Monique Leyrac
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 26 Feabhra 1928 Montréal, Quebec |
Bás | 15 Nollaig 2019 91 bliana d'aois Montérégie, Quebec |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, amhránaí |
Tréimhse oibre | 1948 – |
Seánra | Amhrán |
Uirlis | Ceol gutha |
Lipéad ceoil | Columbia Records |
Gradam a fuarthas
| |
|
Amhránaí agus aisteoir Fraincise is ea Monique Leyrac (née Monique Tremblay) a rugadh in Montréal in Québec ar an 26 Feabhra 1928 agus a fuair bás ar an 15 Nollaig 2019.
Beatha
Rinne sí cúrsa drámaíochta agus í ina déagóir.[1] Tar éis di tamall de bhlianta a chaitheamh ag obair ar an raidió, chuaigh sí le hamhránaíocht. Rinne sí camchuairt san Eoraip agus sa Liobáin i 1950-51 agus ansin thosaigh ag canadh in dhá cheabairé iomráiteacha in Montréal. In 1965 ghnóthaigh sí duais ag Féile Idirnáisiúnta na hAmhránaíochta i Sopot sa Pholainn le “Mon Pays”.
Thosaigh sí ag aisteoireacht ar an teilifís sna seascaidí agus rinne páirt sa tsraith theilifíse "Les Enquêtes Jobidon". In 1970 rinne sí príomhpháirt sa scannán The Act of the Heart. Sna hochtóidí thosaigh sí ag scríobh agus ag léiriú seónna aonair. Nuair a d’éirigh sí as an amhránaíocht chaith sí a dúthracht leis an teilifís agus le scannáin.
Bhí sí pósta le Jean Dalmain, aisteoir agus stiúrthóir. In 1983 d’fhoilsigh sí dírbheathaisnéis, Mon enfance à Rosemont.
Dioscliosta
Albaim
- 1963 : Monique Leyrac chante Léveillée et Vigneault
- 1964 : Pleins feux sur Monique Leyrac
- 1965 : Monique Leyrac
- 1966 : Monique Leyrac en concert
- 1967 : Monique Leyrac
- 1967 : Monique Leyrac à Paris
- 1968 : Monique Leyrac chante la joie de vivre
- 1968 : Beautiful morning
- 1969 : Monique Leyrac
- 1972 : Monique Leyrac : 1678-1972
- 1975 : Monique Leyrac chante Nelligan
- 1977 : Monique Leyrac chante Félix Leclerc
Cnuasaigh
- 1971 : Les grands succès de Monique Leyrac
- 1973 : Parlez-moi de vous (2 albam)
- 1975 : L'hiver
- 1996 : Les refrains d'abord
- 1997 : Collection Émergence
- 2007 : La diva des années 60
Scannáin agus teilifís
- 1949: Les Lumières de ma ville: Monique Fontaine
- 1959: Félix Leclerc, troubadour: Elle-même
- 1962 – 1964 (sraith theilifíse): Les Enquêtes Jobidon: Mlle Claire
- 1970: Act of the Heart: Johane Foss
- 1986 – 1988 (sraith theilifíse): Des dames de cœur: Laurence Trudel
Onóracha
- 1965: Ban-amhránaí na bliana ag an Gala du disque québécois
- 1967: Oifigeach d’Ord Cheanada
- 1979: Duais Calixa-Lavallée
- 1997: Duais Thaibh-Ealaíona an tSeanascail
- 1998: Ridire Ord Náisiúnta Québec
- 2013: Duais Denise-Pelletier[2]
Le cloisteáil
Monique Leyrac - Mon pays (Sopot 1965) [1]
Monique Leyrac - Pour cet amour [2]
Nótaí
- ↑ Monique Leyrac Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine, in Québec Info Musique (qim.com).
- ↑ « Leyrac, Monique » Curtha i gcartlann 2016-03-03 ar an Wayback Machine, Prix Denise-Pelletier 2013.