Aarne Haapakoski

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAarne Haapakoski

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith18 Márta 1904
Pieksämäen maalaiskunta, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Eanáir 1961
56 bliana d'aois
Málaga, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaEnglish Cemetery in Malaga (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1931 –
Ainm cleiteOutsider
Halt Denis
Victor Mario
Charles Snyder
Rigor Morton
William B. Harrow
Antti Rokka
Henrik Horna
Rautamies Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhionlainnis
Gradam a fuarthas

Iriseoir Fionlannach agus scríbhneoir lónléitheoireachta ab ea Aarne Haapakoski, mar a thugadh sé air féin. Rugadh i bPieksämäki ar an 18ú de mhí Márta bhliain 1904 é mar Aarne Laitinen, agus d'éag sé ar an 24ú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1961, i Málaga, sa Spáinn.

Scríobhadh sé scéalta eachtraíochta faoin ainm cleite Outsider. Chuaigh sé i mbun pinn ag cumadh eachtraí éadroma i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí muintir na Fionlainne in ísle brí, agus cheap sé beirt laochra Fionlannacha a bhí in ann teacht slán as dainséir an tsaoil mhóir, mar atá, Pekka Lipponen agus Kalle-Kustaa Korkki.

Fuair an náisiún an chéad aithne ar an mbeirt ar an raidió sa bhliain 1945, agus bhí a gcuid eachtraí á gcraoladh go laethúil go dtí go bhfuair an scríbhneoir bás.

Cé is moite de Lipponen agus Korkki, tá clú ar Haapakoski mar scríbhneoir ficsin eolaíochta. Sna blianta 1947-1948, d'fhoilsigh sé sraith de scéalta faoi eachtraí an róbait Atorox.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]