Jump to content

Acht na dTeangacha Albanacha, 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadAcht na dTeangacha Albanacha, 2025
CineálBille parlaiminte Cuir in eagar ar Wikidata
Thug Kate Forbes an Bille isteach sa Pharlaimint agus ansin d'éirigh sí as.[1][2]

Ritheadh Acht nan Cànan Albannach, nó Acht na dTeangacha Albanacha,[3] ar an 31 Iúil 2025.[4] Ag an am céanna, chuir Rialtas na hAlban £5.7m (€6.6m) breise ar fáil le teangacha na hAlban a chur chun cinn.[5]

Aithneofar faoi na forálacha san acht teangacha ceantair oifigiúla “Ghaeltachta” in Albain den chéad uair. Is éard is “ceantar atá tábhachtach ó thaobh na teanga de” ann de réir an dlí nua ná “ceantar a bhfuil líon suntasach daoine ann a bhfuil scileanna Gàidhlig acu” (20% den daonra) nó ceantar nach bhfuil go leor cainteoirí Gàidhlig ann ach a bhfuil “ceangal stairiúil” aige leis an teanga; ceantar a bhfuil an t-oideachas trí Ghàidhlig ar fáil ann; nó ceantar ina mbíonn “imeacht suntasach a bhaineann leis an nGàidhlig nó leis an gcultúr Gaelach” ar siúl.[5]

Caithfidh na húdaráis áitiúla in Albain cinneadh a dhéanamh laistigh de bhliain cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an ceantar atá faoina gcúram nó cuid de ina “cheantar suntasach ó thaobh na teanga de”. Beifear in ann an cinneadh sin a athbhreithniú gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

Cinnteofar leis an reachtaíocht freisin go mbeidh caighdeáin oideachais ann don Ghàidhlig agus go mbeidh tuismitheoirí i ngach cearn den tír in ann cur isteach ar áiteanna i naíonra lán-Ghàidhlig agus scoileanna luathoideachais lán-Ghàidhlig dá gclann.[5]

Caithfidh airí rialtais na hAlban tacaíocht a thabhairt do scoileanna lán-Ghàidhlig agus iad “a áisiú agus a chur chun cinn”. Beidh orthu aon eolas, treoir, ná cáipéisí Béarla atá le húsáid ag múinteoirí nó daltaí i scoileanna a mheas agus cinneadh a dhéanamh cé acu ar chóir nó nár chóir iad a chur ar fáil i nGàidhlig freisin

Tá forálacha ann freisin le tuilleadh cáilíochtaí a chur ar fáil i nGàidhlig agus spriocanna luaite ó thaobh líon na gcainteoirí agus na bhfoghlaimeoirí Gaeilge in Albain.

Cuirtear iachall ar airí rialtais na hAlban gníomhú le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt Sabhal Mòr Ostaig san Eilean Sgitheanach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an maoiniú a thugtar don institiúid oideachais, a stádas mar institiúid ardoideachais, agus gníomhartha eile a thacódh le forbairt na hinstitiúide.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "*" (gd). www.parlamaid-alba.scot. Dáta rochtana: 2025-08-14.
  2. "Kate Forbes: Deputy first minister to stand down as MSP" (en-GB). www.bbc.com (2025-08-04). Dáta rochtana: 2025-08-14.
  3. i mBéarla, Scottish Languages Act 2025
  4. "Scottish Languages Bill" (en). www.parliament.scot. Dáta rochtana: 2025-09-11.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 Maitiú Ó Coimín (12 Lúnasa 2025). "Bille na dTeangacha Albanacha ina Acht agus é curtha faoi lámh an rí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-14.