Acht um Chosaint Idirnáisiúnta

Achtaíodh an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 ar an 30 Nollaig 2015,[1] Tá sé mar aidhm aige an próiseas chun déileáil le hiarratais ar stádas dídeanaí agus ar chosaint choimhdeach a dhéanamh níos simplí agus níos éifeachtaí agus deifir a chur leis an gcóras. Tháinig an chuid is mó de na forálacha i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2016.[2]
2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ritheadh an Bille um Chosaint Idirnáisiúnta san Oireachtas i mí Aibreáin 2026, agus sínithe ag an Uachtarán ar an 22 Aibreán 2026.
Sa reachtaíocht seo a thionscain an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, ainmnítear tíortha sábháilte a bhféadfar iarrthóirí tearmainn a ionnarbadh nó a dhíbirt chucu. Déanann an bille leasuithe ar reachtaíocht na tíre, a chloíonn anois le comhaontú inimirce an Aontais Eorpaigh, an Comhaontú Imirce agus Tearmainn an Aontais Eorpaigh.[3][4][5]
De réir a bhfuil sa chomhshocrú sin, beidh sé níos éasca ag ballstáit teorainn a chur le líon na n-imirceach a ligtear isteach san Aontas Eorpach. Ina theannta sin, féadfaidh ballstáit nach bhfuil ag iarraidh glacadh le hiarrthóirí tearmainn síntiús airgid a thabhairt do thíortha eile le go nglacfaidís féin leo.[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cé nár aistríodh an tAcht go Gaeilge riamh, tá roinnt eolais maidir leis an bpróiseas tearmainn in Éirinn ar fáil ón mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh:[7]
- Díospóireachtaí san Oireachtas, 2015[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, International Protection Act
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC (2020). "An tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ Ailbhe Conneely / RTÉ News (2026-04-15). "Asylum system reform imminent after IP bill passed" (as en).
- ↑ "Comhairle á lorg ag an Uachtarán faoi bhunreachtúlacht an Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-04-16). Dáta rochtana: 2026-04-16.
- ↑ EU Migration and Asylum Pact
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-04-22). "Bille um Chosaint Idirnáisiúnta sínithe ag an Uachtarán" (as ga-IE).
- ↑ Citizensinformation.ie. "An próiseas tearmainn in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2026-04-16.
- ↑ Tithe an Oireachtais (2015-11-17). "An tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015 – Uimh. 66 de 2015 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2026-04-16.