Jump to content

AWS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAWS
Sonraí
Ainm gearrAWS Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálardán ríomhaireachta
hyperscaler (en) Aistrigh
platform as a service (en) Aistrigh
internet hosting service (en) Aistrigh
gnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíDelaware corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhMárta 2006
Gníomhaíocht
Ball deFondúireacht Linux
Coalition for Networked Information (en) Aistrigh
Business Software Alliance
Internet2 (en) Aistrigh
Rust Foundation
Overture Maps Foundation
Open Data Institute (luach anaithnid–) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinAndy Jassy (2019–2021) Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtAmazon Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirAmazon Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Suíomh gréasáinaws.amazon.com Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: amazonwebservices X: awscloud Youtube: UCd6MoB9NC6uYN2grvUNT-Zg Twitch: aws Cuir in eagar ar Wikidata

Seirbhís néal ríomhaireachta de chuid Amazon is ea Amazon Web Services, nó AWS, ar cheann de na seirbhísí néalríomhaireachta is mó agus is tábhachtaí ar domhan. Bunaíodh AWS in 2006 mar chuid de Amazon.com, .

Ionad AWS ollmhór in Oregon

Príomhsheirbhísí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann AWS raon leathan seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear néalríomhaireacht (EC2), néalstóráil (S3), bunachair shonraí (RDS), líonrú, agus go leor eile. Soláthraíonn AWS bonneagar is féidir a scálú go héasca de réir riachtanais an chustaiméara.

Úsáideann gnólachtaí beaga agus móra araon AWS - ó ghnólachtaí onnmhaire amhail Netflix, Airbnb, agus NASA go cuideachtaí nua agus forbróirí aonair.

Oibríonn AWS ar mhúnla "íoc-mar-a-úsáidtear" - íocann custaiméirí as na hacmhainní a úsáideann siad amháin. Ciallaíonn sé seo gur féidir le gnólachtaí costais a laghdú agus scálú suas nó síos de réir mar is gá. Tugann AWS deis mar sin do ghnólachtaí de gach saghas seirbhísí ríomhaireachta a úsáid gan infheistíocht ollmhór i mbonneagar fisiceach.

Tá ionaid sonraí ag AWS ar fud an domhain (in Éirinn chomh maith), rud a ligeann do chustaiméirí seirbhísí a chur ar fáil go háitiúil agus dlíthe áitiúla um chosaint sonraí a chomhlíonadh.

Ar an 20 Deireadh Fómhair 2025 d'imigh na céadta suíomh idirlín agus aipeanna as líne ar fud an domhain. Bhí AWS, as ord ar feadh roinnt uaireanta an chloig, rud a chuir isteach ar na mílte suíomh idirlíne agus gnóanna ar líne. Fadhb theicniúil le AWS faoi ndear é seo. Ghoill an fhadhb ar shuíomhanna áirithe, ina measc 'Snapchat' agus 'Lloyds Bank'.[1] Bhí deacrachtaí ag go leor daoine fáil isteach i suíomhanna idirlín agus aipeanna ar nós Duolingo agus Zoom Ní raibh tionchar mór ag na fadhbanna in Éirinn.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]