Agóidí Ghlúin Z i Neipeal 2025
| ||||
| Cineál | agóid | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 8 - 13 Meán Fómhair 2025 | |||
| Dáta na bliana | Meán Fómhair 2025 | |||
| Suíomh | Katmandu, Neipeal | |||
| Tír | Neipeal | |||
| Cúis | cinsireacht an Idirlín caimiléireacht i Neipeal | |||
| Líon básanna | 72 | |||
| Líon gortaithe | 2,113 | |||
Bhí athrú Cumhachta á lorg ag ‘agóideoirí Ghlúin Z’ i Neipeal[1] sa bhliain 2025 agus ruaille buaille sa tír.[2] Chuaigh agóideoirí chun sráide timpeall 4-10 Meán Fómhair 2025 chun fearg a léiriú faoin rialtas.
Bhí cíor thuathail i Neipeal, agus na hagóideoirí ag lorg lánscor parlaiminte agus toghcháin úra. Faoi dheireadh ceapadh an breitheamh Sushila Karki mar phríomh-aire eatramhach.


Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Troideadh Cogadh Cathartha Neipeal ó 1996-2006,[3] an Ríocht ar taobh amháin agus an Páirtí Cumannach (Maoch) ar an taobh eile. Maraíodh 17,800 (agus 1,300 ar iarraidh).
Síníodh Comhaontú Síochána, an "Comprehensive Peace Accord"[4] ar an 21 Samhain 2006. Sháraigh an rialtas téarmaí an chonartha go rialta sna bhlianta dár gcionn. Thosaigh an Coimisiún um Fhírinne agus um Athmhuintearas a phlé sa bhliain 2015, is fearr déanach ná riamh.
Bhris na hagóidí in 2025 amach de bharr cáinte atá ag méadú faoi éilliú, agus fearg maidir leis an tuairim go bhfuil saol sómasach ag teaghlaigh na huasaicme, polaiteoirí san áireamh, agus an chuid eile den tír i mbochtaineacht. Bhí ioncam $1,400 per capita in aghaidh na bliana sa tír sa bhliain 2024.[2]
Agóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an scéal ar an 4 Meán Fómhair nuair a cuireadh cosc ar 26 ardán meán sóisialta, agus an rialtas ag rá nach raibh siad in ann clárú go háitiúil, agus imní ann maidir le heolas míchruinn agus fuathchaint. Cuireadh cosc ar ardáin cosúil le Facebook agus X/Twitter.
De thoradh air sin, chuaigh na mílte, cuid mhór acu ina mic léinn, chun na sráideanna faoi bhrat ‘Agóidí Ghlúin Z’, ag cáineadh an choisc agus éilliú atá forleathan sa tír. Tharla léirsithe in Katmandu, Pokhara, Chitwan agus cathracha eile. Rinneadh iarracht ruathar a dhéanamh ar an pharlaimint, agus d’úsáid na póilíní canóin uisce, deoirghás, piléir rubair agus piléir luaidhe ansin. Maraíodh ar a laghad 19 agóideoir, agus gortaíodh na céadta ag an agóid ar an 8 Meán Fómhair. Maraíodh 72 ar a laghad le linn mhí Mheán Fómhair 2025.
Cuireadh cuirfiú i bhfeidhm in Katmandu ar an 9 Meán Fómhair, ach bhris cuid de na hagóideoirí é chun tithe roinnt polaiteoirí a chur trí thine.[2]
Athrú rialtais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an eachtra tús le géarchéim pholaitiúil sa tír. D’éirigh an tAire Gnóthaí Baile, Ramesh Lekhak, as ar an 8 Meán Fómhair, ag rá go raibh sé freagrach go morálta. An lá dár gcionn, d’éirigh príomh-aire na tíre, KP Sharma Oli, as .
Ach bhí na hagóideoirí ar na sráideanna ag éileamh tuilleadh, lánscoir parlaimnte agus toghcháin úra go háirithe. Bhí liosta éileamh neamh-inphléite eisithe ag an ghluaiseacht, lena n-áirítear lánscor parlaiminte, éirí as polaiteoirí, fionraí a chur ar oifigigh a d’ordaigh an lámhach, agus toghcháin úra.
Bhí tacaíocht léirithe ag cuid den aicme pholaitiúil don ghluaiseacht. Dúirt Méara Katmandu, Balen Shah, atá ina rapálaí fosta, gur thug sé a lántacaíocht don ghluaiseacht.[2]
Ceapadh an breitheamh Sushila Karki[5] mar phríomh-aire eatramhach ar an 12 Meán Fómhair agus chiúnaigh na hagóidí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Agóidí Gen Z ; i mBéarla, 2025 Nepalese Gen Z protests
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Jack Mac Íomhair (2025-09-12). "Athrú Cumhachta á lorg ag ‘agóideoirí Ghlúin Z’ i Neipeal agus ruaille buaille sa tír – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-09-16.
- ↑ "Nepalese Civil War" (as en) (2025-09-09). Wikipedia.
- ↑ "Comprehensive Peace Accord" (as en) (2024-10-23). Wikipedia.
- ↑ "Sushila Karki" (as en) (2025-09-16). Wikipedia.
