6-7 (méim)
Is méim idirlín agus téarma béarlagair é 6-7 (a fhuaimnítear mar "six seven" agus "sé seacht" sa Ghaeilge; scríobhtar é mar 67 agus 6 7) a tháinig chun solais go luath sa bhliain 2025 sna Stáit Aontaithe ar TikTok agus ar Instagram Reels. Tháinig sé ón liric a dhéantar a athrá go mion minic san amhrán "Doot Doot (6 7)" le Skrilla. Úsáideadh é ansin ar na meáin shóisialta, i bhfíseáin ina raibh imreoirí cispheil gairmiúla, go háirithe LaMelo Ball, atá 6 troigh 7 n-orlach (2.01 méadar) ar airde. Scaipeadh níos faide é de bharr an imreora Overtime Elite Taylen 'TK' Kinney.
Is minic a chuirtear é i gcomparáid le 41 (a léitear mar: forty-one) [daichead a haon], méim atá cosúil le 6-7 ó thaobh a mbunúis, ina ndeir an rapálaí Blizzi Boi an uimhir “41” arís agus arís eile ina amhrán “41 Song (Saks Freestyle)".
Scaip an téarma “6-7” mar chaint neamhfhoirmeálta i measc Glúin Z agus Glúin Alfa sna Stáit Aontaithe i mí an Mhárta 2025, agus múinteoirí ag tuairisciú go forleathan go bhfuil sí in úsáid i measc scoláirí meánscoile agus bunscoile.[1] Scaip sí ar fud an domhain ina dhiaidh sin. De réir foinsí iomadúla, measadh gur lobhadh inchinne[2] í an mhéim “6-7” .
Foinse agus scaipeadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an béarlagair ón rapamhrán druil "Doot Doot (6 7)", ina ndéanann an rapálaí Meiriceánach Skrilla : "...I know he dyin' (oh my, oh my God) 6-7, I just bipped right on the highway (Bip, bip)" agus an buille ag titim.
Mar chaint neamhfhoirmeálta, níl brí ar bith leis na huimhreacha; tagann an greann ón fhánaíocht í féin agus óna fhuaim spraíúil. Fanann brí na n-uimhreacha san amhrán débhríoch: cheangail roinnt daoine é le 67th Street i mbaile dúchais Skrilla i bhFilideilfia, nó le 67th Street i Chicago. Dar leis an teangeolaí agus saineolaí ar Bhéarla Afra-Mheiriceánach, Taylor Jones, d'fhéadfadh sé tagairt a dhéanamh do "10-67", an cód raidió de chuid na bpóilíní i bhFilideilfia chun bás a chur in iúl. Dúirt Skrilla é féin, "Ní chuir mé brí fhíor leis riamh agus ní bheadh fonn orm é sin a dhéanamh go fóill."
Is siobaileat é 67, mar níl brí shocraithe leis na huimhreacha. Thosaigh úsáideoirí ar na meáin shóisialta an mhéim a úsáid i gcomhthéacsanna difriúla amach is amach, ar nós nuair a faightear 67% ar scrúdú.
Thart ar an am céanna, tháinig Taylen "TK" Kinney, dalta meánscoile de chuid Overtime Elite, chun bheith go láidir ceangailte leis an bhfrása. Scaip gearrthóg de ag rá "six, seven" faoi dheoch Starbucks go rábach ar na meáin shóisialta. Fuair sé an leasainm "Mr. 6-7". Ina dhiaidh sin, sheol sé branda "6-7" uisce agus shaothraigh sé airgead maith.[3]
Tá sainaithint mar pháirt an fheiniméin de "lobadh inchinne" (meáin dhigiteacha ar chaighdeán íseal a bhfuil tóir orthu i measc Glúin Alfa agus sa chultúr idirlín na linne 2020idí i gcoitinne) ag an méim. Cumadh an leasainm "Mason 67" chun buachaillí a bhaineann ró-úsáid as an téarma a thagairt.

67 Kid [Páiste 67]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 31 Márta 2025, chuir an YouTuber Cam Wilder físeán ar líne dar teideal "My Overpowered AAU Team has Finally Returned!" (stílithe i gcás uachtair go léir) ina bhfeictear buachaill, Maverick Trevillian—ar tugadh an leasainm "67 Kid" air ina dhiaidh sin—ag dul suas chuig an gceamara agus ag béicíl "six seven" agus é ag déanamh comhartha láimhe ina bhfuil sé ag bogadh a lámha suas agus síos le bosa aghaidh suas.
I mí Lúnasa 2025, thosaigh úsáideoirí sna meáin shóisialta ag cruthú eagarthóireachtaí grianghraf a chuir Trevillian as a riocht ar bhealach aisteach nó ainspianta ar cosúil le huafás analógach é. Déanann an mhéim seo, ar a dtugtar "SCP-067 Kid", aoir ar an SCP Foundation, tionscadal ficsean comhoibríoch faoi aimhrialtachtaí paranormálacha samhlaíocha.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ TODAY (2025-10-15). "Why Some Schools Are Banning '6-7' Slang Craze".
- ↑ "brain rot"
- ↑ "Gopuff Taps Into Viral Trend with Exclusive Launch of 6 7 Water" (en). Store Brands. Dáta rochtana: 2025-10-21.
- ↑ níor cheart "SCP-067 Kid" a chur trína chéile le "SCP-067" canónta, atá faoi pheann