Jump to content

Abhainn na Mainistreach

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAbhainn na Mainistreach
Íomhá
CineálAbhainn Cuir in eagar ar Wikidata
Foinse
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh
Limistéar riaracháinuiscí idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomhan tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 40′ N, 8° 37′ O / 52.67°N,8.62°W / 52.67; -8.62

Is tréig-abhainn na Sionainne í Abhainn na Mainistreach (Béarla: Abbey River[1]) a shíleann ó thoir agus ó dheas timpeall Oileán an Rí i gcathair Luimnigh. Casann sí arís leis an Sionainn ag Oileán Gheata Ifrinn,[2][3] nach bhfeictear ach ag lag trá.[4] Téann na droichid a leanas trasna na habhann: Droichead na Mainistreach, Droichead Baal, Droichead na Canálach, Droichead Mhaitiú, Droichead Uí Dhuibhir agus Cosdhroichead Síbhéalta Uí Allmhuráin. Ainmníodh an abha as an iar-Mhainistir Phroinsiasach in aice léi.

Óir go raibh Oileán na Rí timpeallaithe ag an Sionainn agus Abhainn na Mainistreach, bhí sé sách éasca é a chosaint. Bunaíodh Luimneach ann ag Lochlannaigh sa naoú haois.[5] Bhí ról riachtanach ag an abhainn ó shin i leith, go háirithe le linn léigear 1650 Chromail,[6] agus léigear 1691 sa Chogadh an Dá Rí.[7]

Seandálaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go luath sna 2000í, fuarthas roinnt déantán stairiúil tar éis don abhainn a taosctha, ina measc: séala Caladh Luimnigh; buamaí moirtéir slána as na 1690í; agus déantán cré-umha Lochlannach, c. 1000.[8]

  1. Abhainn na Mainistreach ag an bunachar Logainm.ie
  2. Simms, J.G. (1986). "War and Politics in Ireland, 1649-1730". Londain: Hambledon Press. The Shannon divides at Limerick; a branch, called the Abbey river, makes an island which was called the King's Island.”
  3. "Abbey River, Ireland". National Geospatial-Intelligence Agency, Bethesda, Maryland, US (5ú Bealtaine 1998). Dáta rochtana: 23ú Deireadh Fómhair 2013.
  4. "Changing Customs and Hunt". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Deireadh Fómhair 2014. Dáta rochtana: 31d Bealtaine 2016.
  5. "Medieval Ireland: An Encyclopedia" (1d Nollaig 2004). CRC Press. Viking raiding parties used the Shannon from the 830s, attacking churches along its route and, by mid-century, had established a settlement at Limerick, building a fortress on Inis Sibtond. It was a very strategic site, protected from the west by the Shannon and elsewhere by the Abbey River.”
  6. Lenihan, Maurice (1866). "Limerick; Its History and Antiquities, Ecclesiastical, Civil, and Military: From the Earliest Ages, with Copious Historical, Archaeological, Topographical, and Genealogical Notes". Baile Átha Cliath: Hodges, Smith, and Company.
  7. Burke, James (1d Lúnasa 2001). "Conquest and resistance: war in seventeenth-century Ireland": 286. Clearly it was Ginkel’s intention to launch an amphibious assault over the Abbey and then cross the boggy ground to the breach…. Such an assault would present many dangers. The river was not fordable and a bridge would have to be constructed under fire.”
  8. McLaughlin, Brian. "Archaeological finds dug up during drainage works on display".