Abhantrach na Sionainne
Cineál | Abhantrach draenála ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | An tSionainn ![]() | |||
Suíomh | ||||
Mór-roinn | an Eoraip ![]() | |||
Limistéar riaracháin | Éire ![]() | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tSionainn ![]() | |||
Abhantrach draenála | Atlantic Ocean drainage basin (en) ![]() ![]() | |||
Tá ann in Abhantrach na Sionainne ná an abhainn is faide i nÉirinn, An tSionainn, agus gach abhainn agus loch a mbaineann léi. De réir an Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann, is é fad na Sionainne, óna foinse ag Log na Sionna go dtí béal a hInbhear, ná 224 miles (360 km), le 63.5 miles (102.2 km) d'uiscí taoide agus 160.5 miles (258.3 km) de tsruth fionnuisce flow.[1]
Staitisticí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an abhantrach is mó i nÉirinn í Abhantrach na Sionainne, le hachar 11,700 km2 (4,500 sq mi) aici. Agus an t-inbhear agus An Fhéil san áireamh, tógtar amach 16,865 km2 (6,512 sq mi) chun na farraige.[2]
Tá Meánsruth Fadtéarmach aici de 208.1 m3/s (7,350 cu ft/s) ag Cathair Luimnigh,[3] agus is é sin ráta faoi dhó is atá ag an dara habhainn is mó na hÉireann, Abhainn na Gaillimhe, le (104.8 m3/s [3,700 cu ft/s]).[3] Ag Béal an Inbhir ag Ceann Léime, agus eis-sreabhadh gach abhainn agus Srutháin san áireamh,[n 1][4][5] éiríonn eis-sreabhadh iomlán na Sionainne ina 300 m3/s (11,000 cu ft/s).
Níl an tSionainn ina habhainn fhionnuisce ach le 45% dá fad iomlán de 224 miles (360 km). Má thógtar an t-inbhear taoide[n 2] agus na lochanna [n 3][6] as an áireamh, níl sa tSionainn fionnuisce ach tuairim is 100 miles (160 km) ar fad.
Ceantar Idirnáisiúnta Abhantraí na Sionainne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cuid de Shannon River Basin is part of the Cheantar Idirnáisiúnta Abhantraí na Sionainne (CIAS)[7] í Abhantrach na Sionainne. Tá achar 17,963 km2 (6,936 sq mi) ag an gceantar seo. I dteannta leis an abhantrach, tá ann sa cheantar fosta codanna cúis farraige de chontaetha Ciarraí agus an Chláir. In iomlán, tá an san CIAS aibhneacha le 7,666 km (4,763 mi) ar fad, imeallbhord le 1,220 km (760 mi) (inbhir sa mhéid) agus 113 loch, ina measc 53 níos mó ná 50 hectares (120 acres) ar méid.
Is í talmhaíocht (70.7%) an príomh-úsáid talún san CIAS. Is tábhachtach iad chomh maith talamh portaigh (11.1%) agus foraoiseacht (3.2%). Tá daonra 618,884 sa cheantar, is é sin 34 inhabitants per square kilometre (88/sq mi) (sonraí daonlathais 2002).[8]

Foinsí is sia siar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roinnt craobh-aibhneacha ann le foinsí níos sia siar ná an fhoinse traidisiúnta, Log na Sionna.
Sreabhann An Abhainn Mhór i gContae an Chabháin siar le 14.5 km (9.0 mi)[9] trí Ghleann Ghaibhle síos Éireann do sa tSionainn isteach, 3 km (2 mi) faoi bhun Log na Sionna.[10] Dá mba fhíor san, chuirfeadh sé 11 km (7 mi) le fad na Sionainne, 'sé sin 372 km (231 mi).
Tá maíomh ag An mBúill freisin. Óna foinse go Luimneach, is é sin 290 km (180 mi) ar fad.[11] Dá gcuirfear sin le fad Inbhear na Sionainne, 102.2 km (63.5 miles), bheadh sin 392.1 km (243.6 mi) ar fad in iomlán. Dá mbá fhíor seo, ba é an Bhúill-Sionainn an abhainn is faide i nÉirinn, 31.6 km (19.6 mi) níos faide ná an fhoinse ag Log na Sionna.[12]
Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear níos mó ná leath de chontaetha oileán na hÉireann (17) laugh d'abhantrach na Sionainne (in aghaidh na srutha): Chiarraí, Corcaigh, Luimneach, Clár, Tiobraid Árann, Laois, Uíbh Fhailí, Gaillimh, an Mhí, an Iarmhí, Longfort, Ros Comáin, Maigh Eo, Cabhán, Liatroim, Sligeach agus Fear Manach.[13]
Bailte san abhantrach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seo a leanas na bailte agus sráidbhailte (le daonlathais 2011[14]) laistigh d'Abhantrach na Sionainne agus na bruacha ar a bhfuil síad, leis an sruth:
An abhainn:
- An Damhshraith
- Droim Seanbhó (Canáil Loch Aillionn, ar chlé) 857
- Liatroim (ar chlé) 485
- Cora Droma Rúisc 3,980
- Cill Srianáin (ar chlé)
- Droim ar Snámh (ar chlé) 247
- Dromad (Loch Bó Dearg, ar chlé) 356
- Rúscaigh (ar dheis) 188
- An Lios Breac (Newtown Forbes) (Loch Foirbis, ar chlé) 759
- Tearmann Bearaigh (ar dheis) 366
- Cluain Dá Ráth (ar chlé)
- Béal Átha Liag (Lanesborough) 1,388
- Áth Luain 20,153
- Cluain Mhic Nóis (ar chlé)
- Droichead na Sionainne (ar chlé) 206
- Beannchar (ar chlé) 1,653
- Port Omna (ar dheis) 1,530
- Tír Dhá Ghlas (Loch Deirgeirt, ar chlé)
- Baile Uí Bheoláin (Mountshannon) (Loch Deirgeirt, ar dheis) 152
- Drom Inbhir (Loch Deirgeirt, ar chlé) 113
- Béal an Átha (ar chlé) 2,442
- Cill Dalua (ar dheis) 1,292
- Droichead Uí Bhriain 235
- Caisleán Uí Chonaill (ar chlé) 1,917
- Ard na Croise
- Luimneach 87,081
An t-inbhear:
- Sionainn (ar dheis) 9,673
- Cill Rois (ar dheis) 2,695
- Carraig an Chabhaltaigh (ar dheis)
- Faing (ar chlé) 543
- An Gleann (ar chlé) 577
- Tairbeart (ar chlé) 551
- Béal Átha Longfoirt (ar chlé) 418
- Baile an Bhuinneánaigh (ar chlé) 1,354
Craobh-aibhneacha na Sionainne
[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An Bhúill: Mainistir na Búille 2,588
- Abhainn na Loinge: Bealach an Doirín 1,822
- An Chamlinn: Longfort 9,601
- An Eidhneach: Ros Comáin 5,693
- An Eithne: An Muileann gCearr 20,103
- An Bhrosnach: Baile Uí Mhatháin 1,563, An Féar Bán 1,165, Tulach Mhór (Abhainn Thulach Mhór) 14,361
- An tSuca: An Caisleán Riabhach 1,985, Áth Liag 241, Béal Átha na Sluaighe 6,577
- An Bhrosnach Bheag: Biorra 5,452
- An Inthe: Buiríos Uí Chéin 1,145, Cloch Shiurdáin 511
- An Ghaothach: An tAonach 8,439
- An Ghréin: An Scairbh 798
- Abhainn Ó gCearnaigh (Ratty River):[15] Droichead Abhann Ó gCearnaigh 1,839, Bun Raite 219
- An Forghas: Inis 25,360, Cora Chaitlín (Newmarket-on-Fergus) 1,773
- An Mháigh: Áth Dara 1,106
- An Daoil: Ráth Caola 1,550, Eas Géitine 1,149
- An Fhéil: Lios Tuathail 4,338, Mainistir na Féile 2,007
Fo-Abhantracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Abhantracha fionnuisce (le hachair km2), leis an sruth:
Bruach ar chlé:
- Loch Aillionn 415 km2[2]
- An Eislinn 73 km2[16]
- Abhainn na Reanna 311 km2[16]
- An Chamlinn 352 km2[16]
- An Eithne 1,254 km2[16]
- An Bhrosnach 1,248 km2[16]
- An Bhrosnach Bheag 662 km2[16]
- An Inthe 182 km2[16]
- An Ghaothach 321 km2[16]
- An Mhaoilchearn 660 km2[2]
Bruach ar dheis:
- An Bhúill 725 km2[16]
- An Eidhneach 78 km2[16]
- An tSuca 1,600 km2[16]
- Abhainn na Ceapaí, Abhainn Choill Chró 414 km2[16]
- An Gréine 295 km2[16]
Abhantracha an Inbhir
Bruach ár chlé:
Bruach ar dheis:
- Abhainn Ó gCearnaigh (Ratty River) 233 km2[2]
- An Forghas 1,043 km2[2]
Tá go leor craobh-aibhneacha beaga eile a théann isteach sa tSionainn feadh a turais.
Locha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an-cuid lochanna lastigh d'abhantrach na Sionainne, idir an abhainn féin agus na fo-abhantracha. Seo a leanas na cinn is mó:
Loch | Achar | Abhantrach |
---|---|---|
Loch Deirgeirt | 130 km2 | An tSionainn |
Loch Rí | 105 km2 | An tSionainn |
Loch Aillionn | 35 km2 | An tSionainn |
Loch Síleann | 19 km2 | An Eithne |
Loch Ainninn | 14.34 km2 | An Bhrosnach |
Loch Uí Ghadhra | 11.9 km2 | An Bhúill |
Loch Dairbhreach | 10.8 km2 | An Eithne |
Loch Uail | 10.3 km2 | An Bhrosnach |
Loch Bó Finne/Loch Bó Dearg/Scannal | 9.7 km2[17] | An tSionainn |
Loch Cé | 8.4 km2 | An Bhúill |
Loch Gréine | 3.7 km2 | An Ghréin |
Loch Foirbis | 3 km2 | An tSionainn |
Loch Éadaoine | 2.7 km2 | An Bhúill |
Loch Fuinseann | 2.5 km2[18] | An tSionainn |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An tSionainn
- Inbhear na Sionainne
- Talamh Calaidh na Sionainne
- Aibhneacha na hÉireann
- Liosta Aibhneacha na hÉireann
- Liosta Lochanna na hÉireann
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ina measc: An Fhéil 34.6 m3/s, An Mhaigh 15.6 m3/s, An Forghas 25.7 m3/s agus An Daoil 7.4 m3/s
- ↑ 63.5-mile (102.2 km)
- ↑ Loch Deirgeirt 24 mi, Loch Rí 18 mi, Loch Aillionn 7 mi, i dteannta le Loch Bó Dearg, Loch Bó Finne, Loch Foirbis agus Loch na gCurrach
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Ordnance Survey (Ireland) Educational Facts". Dáta rochtana: 2014-10-09.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 2.6 2.7 "Biology and Management of European Eel (Anguilla anguilla, L) in the Shannon Estuary, Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-09-07. Dáta rochtana: 2025-06-18.
- ↑ 3.0 3.1 South Eastern River Basin Management: Page 38 Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine
- ↑ Long-term effects of hydropower installations and associated river regulation on River Shannon eel populations: mitigation and management Curtha i gcartlann 2016-03-04 ar an Wayback Machine
- ↑ SFPC Maintenance Dredging Application: Table 3-7 Curtha i gcartlann 2014-12-08 ar an Wayback Machine
- ↑ "Ask about Ireland".
- ↑ "Shannon River Basin District".
- ↑ Shannon International River Basin District Eel Management Plan Curtha i gcartlann 2013-12-14 ar an Wayback Machine
- ↑ Ordnance Survey of Ireland: Rivers and their Catchment Basins 1958 (Table of Reference)
- ↑ P. W. Joyce (1900). "Atlas and Cyclopedia of Ireland". Murphy & McCarthy.
- ↑ "River Habitat Survey, Fig. 2". Dáta rochtana: 2014-10-09.
- ↑ "European Commission Rivers Map". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-08-19. Dáta rochtana: 2014-10-09.
- ↑ Shannon Catchment-based Flood Risk Assessment and Management (CFRAM) Study. Page 3 [1] Curtha i gcartlann 2015-04-04 ar an Wayback Machine
- ↑ "Census 2011 – Population Classified by Area – Table 5". Dáta rochtana: 2014-10-12.
- ↑ Draft Clare County Development Plan 2017–2023 Volume 3b Shannon municipal district written statement and maps December 2015[nasc briste go buan] p.18
- ↑ 16.00 16.01 16.02 16.03 16.04 16.05 16.06 16.07 16.08 16.09 16.10 16.11 16.12 Dublin Marine Institute 1998: Studies of Irish Rivers and Lakes: Moriarty, Christopher – Table 10.1.
- ↑ "Google Maps". Dáta rochtana: 2014-10-12.
- ↑ "THE GSI GROUNDWATER NEWSLETTER – Page 9". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2014-10-12.