Meatán
Substaint cheimiceach | aicme eintiteas ceimiceach |
---|---|
Mais mhóilíneach | 16.031 Da |
Fionnachtaí nó aireagóir | Alessandro Volta |
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh | 1777 |
Tacsón ina n-aimsítear é | Callyspongia, Callyspongia truncata, Petrosia ficiformis, Petrosia, Petrosia durissima, Dittrichia viscosa, Aspergillus, Mandragora turcomanica, Mandragora officinarum, Stangeria eriopus, Cycas revoluta, Macrozamia riedlei, Dioon spinulosum, Macrozamia communis, Cycas media, Ceratozamia mexicana, Zamia furfuracea, Eumaeus atala, Zamia integrifolia, Datura inoxia, Datura innoxia, Datura discolor, Elephantopus elatus, sú talún agus Streptomyces catenulae |
Ról | gás ceaptha teasa agus reducing agent (en) |
Struchtúr ceimiceach | |
Foirmle cheimiceach | CH₄ |
SMILES canónta | |
InChI | Model 3D |
Airí | |
Dlús | 0.717 kg/m³ (a 0 °C, gás) 422.36 kg/m³ (a −161.6 °C, leacht) |
Luas forleata fuaime | 1,337 m/s (−161.5 °C, leacht) 450 m/s (27 °C, gás) |
Móimint leictreach dhépholach | 0 D |
Pointe leáite | −182.49 °C −182.46 °C |
Fiuchphointe | 111.4 K (a 1 atm) −161 °C (a 101 Pa) −161.48 °C (a 101.325 kPa) |
Eantrópach mólarach caighdeánach | 186.3 J/(mol K) |
Móimint leictreach dhépholach | 0 D |
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe | −74,520 J/mol |
Combustion enthalpy (en) | −890.3 kJ/mol |
Guais | |
Teocht uathadhainte | 537.8 °C |
Global warming potential (en) | 28 agus 84 |
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () | |
Eile | |
éadathachas agus odorlessness (en) |
CH4 is ea meatán, an t-alcán (hidreacarbón pairifín) is simplí dá bhfuil ann,[1] agus gás ceaptha teasa atá níos contúirtí ná CO2.[2]
Ceimic
Cruth teitrihéidreach atá ar an móilín, agus is tábhachtach an cruth sin sa cheimic orgánach. Gás inlasta gan dath gan bholadh, príomhchuid den ghás nádúrtha.
Éiríonn sé trí dhianscaoileadh anaeróbach, as seangáin ar thalamh dhífhoraoisithe, mianaigh guail, dumpaí, portaigh, dóiteáin foraoise, agus bealaí díleáite na mílte milliún ainmhithe ar domhan. Gás portaigh a thugtaí air leis na céadta bliain.[3]
Iarmhairt cheaptha teasa
Measann na heolaithe go bhfuil breis is dúbailt ar an tiúchan meatáin san aer le 300 bliain anuas, ó 650 cuid sa bhilliún go dtí 1700 cuid sa bhilliún, agus go bhfuil sé ag méadú 1% gach bliain anois. Cuireann sé go suntasach leis an iarmhairt cheaptha teasa san atmaisféar agus le timpeall 25% den fhorthéamh domhanda atá ag tarlú de bharr sceitheadh gáis cheaptha teasa ag an gcine daonna.[3]
B'fhusa iarmhairt meatáin sa phróiseas seo a laghdú ná iarmhairt déocsaíd charbóin, de bhrí nach maireann sé ach 10 mbliain san atmaisféar (maireann déocsaíd charbóin timpeall 200 bliain) agus nach gá ach gearradh siar 20% ar a tháirgeadh chun a thiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá an tuairim ag eolaithe ar leith go raibh tionchar tábhachtach ag meatán i dtéamh is fuarú an domhain sna hoighearaoiseanna seo caite.[3]