Aigéad nicitíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Vitimín B atá tábhachtach i dtáirgeadh fuinnimh taobh istigh de chealla. Bíonn sé ann i bhfoirm nicitínimíde go ginearálta, agus is féidir é a shintéisiú ón aimínaigéad tripteafan, ach ag ráta íseal. Mar sin féin, luaitear a leibhéal i mbianna ina choibhéis aigéid nicitínigh (aigéad nicitíneach + 0.017 tripteafan). Bíonn aigéad nicitíneach i láthair i ngránbharra mar niacaitín, foirm atá neamhghníomhach sa bhitheolaíocht. Éiríonn sé infhaighte nuair a théitear an gránbharr le haol, nós a ghlac na hIndiaigh i Meiriceá Theas chucu féin agus a chuir bac ar pheallagra.