na Téalainne). Mhaígh Trump go gcuirfeadh sé deireadh le comhaontuithe trádála má leanfadh siad ar aghaidh leis na coimheascair. Tháinig sos lámhaigh i bhfeidhm dhá lá níos déanaí, ar an 28 Iúil 2025

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 4 Cathal Ó Murchú (2025-08-01). "An Chambóid agus an Téalainn in adharca a chéile – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-04.