Adrian Hardiman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Adrian Hardiman
Adrian Hardiman - 20090224.jpg
breitheamh

Saol
Eolas breithe Baile Átha Cliath, Bealtaine 21, 1951
Náisiúntacht Éire
Bás Baile Átha Cliath, Márta 7, 2016
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach)
Oideachas
Alma mater Coláiste Belvedere
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairm abhcóide agus breitheamh

Breitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí ab ea Adrian Hardiman (21 Bealtaine 19517 Márta 2016).[1] "Bhí Adrian Hardiman ar dhuine de na daoine ab éirimiúla sa dlí lena linn", mar a dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, tar éis do Hardiman bás a fháil.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Hardiman ar an gCúlóg i mBaile Átha Cliath. Múinteoir ab ea a athair P.J., a bhí ina uachtarán ar Chumann na Meánmhúinteoirí tráth.[3]

Fuair Hardiman a chuid oideachais i gColáiste Belvedere, COBÁC (áit ar bhain sé céim amach i stair) agus ag Óstaí an Rí.  Bhí sé ina Reachtaire ar Chumann Litríochta agus Staire UCD agus ina Uachtarán ar Chomhairle Ionadaithe na Mac Léinn, UCD (réamhtheachtaí Aontas na Mac Léinn, UCD,[4] áit a raibh sé thar barr i mbun díospóireachta. Mar shampla, bhuaigh sé Craobh Náisiúnta Díospóireachta The Irish Times sa bhliain 1973.

Barra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaodh chun an Bharra i 1974 agus chleachtaigh sé mar abhcóide ar feadh na chéad 26 bliain eile, ag tógáil Silk sa bhliain 1989. Bhain sé cáil amach go luath mar abhcóide sciliúil agus mar óráidí ó thús a ghairmréime sa Bharra.[2]

Bhíodh Hardiman le Fianna Fáil agus sheas sé dóibh siúd sna toghcháin áitiúla sa bhliain 1985 i nDún Laoghaire ach ní raibh rath ar a chuid iarrachtaí.[5]

Níos deireanaí sa bhliain 1985, bhí Hardiman ar dhuine de lucht bunaithe na Progressive Democrats agus é an-mhór le Michael McDowell.

Cúirt Uachtarach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanadh Breitheamh ar an gCúirt Uachtarach dhó sa bhliain 2000, gan a bheith ina bhreitheamh cúirte roimhe sin (mar phrintíseach, mar is ghnáth).[6]

Bhí baint aige le go leor de na príomhchásanna ag an am. Scríobhadh sé agus craoladh sé go rialta ar ábhair dhlíthiúla agus pholaitiúla.[7][8] "Bhí doimhneacht agus déine a anailíse dlíthiúla ag teacht le deisbhéalaí agus soiléire a bhreithiúnas... agus fuair sé an t-aitheantas cuí mar chosantóir paiseanta na saoirsí sibhialta agus saoirsí an duine aonair."[2]

Bhí Hardiman ina Bhinseoir ag Óstaí an Rí, ina Mháistir Binse ag an Teampall Láir, Londain agus ina Bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann.

Cásanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

1983[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Hardiman ina phríomhurlabhraí ag an bhfeachtas in éadan an Ochtú Leasú ar an mBunreacht.

1992[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór i gceist an chaoi ar cheistigh Hardiman Taoiseach na linne, Albert Reynolds, ag Binse na Mairteola.

2001[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é a thiomáin an bhreith mhóraimh sa Chúirt Uachtarach i gcás Ó Beoláin v Fahy a dhearbhaigh dualgas reachtúil a bheith ann tiontú oifigiúil d’Achtanna a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil a luaithe agus a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille. Sa bhreithiúnas sin, thug an Breitheamh Hardiman léargas maith ar an stádas láidir ba cheart a bheith ag an Ghaeilge faoi réir Airteagal 8 den Bhunreacht.[9][10]

2007[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Hardiman mar pháirt den chúirt a bhronn dúbailt damáistí ar an tábhairneoir as Dún na nGall, Frank Shortt, ar gearradh téarma príosúnachta san éagóir air tar éis do bheirt Ghardaí fianaise bhréige a chur chun cinn.

2013[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chás Marie Fleming v Éire, rialaigh Hardiman, mar aon leis an gcúirt, nár cheadaigh an ceart chun na beatha atá sa Bhunreacht ceart chun báis.[3]

2014[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ag Hardiman le cinneadh na Cúirte Uachtaraí i gcás Ó Maicín v Ireland, cás cáiliúil maidir le héileamh fir as Ros Muc i gConamara go mbeadh a theanga dhúchais, an Ghaeilge, ag baill uile an ghiúiré sa chás a bhain le hionsaí a dhéanamh ar dhuine eile, ar chainteoir dúchais Gaeilge é chomh maith.[11] Ba é Hardiman an t-aon duine de chúigear breithiúna a sheas le hiarratas Uí Mhaicín ar ghiúiré a mbeadh Gaeilge acu.[12]

2015[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chás DPP v JC, d’easaontaigh Adrian Hardiman le breith an mhóraimh ar an gcúirt a rialaigh gur cheart deireadh a chur leis an mbac a bhí ar ghlacadh le fianaise a fuarthas agus sárú déanta ar chearta bunreachtúla an duine.[3]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaeilgeoir líofa ab ea Hardiman. Bhí gaolta aige i Mín Doire Dhamh i bparóiste Ghaoth Dobhair agus seans gurbh é an ceangal sin a mhúscail a spéis sa Ghaeilge.

B'é breitheamh a bhí go láidir i bhfabhar cearta na nGaeilgeoirí.[13] Bhí sé le feiceáil ina chuid cinntí, nuair a cháin sé go géar an Stát nuair a teipeadh ar na cearta so a shárú. Tháinig roinnt mór-athruithe as a gcuid breithiúnas – mar shampla Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dátheangachas sa dlí.

Bhí suim ar leith ag Hardiman i gcur chun cinn na Gaeilge taobh istigh den dlíchóras. Ba mhinic dó a bheith mar Bhreitheamh ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh – comórtas a eagraíonn Gael Linn de mhic léinn.[9]

Scríobh sé leabhar sular bhásaigh sé, "Joyce in Court",[14] agus an tionchar a bhí ag cásanna éagsúla i gcúirteanna dlí na hÉireann agus na Breataine ar Joyce. Tá cur síos aige ar chás Mhám Trasna.[15]

Bás gan choinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh cuireadh do Hardiman chun Léacht na Comhdhálat ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga i nGaillimh a rá ar an 7 Márta 2016.[16] Bhí sé ag ullmhú le labhairt ann faoi chearta teanga agus an dlí ag comhdháil de choimisinéirí teanga as gach cearn den domhan a bhí tagtha le chéile i nGaillimh, nuair a bhuail taom croí é, in aois 64 bliain dó.

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • "The Role of the Supreme Court in our Democracy" in Political choice and Democratic Freedom in Ireland (Mulholland, 2004)
  • "Native and foreign judges and laws in Ireland: a post-colonial reflection" in (Sarkin and Binchy eag)
  • The Administration of Justice: Current Themes in Comparative Perspective (Four Courts Press, 2004)
  • "Socio-economic Litigation and the Separation of Powers" in The Commonwealth Lawyer, Imleabhar 14, Uimh. 3 (Nolllaig 2005)
  • "The Trial of Robert Emmet" in History Ireland, Imleabhar. 13, uimh. 4 (Iúil/Lúnasa 2005)
  • "A Gruesome Case: James Joyce's Dublin Murder" in (Larkin and Kissane eag)
  • Librarians Poets and Scholars: a festschrift for Dónall Ó Luanaigh (Dublin, National Library of Ireland Association, le foilsiú, 2007)
  • "Shot in Cold Blood: Military Law and Irish Perceptions in the suppression of the 1916 Rebellion" in (Doherty and Keogh eág)
  • The Long Revolution: the 1916 Rising in context (Mercier, Corcaigh, 2007)
  • "Law Crime and Punishment in Bloomsday Dublin" (Irish Legal History Society, 2007)
  • Adrian Hardiman, Joyce in Court (Head of Zeus, 2017)[14]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hardiman ar Robert Emmet sa bhliain 2015 i TCD ar Youtube. Mí sular bhásaigh sé, ar an 7 Márta 2016, thug sé léacht faoi thriail Roibeard Emmet in 1803 i dTeach Cúirte Shráid na Faiche i mBaile Átha Cliath, sa seomra ceannann céanna inar daoradh Emmet.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Department of Justice and Equality. "Ráiteas ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionnnais, Proinséas Mhic Gearailt TD maidir le bás an bhreithimh den Chúirt Uachtarach, An Breitheamh Onórach an tUasal Adrian Hardiman" (ga). The Department of Justice and Equality:. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  2. 2.0 2.1 2.2 Office of the President of Ireland. "Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn – Bás Adrian Hardiman, Breitheamh na Cúirte Uachtaraí" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "HARDIMAN, Adrian (1951–2016)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  4. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Adrian Hardiman" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  5. "adrian hardiman" (en). Irish Election Literature. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  6. Nuacht RTÉ (2016-03-07). "Breitheamh Hardiman na Cúirte Uachtaraí básaithe" (in en). 
  7. supremecourt.ie (2014-04-13). "Breithiúna na Cúirte Uachtaraí". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  8. "Supreme Court judge Adrian Hardiman dies" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  9. 9.0 9.1 Antain Delap (2016). "Adrian Hardiman: ‘Ní cuimhin liom focal Béarla a labhairt riamh leis’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  10. Dúirt an Breitheamh Hardiman an méid seo; "Is é mo dhearcadhsa go bhfuiltear tagtha chuig staid anois nach ndéanfadh ach duine a mbeadh neamhspleáchas agus dianseasmhacht thar an ngnáth ag baint leis nó léi iarracht ar gnó dhlíthiúil a dhéanamh trí Ghaeilge…..Ní féidir leo athrú ar bith a chur ar an bhfírinne lom go n-aireoidh an té a lorgaíonn bunábhar dlíthiúil i nGaeilge go bhfuil sé ag goilleadh ar na hoifigigh óna lorgaíonn sé iad agus is cinnte go n-aireoidh sé go ndéileáilfí níos gasta agus níos éifeachtúla lena ghnó má thaobhaíonn sé an Béarla. Ní fhéadfainn a rá ach gur cion i gcoinne meoin agus bhunbhrí na bhfocal sa Bhunreacht an staid seo".... "Is é mo thuairimse nach féidir an Ghaeilge arb í an teanga náisiúnta í agus, san am céanna arb í príomhtheanga oifigiúil an Stáit í, a eisiamh (ar a laghad in éagmuis dlí den chineál a shamhlaítear le hAirteagal 8.3) ó aon chuid de dhioscúrsa poiblí an náisiúin nó ó aon ghnó oifigiúil de chuid an Stáit ná de chuid aon cheann dá bhaill. Ná ní féidir caitheamh léi sna comhthéacsanna seo ar shlí ar bith nach bhfuil chomh fabhrach leis an tslí a gcaitear leis an dara teanga oifigiúil. Ná ní féidir iad siúd atá inniúil agus ar mian leo í a úsáid chun iad féin a chur in iúl nó chun cumarsáide, a chosc nó a fhágáil faoi mhíbhuntáiste agus iad á dhéanamh sin in aon chomhthéacs náisiúnta nó oifigiúil." (Tag: Hardiman, Brmh. - Athbhreithniú Breithiúna - An Chúirt Uachtarach: Ó Beoláin V Fahy [2001] 2 I.R. 279.)
  11. Natasha McAleese / flac.ie (Feabhra 2015). "An bhfuil cead agam dul go dtí na tithí cúirte, le do thoil?". Dáta rochtana: 2021.
  12. Maitiú Ó Coimín (26 Iúil 2017). "Cainteoir líofa Gaeilge ceaptha ina Phríomh-Bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  13. Paul Barry (2016). "Adrian Hardiman" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  14. 14.0 14.1 Adrian Hardiman (2017). "Joyce in Court" (en). Head of Zeus. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  15. "Maolra Seoighe neamhchiontach i ndúnmharuithe Mhám Trasna – An Breitheamh Adrian Hardiman" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.
  16. OÉ Gaillimh (2016). "Comhdhálat ag Comhdháil Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga". www.nuigalway.ie. Dáta rochtana: 2021-03-07.