Aigéad mailéach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

C4H4O4, a leáphointe 139 °C. Isiméir gheoiméadrach de chuid aigéid fhúmaraigh, ach ós rud é go bhfuil na grúpaí carbocsaile ar an taobh céanna den nasc dúbailte, foirmíonn sé nasc inmheánach hidrigine, mar a léiríonn an fhoirmle thuas. Mar sin, is lú go mór a leáphointe ná leáphointe an aigéid fhúmaraigh. Cruthaíonn sé ainhidríd go héasca trí mhóilín uisce a chailliúint, agus ansin cruthaíonn móilín fáinne.