Jump to content

Acmhainní in-athnuaite

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Feirm ghaoithe sa Spáinn

Is éard atá i gceist le acmhainní inathnuaite ná acmhainní le torthaí inmharthanacha is féidir a úsáid gan baol a n-ídithe. Samplaí is ea cumhacht na Gréine, fuinneamh na gaoithe is cumhacht hidrileictreach, gach ceann acu ag teacht ó radaíocht na Gréine go bunúsach.

Bíonn acmhainní áirithe in-athnuaite sa bhfadtéarma, cosúil le barra, adhmad is éisc, ach is gá bainistíocht chúramach chuige sin chun nach bhforshaothrófar iad trí róbhearradh, ró-iníor nó ró-iascaireacht, nó nach mbainfear mí-úsáid astu sa ghearrthéarma.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Acmhainní inathnuaite". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 9.