Agóidí san Iaráin 2026
| ||||
| Cineál | agóid éirí amach agóid | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Asian Spring (en) | |||
| Tréimhse | 28 Nollaig 2025 - luach anaithnid | |||
| Dáta na bliana | 2020í | |||
| Suíomh | an Iaráin, An Iaráin Ahvaz, An Iaráin Arak, An Iaráin Dargahan, An Iaráin Farsan, An Iaráin Fasa, An Iaráin Fuladshahr, An Iaráin Hamadan, An Iaráin Isfahan, An Iaráin Izeh, An Iaráin Kermanshah, An Iaráin Mashhad, An Iaráin Najafabad, An Iaráin Nurabad, An Iaráin Qom, An Iaráin Shiraz, An Iaráin Sari, An Iaráin | |||
| Tír | an Iaráin | |||
| Sprioc | réabhlóid | |||
| Cúis | caimiléireacht san Iaráin údarásaíochas human rights in the Islamic Republic of Iran (en) dialathas Iran and state-sponsored terrorism (en) religious persecution (en) sex segregation (en) Iranian economic crisis (en) boilsciú international sanctions against Iran (en) | |||
Cuireadh tús le hagóidí ollmhóra san Iaráin ar an 28 Nollaig 2025. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le cúrsaí eacnamaíochta, ach leis an gcóras polaitíochta san iomlán.[1]






Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Iaráin faoi bhrú eacnamaíoch trom le tamall fada. Thit luach an rial (airgeadra na hIaráine) go dtí an leibhéal is ísle riamh - 1.4 milliún rial ar dhollar amháin - i ngeall ar bhoilsciú mór. Bhí tionchar ag smachtbhannaí idirnáisiúnta agus an cogadh 12 lá le hIosrael i Meitheamh 2025 ar an staid eacnamaíoch. Chuir seo go léir isteach go mór ar chaighdeán maireachtála an phobail.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tús na n-agóidí
Thosaigh na hagóidí i dTehran sa Bhasár Mór ar an 28 Nollaig. Dhún siopadóirí a siopaí agus d'eagraigh siad stailceanna, chun an-mhíshásamh a chur in iúl faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh.. Tá tábhacht stairiúil leis na siopadóirí sa bhasár - bhí ról lárnach acu sa Réabhlóid in 1979.
Ar an lá céanna chuir an tUachtarán Masoud Pezeshkian buiséad an stáit i láthair sa pharlaimint (an Majles).
Scaipeadh ar fud na tíre
Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre. Ghlac mic léinn ó ollscoileanna ar fud na hIaráine páirt sna léirsithe. Shroich na hagóidí gach ceann de 31 cúige na hIaráine. D'fhógair agóideoirí manaí in aghaidh an rialtais agus éilimh pholaitiúla níos leithne.
Bhí na hagóidí seo ar na cinn is mó san Iaráin ó agóidí Mahsa Amini in 2022 (gluaiseacht "Bean, Beatha, Saoirse"). D'fhéadfadh siad fiú a bheith ar na hagóidí is mó ón Réabhlóid in 1979.
Freagra an rialtais
Ar an 31 Nollaig, d'ordaigh an rialtas go ndúnfaí gach oifig agus gnó sa chuid is mó den tír ar feadh lae amháin - tugadh an aimsir fhuar mar leithscéal.
Ar an 5 Eanáir 2026, d'ordaigh Ceannasaí an Bhreithiúnais nach mbeadh "aon trócaire" le taispeáint do na hagóideoirí. Gabhadh mó ná 2,000 duine ag na húdaráis idir 31 Nollaig 2025 agus 9 Eanáir 2026
Ar an 8 Eanáir 2026, dhún údaráis na hIaráine an idirlíon. Cuireadh cosc ar chóras gutháin agus cuireadh eitiltí ar ceal chomh maith. D'éirigh Mohammad Reza Farzin as a phost mar Gobharnóir ar Bhanc Ceannais na hIaráine agus ceapadh Abdolnasser Hemmati ina áit.
I dtús mí Eanáir, bhí na póilíní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag baint úsáid as deoirgháis ar dtús.[1] Ansin baineadh úsáideadh as raidhfilí agus as millíní gránghunna. Maraíodh cúpla céad ar a laghad i rith an dara seachtain mhí Eanáir.
Idirnáisiúnta
Bhagair Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, ar Truth Social, díoltas a bhaint amach. Dúirt sé: "Más rud é go dtosaíonn sibh (Rialtas na hIaráine ) ag scaoileadh, tosóimid ag scaoileadh chomh maith."
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh Iosrael–Iaráin 2025
- Agóidí Mahsa Amini, 2022
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (3 Eanáir 2026). "Nuacht Mhall, (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2026-01-09.
