Aided Diarmada meic Fergusa Cerrbeoil
Scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe is ea Anbhás Dhiarmada mhic Fhearghais Chiorrbheoil (Sean-Ghaeilge: Aided Diarmada meic Fergusa Cerrbeoil).[1]
Is é príomhábhar an scéal seo ná an caidreamh idir rí (an stát) agus naoimh (an eaglais) ag an teorainn i nÉirinn na 6ú haoise idir an phágántacht agus an Chríostaíocht.
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Diarmaid ar díbirt ag Tuathal Maolgharbh ar Loch Riabh. Tháinig Ciarán mac an tSaoir chun eaglais a bhunú. Rinne Ciarán tuar go mbeadh Diarmaid ina rí. Maraíodh Tuathal ag comhalta Dhiarmada, Maol Mór ua hEadhra, agus d'éirigh ina rí. Thug Diarmaid mar bhuíochas machaire Chnoc Bracáin mar fhód altóra do Chiarán, cé go raibh Flann Fionn mac Díoma ina chónaí ann cheana. Mharaigh Diarmaid é de goin, bá agus loscadh. Rinne Ciarán tuar go mbásódh Diarmaid mar an gcéanna.
Bhí Diarmaid tréimhse fhada ina dhiaidh sin ina rí ar Éirinn. I dTeamhraigh tráth, bhí fleadh ag Diarmaid agus Mughain lámh leis, Mughain máthair Aodha mhic Dhiarmada agus ag iompar Aodha Sláine. Tháinig ansin Suibhne mac Colmáin Mhóir lena lucht coimhdeachta. Rinne Beag mac Dé tuar go mbásódh Aodh Sláine Suibhne, agus ansin rinne sé tuar beacht conas a mbásófaí Diarmaid ag Aodh Dubh mac Suibhne, a mhac altrama. Dá bharr, chuir Diarmaid Aodh Dubh ar díbirt go hAlbain.
Chuaigh Diarmaid tráth go teach Aodha Ghuaire, a mharaigh giolla an gha agus a éalaigh ansin go críoch Mhúscraí ar choimirce an easpaig, Seanach, agus ansin go Ruadhán i Lothra, áit a rug Diarmaid ar Aodh le tréan urra. Bhí achrann agus mallachtaí idir Diarmaid agus na naoimh le tamall fada, sula rinneadh síocháin eatarthu faoi dheireadh.
Comórtar Feis Teamhrach le Diarmaid ina dhiaidh sin, ach maraíodh fear ag Curnán mac Aodha mhic Eachach Thirmcharna (as na Connachta), a chuaigh faoi choimirce Cholm Cille. Maraíodh ag an rí é, áfach. Thionóil Colm Cille Uí Néill an Tuaiscirt chun díoltas a bhaint amach, ach rinne Fraochán mac Thineasáin, draoi Dhiarmada, fál idir an dá shlua. Briseadh ar Dhiarmaid sa deireadh, ámh.
Ar ais i dTeamhraigh, d'iarr Dhiarmaid ar Bheag mac Dé arís conas a bhfaigheadh sé bás agus céard a tharlódh dá ríocht ina dhiaidh. Tar éis seo, tháinig Colm Cille agus d'éag Beag mar a tuaradh. Chuir Diarmaid ansin an cheist chéanna ar a dhraoithe féin, agus d'inis siad roinnt sonraí ag teacht le Beag mac Dé.
Tháinig Samhain ar ais arís, agus fuair Diarmaid bás dteach mar a tuaradh: faoi lámh Aodha Dhuibh, i dtigh Bhanbháin, brughaidh, fallaing ó aon síol lín uime, leann aon ghráinne ina chorn agus saill muice nár rugadh riamh ar a mhias aige, eirleach imeartha air ag a naimhde, maide mullaigh (ochtach) an tí tite ar a chionn.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Eagrán agus aistriúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eagrán, Béarla: Ó Grádaigh, Anéislis (1892). "Silva Gadelica, Iml. I": 72-82. Londain: Williams and Norgate., "Iml. II" : 76-88.
- NuaGhaeilge: McCone, Kim & Ó Fiannachta, Pádraig (1992). "Scéalaíocht ár Sinsear": 95-104. Maigh Nuad: An Sagart.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aided Diarmada meic Fergusa Cerrbeoil ar Irish Sagas Online (ISO)
- Aided Díarmata meic Cerbaill, Athleagan I, ar CODECS
- Aided Díarmata meic Cerbaill, Athleagan II, ar CODECS
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Aided Diarmada meic Fergusa Cerrbeoil". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 13-04-2026.
- ↑ "Aided Diarmada meic Fergusa Cerrbeoil - Online sources". Irish Sagas Online. Dáta rochtana: 13-04-2026.
- ↑ "Aided Diarmata meic Cerrbaill". MsOmit17, CELT. Dáta rochtana: 13-04-2026.