Jump to content

Aerionsaí ar Hamas i gCatar 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAerionsaí ar Hamas i gCatar 2025
Map
 25° 21′ 25″ N, 51° 30′ 34″ E / 25.3569952°N,51.50955°E / 25.3569952; 51.50955
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas agus Middle Eastern crisis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana9 Meán Fómhair 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhKatara Cultural Village, Catar (en) Aistrigh
Doha, Catar Cuir in eagar ar Wikidata, Doha, Catar Cuir in eagar ar Wikidata
TírCatar Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Ar an 9 Meán Fómhair 2025, rinne Iosrael aerionsaí ar cheannasaíocht Hamas i príomhchathair Chatar, Doha. Theip ar Iosrael lucht Hamas a mharú.

Khalil al-Hayya in 2022; maraíodh a mhac san ionsaí

Bhí sé deimhnithe ag Iosrael gurbh iad ceannairí Hamas a bhí mar sprioc acu san ionsaí, Khalil al-Hayya, ceannaire Hamas in Gaza ina measc. Ach tháinig na ceannairí slán ón ionsaí. Díríodh an t-aerionsaí ar fhoireann idirbheartaíochta Hamas chom maith, le linn do na ceannairí agus lucht idirbheartaíochta de chuid Hamas a bheith i mbun cruinnithe.[1]

Bhí sé ar intinn Iosrael lucht Hamas a mharú: ceannaire Khalil al-Hayya go hairithe, Khaled Mashal, Muhammad Ismail Darwish, Musa Abu Marzouk, Razi Hamad, Izzat al-Rishq, Zaher Jabarin, agus Taher al-Nono. Ach maraíocht mac Khalil al-Hayya, chomh maith le fear a bhí go obair do al-Hayya agus triúr gardaí cosanta de chuid Hamas. Fuair garda slándála ó Chatar bás freisin sna phléascanna.[2] Gortaíodh sibhialtaigh eile.

Cuntas finné súl:

"Ag a ceathrú chun a ceathair, bhí mé i mo sheasamh ar an tsráid os comhair caifé beag nuair a phléasc bonnán ollmhór tríd an spéir. Ansin tharla sé arís, agus arís, is arís, is arís eile. ... Tháinig siopadóirí agus freastalaithe amach as foirgnimh ag féachaint in airde agus timpeall orthu, gach duine ag fiafraí de chuile dhuine eile céard a bhí ag tarlú."[2]

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ráiteas a d'eisigh fórsaí Iosrael ar ball, dúirt siad:

"Le blianta anuas, bhí sceimhlitheoireacht Hamas faoi stiúir na gceannairí seo. B’iadsan a bhí freagrach as an slad ar 7 Deireadh Fómhair 2023. Is iadsan atá ag stiúradh agus ag bainistiú an chogaidh i gcoinne Iosrael. Sula ndearnadh an t-ionsaí seo, rinneamar oiread agus ba chuí leis an mbaol do shibhialtaigh in Doha a mhaolú. Ionsaí spriocdhírithe a bhí ann."

Dúirt Einav Zangauker, máthair Mhatan atá ina ghiall ag Hamas tar éis ionsaí an 7ú Deireadh Fómhair 2023, go raibh eagla uirthi go marófaí a mac mar dhíoltas ar an eachtra seo.[2]

Dúirt Roinn Ghnóthaí Eachtracha Chatar gur léir gur sárú é an t-ionsaí ar an dlí idirnáisiúnta. "Ní chuirfimid suas leis an iompar meargánta seo de chuid Iosrael", a dúirt siad. "Bíonn siad ag cur shlándáil an réigiúin i mbaol de shíor." Thug na húdaráis in Doha le fios freisin gur "bagairt thromchúiseach" iad na hIosraelaigh do mhuintir Chatar.[3]

Bhí na Donald Trump idir dhá chomhairle faoi.[4] Is comhghuaillithe iad Meiriceá agus Iosrael.[5]

Na Náisiún Aontaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh cáineadh géar ar fud an domhain ar ionsaí Iosrael ar Chatar. Dúirt ceannairí domhanda áirithe agus na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann agus go bhfuil an baol ann go n-éireoidh an t-aighneas sa réigiún níos measa i bhfianaise an ruathair.[6]

D'fhoilsigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas ar cáineadh an t-ionsaí. Níor luadh Iosrael sa ráiteas, áfach. Ba ráiteas é a shínigh na baill ar fad den Chomhairle Slándála, fiú na Stáit Aontaithe.[7] Ach ní raibh na Stáit Aontaithe sásta go mbeadh Iosrael luaite sa ráiteas.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Dov Lieber and Summer Said. "Israel Attacks Hamas Senior Leadership in Doha, Qatar" (en-US). The Wall Street Journal. Dáta rochtana: 2025-09-09.
  2. 2.0 2.1 2.2 Nóirín Báicéir (12 Meán Fómhair 2025). "Níor cheap mé riamh go gcloisfinn torann a mharaigh daoine, torann a d’fhógair an bás" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-12.
  3. Nuacht RTÉ (2025-09-09). "Ionsaí déanta ag Iosrael ar cheannairí Hamas in Doha" (as ga-IE). 
  4. Dúirt Trump ar Truth Social, "Unilaterally bombing inside Qatar, a Sovereign Nation and close Ally of the United States, that is working very hard and bravely taking risks with us to broker Peace, does not advance Israel or America’s goals, However, eliminating Hamas, who have profited off the misery of those living in Gaza, is a worthy goal. I immediately directed Special Envoy Steve Witkoff to inform the Qataris of the impending attack, which he did, however, unfortunately, too late to stop the attack. I view Qatar as a strong Ally and friend of the U.S., and feel very badly about the location of the attack.”
  5. Maíonn Trump gur comhghuaillithe iad Catar agus Meiriceá.
  6. Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá" (as ga-IE). 
  7. "Security Council Press Statement on Doha Strikes | Meetings Coverage and Press Releases". press.un.org. Dáta rochtana: 2025-09-12.