Jump to content

Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh
Sonraí
Cineálspecialised classification scheme (en) Aistrigh
caighdeán teicniúil Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna
Na trí rannta den chóras NUTS forbartha ag Eurostat

Is caighdeán geochóid é Aicmiú Comhchoiteann na nAonad Críche maidir le Staidreamh[1]NUTS (Fraincis: Nomenclature des unités territoriales statistiques) chun tagairt a dhéanamh ar rannáin riaracháin tíortha le haghaidh feidhmeanna staidrimh.[2][3][4][5][6][7][8] Glacadh an caighdeán sa bhliain 2003.[9] Forbraítear agus rialaítear é ag an Aontas Eorpach, agus dá bharr, ní chlúdaítear go mion leis ach ballstáit den AE. Is ríthábhachtach é an tAicmiú i meicníocht seachadta Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta an AE

Le comhaontú gach ballstát, cuireadh ordlathas de thrí leibhéal ar bun ag Eurostat sin córas NUTS. Tá córas mar an gcéanna i réim le haghaidh tíortha is iarrthóirí agus ballstát Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, ach níl siar faoi riail an chórais NUTS.

Tosaíonn cód NUTS le cód tíre dhá-litir, as an liosta de ghiorrúcháin le Treoir Stíle Idirinstitiúideach an AE.[10] Tugtar ansin cóid alfa-uimhriúla dosna míreanna ag gach leibhéal an chórais. Má tá ach aon mhír amháin ag leibhéil éigin, úsáidtear an uimhir a náid. Faoi na trí leibhéal NUTS, tá aonaid riaracháin áitiúla (ARA). Mar shampla, Faightear i nÉirinn IE061 (BÁC), nó san Iodáil ITC4C (Milano). Tá Lucsamburg chomh bheag sin nach bhfuil aon chód amháin aige, LU000.

Glacadh an tAicmiú reatha ar an 21d Samhain 2016, thángthas i réim ar an 1d Eanáir 2018, agus tugadh é chun dáta le ballstáit nua as an mbliain. Liostáiltear ann 92 réigiún ag NUTS 1, 244 ag NUTS 2, 1215 ag NUTS 3 level, agus 99,387 aonaid riaracháin áitiúla (ARA).[11][12]. Ní gá gurb ionann fo-rannta NUTS agus rannáin riaracháin laistigh de thír éigin.

Ballstát NUTS 1 NUTS 2 NUTS 3 Aonad riaracháin áitiúil (ARA)
an Ostair AT Grúpaí de stáit 3 Stáit 9 Grúpaí de cheantair 35 Bardais (Gemeinden) 2,093
an Bheilg BE Réigiúin 3 Cúigí (+ an Bhruiséil) 11 Arrondissements 44 Bardais (gemeenten / communes) 581
an Bhulgáir BG Réigiúin 2 Réigiúin staidrimh 6 Oblastsanna 28 Bardais (общини, obshtini) 265
an Chróit HR 1 Réigiúin 4 Contaetha (županije) + Ságrab 21 Bardais (općine) 556
an Chipir CY 1 1 1 Bardais (δήμοι, κοινότητες, dimoi, koinotites) 615
an tSeicia CZ 1 Ceantair staidrimh 8 Réigiúin (kraje) 14 Bardais (obce) 6,254
an Danmhairg DK 1 Réigiúin (Regioner) 5 Cúigí (Landsdele) 11 Bardais (kommuner) agus ceantar neamhchorpraithe amháin 99
an Eastóin EE 1 1 Grúpaí de chontaetha 5 Bardais (Vald, linn) 79
an Fhionlainn FI Mórthír na Fionlainne, Åland 2 Ceantair mhóra (Suuralueet / Storområden) 5 Réigiúin (Maakunnat / Landskap) 19 Bardais (kunnat / kommuner) 309
an Fhrainc FR Réigiúin + DOM 14 Iar-réigiúin (1982–2015) + DOM 27 Ranna + DOM 101 Comúin 34,965
an Ghearmáin DE Stáit (Bundesland) 16 Neamhsheasmhach, idir Stáit iomlána (Bundesland), Réigiúin rialtais (Regierungsbezirk), srl. 38 Ceantair (Kreis) 400 Bardais (Gemeinden) 10,775
an Ghréig EL[n 1] Grúpaí de réigiúin fhorbartha 4 Réigiúin 13 Maorachtaí 51 Bardais agus Comhphobail
(δημοτικό διαμέρισμα, κοινότικο διαμέρισμα, demotiko diamerisma, koinotiko diamerisma)
6,133
an Ungáir HU Réigiúin staidrimh mhóra (statisztikai nagyrégiók) 3 Réigiúin staidrimh (tervezési-statisztikai régió) 8 Contaetha (vármegye) + Búdaipeist 20 Bardais (települések) 3,155
Éire IE 1 Réigiúin 3 Údaráis Réigiúnacha 8 Toghlimistéir áitiúla 166
an Iodáil IT Grúpaí de réigiúin 5 Réigiúin 21 Cúigí

Cathracha meitreapholaiteacha

107 Bardais (comuni) 7,904
an Laitvia LV 1 1 Réigiúin staidrimh 6 Bardais, cathracha (valstspilsētas, novadi) 43
an Liotuáin LT 1 Vidurio ir vakarų Lietuvos regionas, Sostinės regionas 2 Contaetha 10 Bardais (savivaldybės) 60
Lucsamburg LU 1 1 1 Comúin (Fraincis: communes, Gearmáinis: Gemeinden, Lucsambuirgis: Gemengen) 102
Málta MT 1 1 Oileáin 2 Comhairleoirí áitiúla (kunsilli) 68
an Ísiltír NL Grúpaí de chúigí 4 Cúigí 12 Réigiúin COROP 40 Bardais (gemeenten) 342
an Pholainn PL Mór-réigiúin (Makroregiony) 7 Voivode-cheantair + Mórcheantar Vársá 17 Fo-réigiúin (Podregiony) 73 Bardais (gminy) 2,477
an Phortaingéil PT Mórthír + Azores + Madeira 3 Réigiúin staidrimh 7 Grúpaí de bhardais 25 Bardais (concelhos) 308
an Rómáin RO Mór-réigiúin 4 Réigiúin 8 Contaetha + Bucharest 42 Comúin + bardais + cathracha (comune + municipii + orașe) 3,181
an tSlóvaic SK 1 Oblasts 4 Réigiúin (Kraje) 8 Bardais (obce) 2,891
an tSlóivéin SI 1 Mór-réigiúin 2 Réigiúin staidrimh 12 Bardais (občine) 212
an Spáinn ES Grúpaí de chomhphobail fhéinrialaitheacha 7 17 gcomhphobal féinrialaitheach agus 2 chathair féinrialaitheach 19 Cúigí + Oileáin + Ceuta agus Melilla 59 Bardais (municipios) 8,131
an tSualainn SE Réigiúin (Grupper av riksområden) 3 Ceantair náisiúnta (Riksområde) 8 Contaetha (Län) 21 Bardais (kommuner) 290
27 92 240 1,164 92,054

Tíortha is iarrthóirí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tír NUTS 1 NUTS 2 NUTS 3 ARA 1 ARA 2
an Albáin AL 1 Réigiúin (neamh-riaracháin) 3 Contaetha 12 Bardais (komunë) / Communes (bashki / komunë) 373
Montainéagró ME 1 1 Réigiúin staidrimh 3 Bardais (општине, opštine) 24 Lonnaíochtaí (насеља, naselja) 1,256
an Mhacadóin Thuaidh MK 1 1 Réigiúin staidrimh 8 Bardais (општини, opštini) 84 Lonnaíochtaí (населени места, naseleni mesta) 1,776
an tSeirbia RS Grúpaí de réigiúin 2 Réigiúin 5 Ceantair 29 Bardais (општине и градови, opštine i gradovi) 174 lonnaíochtaí (насељена места, naseljena mesta) 6,155
an Úcráin UA Macroregions 8 Réigiúin 27 Raióin 138 Hromadaí 1469 Starosta okruhs (старостинські округи, starostynski okruhy) + Lonnaíochtaí (населені пункти, naseleni punkty) 29,831
an Tuirc TR Réigiúin 12 Fo-réigiúin 26 Cúigí (iller) 81 Ceantair (ilçeler) 923 Bardais (belediyeler) 37,675
6 25 63 269 2,671 77,066
Tír CSTE NUTS 1 NUTS 2 NUTS 3 - ARA
an Eilvéis CH 1 Réigiúin 7 Cantúin 26 Bardais (Gearmáinis: Gemeinden; Fraincis: comúin; Iodáilis: comuni; Rómainis: vischnancas) 2,136
an Íoslainn IS 1 1 Capital Region, Fuílleach of country 2 Réigiúin (landshlutar) 8 Bardais (sveitarfélag) 64
Lichtinstéin LI 1 1 1 Bardais (Gemeinden) 11
an Iorua NO 1 Réigiúin 7 Contaetha (Fylke) 19 Réigiúin Eacnamaíochta (Økonomiske regioner) 89 Bardais (kommuner) 356
4 4 16 48 122 2,567

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Baineann an AE úsáid as EL mar chód tíre don Ghréig in ionad an chóid ISO 3166-1 alpha-2, GR.