Abdullah Öcalan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAbdullah Öcalan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Aibreán 1949
75 bliana d'aois
Ömerli, An Tuirc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAnkara University Faculty of Political Science (en) Aistrigh
Ollscoil Ankara Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheİmralı
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, gníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Oibrithe Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Choirdis agus An Tuircis
Teaghlach
CéileKesire Yıldırım (1978–) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínMehmet Öcalan, Fatma Öcalan agus Osman Öcalan
Duine muintearthaDilek Öcalan (neacht)
Ömer Öcalan (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinabdullah-ocalan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm7643627 iTunes: 496854887 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Abdullah "Apo" Öcalan ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine (Partiya Karkerên Kurdistan, PKK). Rugadh é ar an 4 Aibreán 1948 i Ömerli, Şanlıurfa, sa gCordastáin Thuaidh (oirdheisceart na Tuirce). Maoch a bhí sé nuair a raibh sé óg, agus chuir sé tús don ghrúpa Marxach an PKK i 1978, chun stát Marxach Coirdíneach neamhspleách a bhunadh.

Tacadóirí Öcalan ag déanamh agóide i Londain, Aibreán 2003

Bhí sé sa tSiria thuas go 1998, ach ansin chuir rialtas na Tuirce an-bhrú ar rialtas na Siria chun é a chur as an tír úd. Rugadh na Turcaigh air i mí Feabhra sa bhliain 1999 i Nairobi, i gCéinia, le cabhair ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Anois tá sé i bpríosún ar Oileán İmralı, sa Tuirc. Níl príosúnach ar bith eile san phríosún, agus tá 1,000 saighdiúirí ar garda ann.

I 1991, thit an Aontas Sóivéadach. D'éirigh Öcalan in amhras faoi Mharxachas. Rinne sé staidéar ar an stair, ar an miotaseolaíocht na Measpatáim, agus ar an saothar Murray Bookchin, ainrialaí Meiriceánach. D'fhorbair Öcalan fealsúnacht nua: cónaidhmeacht daonlathach (Béarla: democratic confederalism). Níor chreid Öcalan i Marxachas níos mó. Bhí Öcalan ag iarraidh sochaí gan stát a bhunadh, sochaí fhrithchaipitlíoch, inbhuanaithe agus le saoradh na mban. Thug Öcalan "Jineology" ar an bhfeimineachas Coirdíneach, ó bhfocal "jin" (bean) as Coirdis. Is é cónaidhmeacht daonlathach an idé-eolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Cordastáine, Pháirtí Aontais Dhaonlathaigh (Partiya Yekîtiya Demokrat‎) i Rojava (Cordastáin Thiar), agus Ghluaiseacht Le Haghaidh Sochaí Daonlathaí (Coirdis: Tevgera Civaka Demokratîk‎ ; Araibis: حركة المجتمع الديمقراطي) i dTuaisceart na Siria.