Jump to content

Agallamh beirte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Séanra CeoilAgallamh beirte

Foirm ealaíne dhúchasach de chuid na Gaeilge is ea agallamh beirte, ina ndéanann beirt comhrá le chéile i bhfoirm véarsaí ar a seal, ar bhealach greannmhar de ghnáth. Insítear scéal san agallamh beirte agus bíonn rithim agus rím sna véarsaí.[1]

Braitheann agallamh beirte ar chumadóireacht dheisbhéalach bheacht fhiúntach agus ar na struchtúir rithime agus rí­me sa véarsaí­ocht agus ar ndóigh ar lí­ofacht agus cumas na beirte atá ag freagairt a chéile.[2]

Is féidir an t-agallamh beirte a chur i gcomparáid le lúibín. Eagraítear comórtais do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ag comórtais Oireachtas na Gaeilge. Tá traidisiún láidir lúibíní agus agallaimh beirte i gCúige Mumhan.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "agallamh beirte - Sainmhíniú i nGaeilge agus foghraíocht i nGaeilge le haghaidh agallamh beirte le Foras na Gaeilge". www.focloir.ie. Dáta rochtana: 2025-12-11.
  2. "An Comhlachas Naisiunta Dramaiochta". www.drama-gaeilge.com. Dáta rochtana: 2025-12-11.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]