Jump to content

Ag Lorg Hy-Brasil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is clár faisnéise é Ag Lorg Hy-Brasil faoin oileán finscéalach Uí Bhreasail agus an tslí a spreag sé taispeántas na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise sa bhliain 2023. Cúigear ailtirí a thiomsaigh an taispeántas; Peter Carroll, Peter Cody, Elizabeth Hatz, Mary Laheen, agus Joseph Mackey. Dírítear ann ar Inis Meáin mar chroílár an taispeántais, agus pléitear tírdhreach, ábhar áitiúil agus an t-aonarachas a bhaineann le saol ar oileán. Úsáidtear íomhánna agus fuaim chun léargas ealaíonta a thabhairt ar an oileán.