Agallamh le Banphrionsa na Breataine Bige (1995)
| An Interview with H.R.H. the Princess of Wales | ||
|---|---|---|
| Buneolas | ||
| Príomhcharachtair | ||
| Mionsonraí | ||
| Tír bhunaidh | an Ríocht Aontaithe | |
| Céadléiriú | 20 Samhain 1995 | |
| Bunteanga | Béarla | |
| Cur síos | ||
| Seánra | scannán faisnéiseach | |
| ||
Rinne iriseoir de chuid an BBC, Martin Bashir, agallamh le Banphrionsa na Breataine Bige, Diana, ar 20 Samhain 1995.[1] Agallamh ionraic, conspóideach ba ea é, a rinne Bashir le Diana do chlár Panorama an BBC.[2]
Sa bhliain 2021, bhí leithscéal gafa ag Bashir faoin agallamh. Tharraing an scannal náire ar an BBC.

Feall
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2020 cuireadh an Breitheamh John Dyson (breitheamh sinsearach a bhí éirithe as) i mbun fhiosrúcháin neamhspleách. Chinn tuarascáil Dyson in 2021 gur choimisiúnaigh Martin Bashir ráitis bhainc a bhí go hiomlán bréagach chun brú a chur ar Diana. Dar le Bashir, bhí airgead á thabhairt do roinnt cuiditheoirí de chuid Diana chun súil a choimeád uirthi, rud nár tharla riamh.[3]
Thaispeáin Bashir, a bhí 58 ag an am, na ráitis do dheartháir Diana, Charles Spencer, in iarracht cur ina luí air cruinniú a shocrú idir Bashir agus Diana agus chun muinín a chothú idir é agus Diana.
Craoladh t-agallamh míchlúiteach idir Diana agus Bashir ar an 20 Samhain 1995. Tharraing an t-agallamh mí-chlú ar Diana.
Clár Channel 4
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2017, chraol Channel 4 Diana: In Her Own Words. Rinneadh "iarracht dea-dhealramh a chur ar dhrochghnó."[1]
Leithscéal tláithíneach
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí na Bealtaine 20201, bhí a leithscéal gafa ag Martin Bashir, faoin agallamh. Dúirt Martin Bashir le Nuachtán an Sunday Times go raibh an-aiféala air. Dúirt sé nach raibh sé ag iarraidh Diana a ghortú in aon slí agus dúirt sé gur chreid sé nár ghortaigh sé í.[3]
Ghabh an t-iriseoir leithscéal leis an Prionsa William agus an Prionsa Harry. Ach ní raibh cuma na fírinne ar an leithscéal. Ag an am céanna, dúirt Bashir go raibh na líomhaintí a bhí déanta ag ceangal an mhéid a rinne sé le bás Diana míréasúnta.
Dúirt Prionsa William áfach go raibh tionchar mór ag an méid a rinne Bashir ar an meath a tháinig ar an gcaidreamh a bhí ag a thuismitheoirí agus dúirt sé gur chuir an méid a tharla go mór le himní, paranóia agus aonrú Diana sna blianta deireanacha a bhí aici ar an saol.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Breandán M Mac Gearailt (11 Lúnasa 2017). "Diana: In her Own Words – Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-29.
- ↑ Breandán Delap. "Ar an taifead – fís, fuaim, focal" (ga-IE). Cois Life 978-1-907494-26-0. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-06-18. Dáta rochtana: 2021-05-31.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2021-05-23). "Leithscéal gafa ag iriseoir de chuid BBC faoi agallamh le Diana" (as ga).