Jump to content

Áirc an Chonartha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 20:00, 26 Márta 2015 le Dexbot (plé | dréachtaí)
(diff) ← An leasú roimhe seo | Leagan reatha (diff) | An chéad leasú eile → (diff)
Snoíodóireacht rilífe - Ard-Eaglais d'Auch (An Fhrainc)

Dar leis an mBíobla, soitheach beannaithe a bhí in Áirc an Chonartha, mar ar coinníodh na taibléidí cloiche ar a raibh na Deich nAitheanta scríofa. Dar le cuntas an Bhíobla, ordaíodh do Mhaois an Áirc a dhéanamh agus d'iompar beirt shagart í os comhair an phobail agus an airm. Luaitear míorúiltí éagsúla léi ar nós Abhainn na Iordáine a scaradh chun an slua a ligean thairsti, agus thit ballaí Ireachó nuair a iompraíodh an Áirc mórthimpeall orthu agus trompaí á séideadh. Luaitear an Áirc go minic sa Bhíobla agus i bhfinscéalta éagsúla ó shin. Ní fios cad a tharla di ó ghabh na Bablóinigh críocha na nGiúdach. Dúradh go raibh sí san Afraic agus in áiteanna éagsúla sa Mheán-oirthear, agus fiú i dTeamhair in Éirinn.