Jump to content

2026 Tubaiste traenach Adamuz

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Imeacht2026 Tubaiste traenach Adamuz
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 38° 00′ 35″ N, 4° 33′ 53″ O / 38.00981°N,4.56481°W / 38.00981; -4.56481
Cineálraic traenach
tuairt traenach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid delist of rail accidents in Spain (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Eanáir 2026 (19:43. Am Lár na hEorpa) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhAdamuz, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Earra a úsáidtearETR 1000 p642 Aistrigh ILSA
Pointe imeachtaMálaga-María Zambrano Railway Station, An Spáinn
CríochphointeMadrid-Puerta de Atocha-Almudena Grandes, An Spáinn
Earra a úsáidtearRenfe Class 120 p642 Aistrigh Renfe Viajeros
Pointe imeachtaMadrid-Puerta de Atocha-Almudena Grandes, An Spáinn
Críochphointeestació de Huelva, An Spáinn
Líne cheangailMadrid–Seville high-speed rail line (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisderailment (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Number of hospitalized cases (en) Aistrigh48 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna íosmhéid 46 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe152 Cuir in eagar ar Wikidata
Imscrúduithe agComisión de Investigación de Accidentes Ferroviarios Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla tubaiste traenach Adamuz[1] ar an 18 Eanáir 2026 nuair a bhuail dhá thraein faoina chéile i ndeisceart na Spáinne tráthnóna. D'imigh ceann de na traenacha de na ráillí agus bhuail ceann ar aghaidh faoin traein eile gar do bhaile Adamuz i réigiún Córdoba, 360 ciliméadar ó dheas ó Mhaidrid.[2]

Maraíodh 40 duine.

Viaducto sobre el Arroyo de Pedro Gil

Is í seo an tubaiste traenach is measa sa Spáinn ó 2013. I mí Iúil 2013, tharla tubaiste traenach gar le Santiago de Compostela.[3] Maraíodh 79. D'íoc Allianz Global agus comhlachtaí eile €25 milliún mar chúiteamh.... in 2024.[4][5]

Tá an líonra traenach ardluais is mó san Eoraip ag an Spáinn do thraenacha a théann os cionn 250 ciliméadar san uair, le níos mó ná 3,100 ciliméadar. Bhí níos mó ná 25 milliún paisinéir thraenacha ardluas ag Renfe in 2024, agus 40 milliún in iomlán.[6]

Traein ardluais a bhí sa traein a d'imigh de na ráillí. Luas 200 ciliméadar san uair a bhí fúithi ag an am.

Tharla an tubaiste timpeall 7:45 pm am áitiúil (18:45 an na hEireann) ar 18 Eanáir. Bhí traein ardluais de chuid Iryo ag taisteal ó Málaga go Maidrid le 371 paisinéir ar bord.

D'imigh trí charráiste deiridh na traenach de na ráillí gar do stáisiún Córdoba-Julio Anguita. Ansin bhuail traein Alvia de chuid Renfe iad, traein a bhí ag taisteal ó Mhaidrid go Huelva le thart ar 200 paisinéir ar bord. De bharr an imbhuailte, caitheadh an dá charráiste tosaigh den dara traein anuas. Rinneadh dochar ollmhór don agus maraíodh an tiománaí Renfe.

Bhí thart ar 570 paisinéir ar an dá thraein, Spáinnigh a bhformhór.[2]

Dúirt Óscar Puente, Aire Iompair na Spáinne, go raibh sé "an-aisteach go deo" gur tharla an tubaiste ar chuid den iarnród a bhí athchóirithe i mí na Bealtaine 2025 mar chuid de thionscadal infheistíochta €700 milliún. Dúirt sé freisin go raibh na traenacha ag taisteal faoi bhun na teorann luais don chuid sin den líne agus go raibh córais sábháilteachta gníomhach i bhfeidhm.

  1. i mBéarla, 2026 Adamuz train derailments
  2. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-01-19). "39 duine maraithe i dtubaiste traenach sa Spáinn" (as ga-IE).
  3. Office of the President of Ireland. "Media Library News Releases" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  4. S. W. I. swissinfo.ch (2024-07-26). "Train driver, safety official convicted over Spain's worst train crash in decades" (en). SWI swissinfo.ch. Dáta rochtana: 2026-01-19.
  5. "Santiago de Compostela derailment" (as en) (2026-01-19). Wikipedia.
  6. Miguel Bustos (2025-02-10). "Renfe breaks all-time passenger record in 2024" (en-GB). Dáta rochtana: 2026-01-19.