Accessus ad auctores
Cineál | seánra litríochta ![]() |
---|---|
Tréimhse ama | an Mheánaois ![]() |
Séanra liteartha meánaoiseach is ea accessus ad auctores, nó aitheantas ar údair. Ó thús, bhíodh accessus[lower-alpha 1] ina réamhrá ag tús léargas ar údar claisiceach, agus ann sonraí ar an údar agus a chuid saothar. Le tús na 12ú haoise, cuireadh na réamhráite seo i gcló i mbailiúcháin ár leith, ar a nglaoitear anois accessus ad auctores orthu. I gcónaí scríofa as Laidin, bhaintí daltaí Gramadach na Laidine úsáid astu.[1]/: 1–24
Leagadh accessus caighdeánach amach le ceisteanna agus a gcuid freagraí.[1] Bunaithe ar rogha na gceisteanna aithnítear ceithre chineál:
- Tá an scéim le Servius, gramadaí den 4ú haois, bunaithe ar an bprólóg as An Aeinéid le Virgil. Tá ann seacht gceannteideal:[1]
- beatha an fhile
- teideal an tsaothair
- a shéanra
- rún an údair
- líon imleabhar
- ord na n-imleabhar
- míniúchán
- Tá an scéim reitriciúil bunaithe ar na septem circumstantiae (seacht gcúinse) as reitric claisiceach:[1]
- cé
- céard
- cá
- cén chaoi
- cén fáth
- conas
- cathain
- B'fhearr le Remigius d'Auxerre an scéim seo.
- Tá an scéim fealsúnach bunaithe ar an réamhrá le Boethius dá léargas féin ar Isagoge le Porphyry. Tá ann sé cheannteideal:[1]
- rún an tsaothair
- a áisiúlacht
- a leagan amach
- ainm an údar
- teideal an tsaothair
- brainse fealsúnachta
- Tá an scéim nua-aimseartha ina fhoirm shimplí den scéim fealsúnach, roghnaithe sa 12ú haois ag údair amhail is Conrad de Hirsau. Tá ann trí nó ceithre cheannteideal:[1]
- an t-ábhar
- rún an údair
- áisiúlacht an tsaothair (fágtha ar lár scaití)
- brainse fealsúnachta.
Is é an cur le Conrad de Hiarsmaí ina shaothar Dialogus super auctores an t-aon dá leithéid atá againn as an meánaois. Deir sé gur seánra neamhspleách é an t-accessus faoina linn, dírithe ar saothair idir pagánacha agus Chríostaí, as prós agus filíocht, múinte ag tús oideachas na ndaltaí. Ina liosta údar féin, tá Aesop (an file Phaedrus le fírinne), Avianus, Boethius, Cato, Cicero, Donatus, Homer, Juvenal, Lucan, Ovid, Persius, Prosper, Prudentius, Sallust, Sedulius, Statius, Virgil agus Theodulus.[2]: 215–264 Bhí an oiread sin tóra ar Ovid gur tugadh accessus Ouidianus ar a leithéid dá chuid.[1]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Laidin 4ú díochlaonadh, ainm. ua. accessus, ainm. iol. accessūs
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 Stephen M. Wheeler, "Introduction", in Accessus ad auctores: Medieval Introductions to the Authors (Codex latinus monacensis 19475) (Mediaeval Institute Publications, 2015)
- ↑ Edwin A. Quain, "The Medieval Accessus ad Auctores", Traditio, Iml. 3 (1945) doi:10.1017/S0362152900016895