Jump to content

A Journey to the Western Islands of Scotland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharA Journey to the Western Islands of Scotland
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarSamuel Johnson Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1775 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánradialann Cuir in eagar ar Wikidata
Project Gutenberg: 2064

Is leabhar taistil agus eachtraíochta de chuid Samuel Johnson é A Journey to the Western Islands of Scotland. Foilsíodh é sa bhliain 1775 le cur síos a dhéanamh ar chamchuairt a rinne Johnson, in aois a seasca trí bliana dó, sa bhliain 1773, agus a leathbhádóir albanach i bfhaid níos óige, James Boswell, a chur ina luí air tabhairt faoin turas, thart faoin Alban ach go háirithe na hoileáin iartharach, . D'fhoilsigh Boswell a chuir síos féin ar an turas sa bhliain 1785, tar éis bás Johnson. Bhí leabhar Boswell dírithe ar an aistear, na comhráite a bhí acu le daoine áitiúil agus iompar agus mothúcháin Johnson. Thug leabhar Johnson léiriú suimiúil agus úsáideach ar na hOileáin Siar ag an tráth sin ó thaobh cultúr, tírdhreach, tíreolaíocht, stair, an daonra, nósanna, an dlí, an tsochaí an teanga, an chreidimh, na slíte beatha, an feirmeoireacht, an iascaireacht agus an eacnamaíocht.

Tá cur síos sa leabhar ar thús agus deireadh an turais ar mhórthír na hAlbaine, ach den chuid is mó díríonn sé ar na hoileáin. Do thaisteal siad i mbáid nó ar dhroim eiche den chuid is mó. Dúirt sé nach raibh bóithre ró-choitiannta agus gur lean siad an talamh ard den chuid is mó chun na portaigh a sheachaint. Fuair siad lóistín ó na hUasail, 'Lairds', agus cuireadh fáilte mór rompu i ngach áit. Bhí talamh ar chíos ag an gcosmhuintir ó na hUasal agus iad faoi bhrú chun an turastal a íoch. De bharr sin bhí neart daoine ag dul ar an mbád bán go dtí SAM. Bhí siad ag maireachtáil ar eoirne, fataí agus bainne. Bhí ba, caoire, capaill agus gabhar acu anuas ar sin. In áiteanna ní raibh airgead á úsáid agus ní raibh tionscadail déantúsáiochta forleathan seachas na gabhain agus na drioglanna. Protastúnaigh coimeádeach a bhí ina bfhormhór den phobal agus gan ach dhá oileáin bheag Caitleachach. Gaeilge a bhí i mbéal an phobail ach dímheas ag Johnson uirthi de bharr nach raibh lítríocht ársa breactha síos sa dteanga. Rinne sé tagairt don leabhar Ossian a bhí i mbéal an phobail ag an am sin, ach níor chreid sé gur ó bhuncháipéisí scríofa i nGaeilge a d'eascar sé. Nior léirigh sé an dímheas chéanna ar Ghaeilge na hÉireann nó an Bhreatainis. Ni raibh feidhm ag dlíthe Sasain san áit, in ainneoin briseadh Culloden agus bhí cumhacht iomlán ag na hUasail chun breithiúnais a thabhairt agus píonóis a ghearradh. Rinne sé iarracht méid an phobail agus méid na hoileáin a mheas ach d'ádhmhaí sé nach féidir braith ar a thomhaiseanna.

Leabhar tábhachtach é chun tuiscint aicint a bheith againn ar ana chuid gnéithe de na hoileáin iartharach san Alban ag an bpointe sin.

  • Pat Rogers, ed. (1993). Johnson and Boswell in Scotland. Yale University Press. The two accounts are presented side-by-side, page-by-page. ISBN 978-0-300-05210-7
  • A Journey to the Western Islands of Scotland, scanned page images, online first edition.
  • A Journey to the Western Islands of Scotland, scanned book, 1791 edition. Internet Archive
  • A Journey to the Western Islands of Scotland at Project Gutenberg. Plain text and HTML versions.
  • Donald MacNicol. Remarks on Dr. Samuel Johnson's Journey to the Hebrides; in which are contained observations on the antiquities, language, genius, and manners of the Highlanders of Scotland. London: Printed for T. Cadell, 1779. From Internet Archive.