Seirbhís chuimhneacháin Charlie Kirk
| ||||
| Cineál | memorial service (en) gnéithe ar leith de shaol | |||
|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 21 Meán Fómhair 2025 | |||
| Suíomh | State Farm Stadium, Arizona (en) | |||
| Óráidí | Erika Kirk, Donald Trump, J. D. Vance, Stephen Miller, Marco Rubio, Robert F. Kennedy Jr., Susie Wiles, Pete Hegseth, Tulsi Gabbard, Donald Trump Jr., Tucker Carlson agus Sergio Gor (en) | |||
| Rannpháirtí | ||||
| Reiligiún | Protastúnachas Shoiscéalach | |||
| Cúis | assassination of Charlie Kirk (en) | |||
| Tinreamh | 90,000 | |||
| Codanna | ||||
Ar an 10 Meán Fómhair 2025, feallmharaíodh Charlie Kirk, gníomhaí coimeádach agus bunaitheoir Turning Point USA. Reáchtáladh searmanas cuimhneacháin ollmhór ar an 21 Meán Fómhair 2025 ag State Farm Stadium i nGlendale, Arizona. Tháinig níos mó ná 100,000[1] daoine le chéile chun ómós a thabhairt do Kirk agus bhí tionchar ollmhór ag an imeacht ar pholaitíocht Mheiriceá. Bhí searmanas cuimhneacháin Charlie Kirk ar cheann de na himeachtaí polaitiúla is mó sa bhliain 2025, ag tarraingt an dream is diongbháilte ar an eite dheas le chéile.





Teacht le Chéile na hEite Deise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí na daoine seo a leanas i láthair:
- Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe
- JD Vance, Leas-Uachtarán
- Erika Kirk, bean chéile Charlie (anois ina Príomhfheidhmeannach ar Turning Point USA)
- Elon Musk
- Tucker Carlson
- Baill de Turning Point USA agus go leor eile, an dream is diongbháilte ar an eite dheas.
Sheas lucht na heite fhíordheis gualainn ar ghualainn le chéile. Bhí Elon Musk ina shuí in aice le Trump fiú.[2]
Óráid Erika Kirk
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Erika Kirk, bean chéile Kirk, óráid mhothúchánach agus na deora léi. Dúirt sí go dtugann sí maithiúnas don duine a mharaigh a fear céile, rud a léiríonn a creideamh Críostaí láidir.
Ráiteas Conspóideach Trump
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor lean Trump teachtaireacht Erika, áfach. Ar dtús rinne Trump cur síos ar Kirk mar ‘laoch mór na Stát Aontaithe,’ agus ‘mairtíreach’. Ansin dúirt an t-uachtarán nár aontaigh sé le dearcadh Kirk, ag iarraidh an rud is fearr dá chéilí comhraic. Dúirt Trump gur fuath leis a chéilí comhraic agus níl sé ag iarraidh an rud is fearr dóibh. Dúirt Trump le linn an tsearmanais: "Níor fuath le Charlie a chuid comhraic. Theastaigh an rud is fearr uaidh dóibh. Sin an áit ar easaontaigh mé le Charlie. Is fuath liom mo chomhraic, agus ní theastaíonn uaim an rud is fearr dóibh." Bhí an ráiteas seo i gcodarsnacht le teachtaireacht Erika Kirk.
Sin ráite, ag deireadh an tsearmanais, d'iarr Trump ar Erika Kirk teacht ar an ardán. Rug sí barróg ar an uachtarán agus sheas siad le chéile ag breathnú ar an slua. Seinneadh "America the Beautiful" agus lig Erika Kirk osna bhog ar ghualainn an uachtaráin sular fhág sí an stáitse/
Óráidí eile
Dúirt baill ó Turning Point USA, ina bhfuil Erika Kirk anois mar príomhfheidhmeannach, go bhfuil sé tábhachtach go leanfadh siad ar aghaidh ag scaipeadh theachtaireacht Kirk agus go ndéanfadh bás Kirk athbheochan ar an ghluaiseacht.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 90,000 i State Farm Stadium and 20,000 i staid eile
- ↑ Bhí titim amach phoiblí eatarthu i mí na Bealtaine, ach léirigh an cairdeas ag an ócáid gur tháinig feabhas éigin ar an gcaidreamh.
- ↑ Jack Mac Íomhair (2025-09-26). "Searmanas cuimneacháin Charlie Kirk ag lucht na heite deise – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-09-28.
