Adolescence (sraith Netflix)
| Seánra | crime television series (en) |
|---|---|
| Príomhábhar | ógántacht, fearúlacht agus meáin shóisialta |
| Cruthaitheoir | Jack Thorne agus Stephen Graham |
| Stiúrthóir | Philip Barantini |
| Aisteoirí | |
| Cuideachta léiriúcháin | Warp Films agus Plan B Entertainment |
| Tír | an Ríocht Aontaithe |
| Bunteanga | Béarla |
| Bealach teilifíse | Netflix |
| Fad na n-eipeasóidí | 60 min |
| An chéad eipeasóid | 13 Márta 2025 |
| Líon séasúr | 1 |
| Líon eipeasóidí | 4 |
| Gradaim | |
| Tuilleadh eolais | |
Sraith Shasanach Netflix é Adolescence (2025) a thugann léiriú ar an gcultúr incel trí amharc scáfar a thabhairt don lucht féachana ar dhomhan dorcha an déagóra fhirinn.[1] Sraith ceithre chlár atá ann a leanann scéal leaid óg a bhfuil dúnmharú curtha ina leith. In aon téic amháin a taifeadadh gach ceann de na 4 chlár. An casadh sa scéal ná gur buachaill trí bliana déag d’aois i Yorkshire Thiar atá i gceist, agus éadainín aingil air.[2]
Ní chuireann Adolescence fiacail sa léiriú a thugann sé ar an gcultúr incel agus iarmhairtí fadsaoil an fhoréigin.[3]




Eipeasóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Suite i dtuaisceart Shasana, pléann an scéal le hábhar atá ag dó na geirbe ag go leor daoine óga agus a muintir na laethanta seo, an radacú atá á dhéanamh ar fhir óga ar líne. Tá cíoradh déanta ar an gcontúirt a bhaineann leis an "bhfón cliste" maidir le radacú buachaillí óga.[2]
An chéad chlár
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa chéad chlár feicimid na póilíní ag déanamh ruathair ar thigh teaghlaigh i dtuaisceart Shasana. Agus iad ag obair go pointeáilte tomhaiste gabhann siad buachaill óg trí bliana déag d’aois.
Ansin tugtar an buachaill, Jamie (Owen Cooper), chuig stáisiún na bpóilíní mar a dtagann póilíní, oibrithe sóisialta, altraí agus dlíodóirí isteach sa chúram. An córas fuarchúiseach ag teacht i bhfeidhm.[3]
An dara clár
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa dara gála tugtar sinn chuig scoil Jamie, “loc coinneála” faoi mar a bhaistear air go drochmheasúil – áit atá plúchta ag boladh “an chabáiste, na múisce agus na glacaireachta”. Is ansin a thosnaíonn an cultúr frithbhanda incel ag teacht chun cinn agus an póilín Luke Bascombe (Ashley Walters) ag iarraidh brí a bhaint as teachtaireachtaí ceilte na straoiseog ar Instagram.[3]
An tríú clár
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa tríú gála feicimid comhrac beirte idir Jamie agus agus an síceolaí, Erin Doherty. Í siúd ag iarraidh meon aigne an bhuachalla a chíoradh, é siúd goilliúnach leochaileach ach bagrach mustrach ag an am céanna. An clár ar fad dírithe ar an mbeirt seo i seomra in ionad do bhuachaillí a bhfuil meabhairghalair orthu.[3]
An ceathrú clár
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dírítear ar theaghlaigh Jamie sa cheathrú gála. Taispeántas iontach eile anseo le Stephen Graham, duine de chruthaitheoirí na sraithe, ag léiriú feirge, briseadh croí is aiféala. É féin agus a bhean, Manda (Christine Tremarco) ag iarraidh a dhéanamh amach cá ndeachaigh a mac ar bhóiléagar agus cad a d’fhéadfadh a bheith déanta difriúil acu.
Ag tarrac i dtreo dheireadh an cheathrú clár deir Manda lena hiníon Lisa (Amelie Pease) go mbeidh gach rud ceart go leor. An fhadhb ná ní bheidh; tá cailín marbh agus saol daoine millte.[3]
Stiúradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Stephen Graham i bpáirt an athar, Owen Cooper i bpáirt an leaid óg agus Ashley Waters mar bhleachtaire.
Déantar gach eagrán a thaifeadadh in aon seat amháin, cur chuige a thumann an lucht féachana i ndomhan an scéil (ar nós Blair Witch Project measctha le Line of Duty).[2] Téann an stíl iontas ar an lucht féachana; seat leanúnacha aon cheamara ag cur cuma an scannáin faisnéise ar chúrsaí.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ógántacht
- Bulaíocht, ciapadh, cibearbhulaíocht, stalcaireacht, claonmhealltóireacht ar líne, fuath ban
- Cás Alexander McCartney
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Incel nó involuntary celibate" (as en) (2025-03-25). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Bridget Bhreathnach (20 Márta 2025). "DIALANN TUAIRISC: Sonny agus réalta Schitt’s Creek’, Cónocht an earraigh agus an fhearúlacht nimhiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-26.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 3.4 3.5 Breandán M Mac Gearailt (23 Márta 2025). "Sraith scáfar faoi dhomhan dorcha an déagóra fhirinn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-03-25.
- ↑ "Inside the Pontefract film studios where Adolescence was made" (en-GB). www.bbc.com (2025-03-22). Dáta rochtana: 2025-03-26.