Abdulrazak Gurnah
Úrscéalaí agus acadóir Briotanach a rugadh insa dTansáin is ea Abdulrazak Gurnah. I Sabhdánacht Shainsibeár ar an 20ú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1948 a rugadh é. Ina theifeach a bhí Gurnah nuair a bhog sé go dtí an Ríocht Aontaithe, rud a dhein sé i gcaitheamh na 1960s, .i. le linn Réabhlóid Shainsibeár.
I measc na leabhar is cáiliúla dá chuid, d'fhéadfaí na cinn seo a leanas a lua: Parthas (Béarla: Paradise), a foilsíodh sa bhliain 1994, a fuair áit ar ghearrliosta Dhuais Booker agus Dhuais Whitbread araon; In aice na mara, a bhí i measc na leabhar ar ghearrliosta Dhuais Leabhar an Los Angeles Times; agus Tréigean, a foilsíodh sa bhliain 2005 agus a bhain áit amach ar an ngearrliosta i gcomhair Dhuais Scríbhneoirí an Comhlathais.
Do moladh Duais Nobel na Litríochta d’Abdulrazak Ghurnah sa bhliain 2021. Mar aitheantas ar an "ndianscagadh diongbháilte atruach a dhein sé ar thionchar an choilíneachais agus ar chinniúint na dteifeach a mhaireann idir chultúir agus ilchríocha" a bronnadh an Duais air, dar leis an Acadamh Sualannach.[1] Ollamh gradaim le Béarla agus Litríochtaí Iarchoilíneacha ag Ollscoil Kent is ea é.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 'The Nobel Prize in Literature 2021'. NobelPrize.org. Nobel Prize Outreach 2025. https://www.nobelprize.org/prizes/literature/2021/summary/
| Is síol beathaisnéise é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |