Jump to content

ARA General Belgrano

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachARA General Belgrano
Ainmneacha
  • ARA Diecisiete de Octubre
    (1956)

    ARA General Belgrano
    (1956) Cuir in eagar ar Wikidata

EapainmManuel Belgrano Cuir in eagar ar Wikidata
LongchlósNew York Shipbuilding Corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit táirgtheCamden Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Seoladh loinge
12 Márta 1938
Longbhriseadh
2 Bealtaine 1982 Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)
Saintréithe teicniúla
Cineálcommission (en) Aistrigh
light cruiser (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AicmeDiecisiete de Octubre-class light cruiser (en) Aistrigh agus Brooklyn-class light cruiser (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fad185 m Cuir in eagar ar Wikidata
Luas32.5 kn Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
CoimhlintCogadh Fháclainne Cuir in eagar ar Wikidata

Cúrsóir éadrom na hAirgintíne ba ea an ARA Ginearál Belgrano, a cuireadh go tóin poill le 323 ar bord ar an 2 Bealtaine 1982 le linn Chogadh na Malvinas.[1]

An Belgrano in Ushuaia in 1982
HMS Conqueror
Cuimhneachán Belgrano: thug mairnéalaigh na S-A ómós in 2007

Shuncáil fomhuireán Briotanach, an HMS Conqueror, an cúrsóir Airgintíneach General Belgrano le toirpéid.

Maraíodh 323 de chriú na loinge, agus b'éigean leis an seacht gcéad eile acu fanacht le lucht a dtarrthála i bhfarraige fhuar stoirmeach. Sa deireadh, tháinig longa Airgintíneacha agus Síleacha chun fortachta dóibh.

I ndiaidh shuncáil an Belgrano, bhí misneach an chabhlaigh Airgintínigh briste ar fad. D'fhill siad abhaile, agus níor fhág siad an cuan a thuilleadh.

Bhí na heitleáin Airgintíneacha ábalta sásamh éigin a bhaint, nó ar an ceathrú lá de mhí Bealtaine, d'ionsaigh siad HMS Sheffield, scriostóir Sasanach. Buaileadh an Sheffield le diúracáin de chuid na n-eitleáin, agus chuaigh sí trí thine agus go tóin poill.[2][3]

Tharraing an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, siar tacaíocht na hÉireann do smachtbhannaí Eorpacha in aghaidh na hAirgintíne. Chuir sé seo fearg ollmhór ar Margaret Thatcher, Príomh-Aire na Breataine, agus thit siad amach le chéile.

Tar éis bua in Oileáin Fháclainne bhí bua eile aici sa toghchán in 1983.[4] Bhí an-mhíshástacht sa Bhreatain i leith riail Thatcher ag tús na 1980idí. Ach mhéadaigh bá an phobail dí nuair a bhuaigh an Bhreatain Cogadh na Falklands-Malvinas.

Bhí suncáil an General Belgrano ina cúis achrainn ina dhiaidh sin i saol polaitiúil na Ríochta Aontaithe, ó bhí an long taobh amuigh den limistéar cogaidh timpeall na n-oileán, nuair a hionsaíodh í.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Sinking of ARA General Belgrano" (as en) (2026-03-15). Wikipedia.
  2. theguardian.com (2017). "Revealed: catalogue of failings that sank Falklands warship HMS Sheffield". Dáta rochtana: 2026.
  3. "HMS Sheffield, Falklands War 1982". www.naval-history.net. Dáta rochtana: 2026-03-25.
  4. Sorcha Ní Riada / vifax.maynoothuniversity.ie (2013). "Bean an Iarainn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-28. Dáta rochtana: 2022.
  5. Físeán: Thatcher ag labhairt faoi (2009-05-17). "The Belgrano".