Aeradróm Mhic Easmuinn
Cuma
| Aeradróm Mhic Easmuinn | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Sonraí | ||||
| Cineál | Aerionad | |||
| Foirgníocht | 1917 | |||
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1965 | |||
| Dáta na hoscailte oifigiúla | 1922 | |||
| Tréith | ||||
| Airde os cionn na farraige | 97 m | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Baldonnel, Éire (en) | |||
| ||||
| Gníomhaíocht | ||||
| Oibreoir | an tAerchór agus an tAerfhórsa Ríoga | |||
| ID GeoNames | 6296699 | |||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | military.ie… | |||
Is aeradróm suite i gContae Átha Cliath Theas é Aeradróm Mhic Easmuinn (nó Mhic Easmainn),[1] lonnaithe i mBaile Dhónaill,[2] thart ar 16 km siar siar ó dheas ó Chathair Bhaile Átha Cliath, agus 94m os cionn leibhéal na farraige.





Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tógadh an chéad aerpháirc sa bhliain 1917.
- D’oscail an t-aerfort sa bhliain 1922. Ar dtús reáchtáil beirt phíolótaí ón Aerfhórsa Ríoga an t-aerfort[3].
- Ceannaíodh an chéad eitleán a fuair an tAerchór chun an Ginearál Micheál Ó Coileáin a thabhairt ar ais ó na caibidlí maidir leis an gConradh Angla-Éireannach dá mba ghá.
- Ar an 12 Aibreán 1928 rinneadh an chéad trasnú ar éirigh leis ó Oirthear go hIarthar an Atlantaigh. Ba é Baile Dhónaill an pointe imeachta don eitilt seo (bhí an Ceannfort James Fitzmaurice, Oifigeach Ceannais an Aerchóir, ar dhuine den chriú).
- 1964. Bhunaigh an tSeirbhís Meitéareolaíochta stáisiún sionoptach iomlán.
Aimsir
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bíonn níos lú ceo ag Aeradróm Mhic Easmainn ná mar a bhíonn ag Aerfort BhÁC.
- Bhí ráthanna sneachta ag Aeradróm Mhic Easmainn le linn an gheimhridh sna 1960idí, 1970idí agus1980idí.
- Tá neart na gaoithe, nuair atá sí ag teacht aniar aneas níos láidre ná mar a bhíonn i gceantair eile gar do Bhaile Átha Cliath. Tá an suíomh gar do na sléibhte.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Casement Aerodrome
- ↑ "Baile Dhónaill/Baldonnel" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2025-08-22.
- ↑ "met.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-03-08. Dáta rochtana: 2016-10-21.

