Jump to content

Folús

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 20:58, 14 Meitheamh 2023 le HusseyBot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)

Spás nach bhfuil aon damhna ann. Sa tsaotharlann, is féidir staid gar don fholús a bhaint amach tríd an aer a chaidéalú amach as soitheach atá iata go hiomlán. Tomhaistear folús de réir an bhrú inti. Nialas an brú a bheadh ag folús foirfe, rud nach féidir a bhaint amach. An staid is gaire don staid seo is ea an spás idir-réaltach. Ach is féidir folúis 10-4-10-10 Pa a bhaint amach le teicneolaíochtaí nua-aoiseacha folúis i gcomhair turgnamh nuair is gá aon chur isteach ag adaimh eachtrannacha a choimeád as áireamh.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Folús". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.