Agóidí na n-inimirceach le linn réimeas Trump
| ||||
Cineál | círéib agóid creachadh ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Dara téarma Donald Trump agus 2025 United States protests against mass deportation (en) ![]() ![]() | |||
Tréimhse | 6 Meitheamh 2025 - luach anaithnid | |||
Suíomh | Los Angeles, California U.S. Route 101 in California, California Paramount, California Downtown Los Angeles, California (en) ![]() Compton, California Edward R. Roybal Federal Building and United States Courthouse, California (en) ![]() Contae Los Angeles, California Los Angeles City Hall, California (en) ![]() Metropolitan Detention Center, Los Angeles, California (en) ![]() 300 North Los Angeles Street Federal Building, California (en) ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Cúis | deportation in the second presidency of Donald Trump (en) ![]() ![]() | |||
Imscrúduithe ag | Federal Bureau of Investigation ![]() | |||
Cuireadh tús le agóidí na n-inimirceach sna Stáit Aontaithe le linn réimeas Trump ar an 6 Meitheamh 2025, i Los Angeles ar dtús agus i gcathracha eile timpeall na tíre níos déanaí. Bhain an chorraíl le hiarrachtaí na n-oifigeach inimirce sa chathair le ordú díbeartha a chur i bhfeidhm ar inimircigh nach raibh na cáipéisí cuí acu le fanacht sna Stáit Aontaithe.[1]
Gníomh gríosaithe de chuid Trump agus Stephen Miller (a chomhairleoir)[2] a bhí ann, is cosúil agus ag iarraidh aird a bhaint den raic a bhí ar siúl sa Teach Bán ag an am.[3]
Freagairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 9 Meitheamh, tháinig thart ar 2,000 comhalta de Gharda Náisiúnta na Stát Aontaithe go Los Angeles ar ordú Donald Trump le súil smacht a fháil, a dúirt sé, ar an gclampar a bhí tarraingthe ag léirsithe sa chathair sin.
Ansin imlonnaíodh Muirshaighdiúirí na Stát Aontaithe ar fud na cathrach, gníomh gríosaithe eile.
I ráiteas ón Teach Bán, dúradh go bhfaca cách an chíor thuathail, an foréigean agus an aindleathacht in Los Angeles, agus nach raibh aon rogha eile ag an Uachtarán ach an Garda Náisiúnta a chur ann. Tháinig 4,000 eile ar an 11 Meitheamh.
Go hiondúil, ní chuirtear amach saighdiúirí ná an Garda Náisiúnta ach nuair nach bhfuil sé d'acmhainn ag na húdaráis shibhialta dul i ngleic le corraíl shibhialta.
Dúirt Gobharnóir California Gavin Newsom go raibh ordú Trump mídhleathach agus gur in olcas a rachas an scéal sa chathair dá bharr. D'iarr Gavin Newsom ar Trump a ordú a chur ar neamhní agus an Garda Náisiúnta a tharraingt siar; gníomh deachtóra a bhí ann seachas gníomh Uachtaráin, a mhaígh Newsom. Chuir an Gobharnóir i leith Trump freisin gur ag iarraidh géarchéim a chruthú a bhí sé. Ní raibh aon ghlacadh ag an rialtas in Washington le maíomh Newsom, dar ndóigh.[1]
Ar an 9 Meitheamh, bhí agóidí i naoi gcathair eile ar a laghad ar fud na Stát Aontaithe, lena n-áirítear Nua-Eabhrac, Filideilfia agus San Francisco. caoil póilíní "airm neamh-mharfacha" le léirsitheoirí in Austin, Texas.[5]
Thug Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Pete Hegseth, le fios go bhféadfaí an t-arm a chur i Los Angeles mura gcuirfí deireadh leis an "bhforéigean". An lá dár gcionn, ar an 10 Meitheamh, bhí cathlán muirshaighdiúirí curtha go Los Angeles ag Hegseth chun dul i ngleic, a deir sé, leis na caismirtí sa chathair sin. 700 saighdiúir a bhí i gceist agus bhí siad ar dualgas in Los Angeles.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2025-06-09). "Garda Náisiúnta tagtha go Los Angeles ar ordú Trump" (as ga-IE).
- ↑ "Stephen Miller (advisor)" (as en) (2025-06-27). Wikipedia.
- ↑ "BBC Audio | Americast | Did Donald Trump deliberately provoke the LA protests?" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ Michael Sainato, Chris Stein (2025-06-09). "Labor unions around US demand release of union leader arrested in LA protest" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-06-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-10). "Muirshaighdiúirí curtha go Los Angeles ag Rialtas Mheiriceá" (as ga-IE).