Jump to content

2025 Plean síochána do Gaza

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí Imeacht2025 Plean síochána do Gaza
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálplean
próiseas síochána
doiciméad Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli–Palestinian peace process (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
BailíochtMeán Fómhair 2025 - 
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Donald Trump and Benjamin Netanyahu joint press conference on 21-point Gaza Peace Plan at the East Room, 29 September 2025 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Codanna

Saothar iomlán ar fáil ag URLpresidency.ucsb.edu… Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 29 Meán Fómhair 2025, d'fhógair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump plean síochána do Gaza,[1] ag cur stop le Cogadh Iosrael-Gaza. Chuir sé brú ollmhór ar Iosrael a phlean a ghlacadh agus ansin thug sé foláireamh deiridh do Hamas, ag bagairt tine agus ruibh a fhearadh ar mhuintir Gaza.[2][3]

D'éirigh le Trump agus Rialtas na Stáit Aontaithe, agus tháinig sos cogaidh i bhfeidhm idir Iosrael agus Hamas ar an 10 Deireadh Fómhair 2025. Ach bhí an sos cogaidh leochaileach de dheasca laige agus éiginnteacht an chomhaontaithe. Bhí na moltaí sonracha sa chomhaontú thar a bheith doiléir agus na dreamanna a shínigh é an-teoranta.[4]

29 MF sa Teach Bán
preasócáid , 29 MF sa Teach Bán

Ar an 9 Meán Fómhair 2025, rinne Iosrael aerionsaí ar cheannasaíocht Hamas i príomhchathair Chatar, Doha. Theip ar Iosrael lucht Hamas a mharú.

Chuaigh Iosrael thar fóir, ag cur fearg ollmhór ar Rialtas Trump. Tá bunáit mhíleata ag na Stáit Aontaithe sa Chatar agus is comhghuaillithe dlútha iad na S-A agus Catar.

Tugadh Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go dtí Washington DC agus bhí air dul i ngleic le fíricí an chogaidh. Mar phionós, bhí air Netanyahu glaoch a chuir ar Éimír Chatar agus ghabh sé a leithscéal ar mhaithe le síocháin a dhéanamh. B'éigean dó tarraingt siar go maolchluasach. Scríobh na Meiriceánaigh script amach do Netanyahu agus Trump ag faire air sa Teach Bán nuair a chuir sé an glaoch ar an Éimír.[5]

Níor foilsíodh riamh an "plean" ar an suíomh whitehouse.gov. Sheol an Teach Bán nasc chuig RapidResponse47 ar an 29 Meán Fómhair, cuntas ar X/Twitter agus na pointí urchair a bhí ann.[6]

De réir théarmaí an "chomhaontaithe", chuirfí sos comhraic i bhfeidhm in Gaza láithreach; ligfí do na Náisiúin Aontaithe soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach sa limistéar; agus mhalartódh Iosrael agus Hamas cimí agus gialla.

Ina dhiaidh sin, tharraingeodh fórsaí míleata Iosrael amach as Gaza de réir a chéile; chuirfeadh Hamas a gcuid arm de láimh agus scoirfeadh an eagraíocht go hiomlán.

Ina cheann sin, ghlacfadh údarás idirthréimhseach idirnáisiúnta an chumhacht ar láimh ó Hamas; bheadh fórsaí míleata Iosrael i mbun cúrsaí slándála go sealadach ach bhronnfaí an cúram sin ar fhórsa idirnáisiúnta síochána tar éis scaithimh.

De réir na bpointí urchair ar X, saighdiúirí ó thíortha Moslamacha a bheadh san fhórsa idirnáisiúnta úd, lena n-áireofaí an Tuirc agus an Indinéis.

Mar le cúrsaí bonneagair, mhaoineodh stáit shaibhre Arabacha an t-athchóiriú ó bhonn a chaithfí a dhéanamh ar Gaza.

I dtaca le daoine de, ní dhíbreofaí aon duine as Gaza ach amháin ceannairí Hamas agus thabharfaí pardún do ghnáthchomhaltaí na heagraíochta dá dtabharfaidís cúl le foréigean.

Bhí lua freisin sna phointí urchair ar stát Palaistíneach a bhunú, bíodh is go bhfuil sé débhríoch.[2]

Bhí fógra tugtha ag Donald Trump do Hamas glacadh faoi thráthnóna 5 Deireadh Fómhair lena bhfuil socraithe aige féin agus Netanyahu maidir lena bhfuil i ndán do Gaza, é sin nó "scaoilfear ceann le diabhail ifrinn", mar a dúirt sé.

Freagairt i mí Mheán Fómhair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an Teach Ban, cuireadh fáilte is fiche roimh an bplean timpeall an domhain.[7] Chuir Airí Gnóthaí Eachtracha na gCatar, na hIordáine, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, na hIndinéise, na Pacastáine, na Tuirce, na hAraibe Sáidí, agus na hÉigipte fáilte roimh cheannaireacht Trump agus roimh a iarrachtaí "macánta" chun deireadh a chur leis an gcogadh in Gaza.

Bhí na tíortha eile ag lútáil ar Trump. Dúirt Príomh-Aire na hAstráile Anthony Albanese: "Cuireann an Astráil fáilte roimh phlean an Uachtaráin Trump chun síocháin a thabhairt do Gaza". Dúirt Príomh-Aire Cheanada Mark Carney: "Cuireann Ceanada fáilte roimh phlean stairiúil nua an Uachtaráin Trump don Mheánoirthear, agus impímid ar gach páirtí cabhrú leis a "lánacmhainneacht" a bhaint amach". Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine Johann Wadephul go dtugann plean síochána SAM do Gaza "deis uathúil chun deireadh a chur leis an gcogadh uafásach in Gaza".

D'iarr Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer agus Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar Hamas glacadh leis an bplean, agus thug an Ghearmáin agus an tAontas Eorpach féin tacaíocht phoiblí dó.

Hamas agus imní na bPalaistíneach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús d'fhógair Hamas go raibh tuilleadh ama ag teastáil uathu le socrú Trump agus Netanyahu a mheas. Thug urlabhraí Hamas le fios go raibh ceannairí na heagraíochta agus idirghabhálaithe idirnáisiúnta i ndáil chomhairle faoin socrú a d'fhoilsigh Trump.

I ndeireadh thiar thall, bhí sé i gcrích cheana, nó fait accompli, do Hamas agus ní raibh an dara rogha acu ach an plean a ghlacadh. D'fhógair Hamas ar an 3 Deireadh Fómhair 2025 go raibh siad sásta tosú láithreach ar chaibidlíocht trí idirghabhálaí maidir le scaoileadh na ngiall go léir de réir phlean. Dúirt Hamas go nglacfaidís le cuid eile den phlean, lena n-áirítear cumhacht a thabhairt suas agus na gialla go léir a scaoileadh, ach go mbeadh gá le idirbheartaíocht breise maidir le gnéithe eile.

Níor luaigh freagra Hamas aon rud faoi dhí-armáil ná faoi armáil a chur de láimh - cuid ríthábhachtach de phlean Trump a dhiúltaigh Hamas arís agus arís eile roimhe seo

Ní raibh aon mhuinín ag Palaistínigh, más ea, as rún na nIosraelach – rún na calaoise, dar leo – go háirithe ó dúirt Netanyahu go bhfanfadh fórsaí míleata Iosrael in Gaza agus ó thug sé le fios gur dóichide cuisne a theacht ar bhallaí an ifrinn úd a raibh Trump ag caint air ná Iosrael a ghlacadh le stát Palaistíneach.[2]

Tháinig sos cogaidh i bhfeidhm ar an Deireadh Fómhair 2025.

Ar an 13 Deireadh Fómhair 2025, scaoileadh saor na gialla Iosraelacha a bhí faoi choinneáil ag Hamas in Gaza. Thug Hamas an 20 giall ar láimh do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus, mar mhalairt air sin, scaoil na hIosraelaigh saor beagnach 2,000 "cime" (nó giall) Palaistíneach.[8] Dar le Hamas maraíodh 28 giall eile in ionsaithe buamála a rinne na hIosraelaigh ar na háiteanna ina raibh siad faoi choinneáil. Dúirt siad go raibh na coirp folaithe ag an smionagar.

Ar an 13 Deireadh Fómhair 2025 chomh maith, tháinig Trump chun an Mheánoirthir lena shéala pearsanta a chur ar an bplean síochána. Dúirt Trump le baill an Knesset gur minic go mbíodh sé ar an bhfón le Netanyahu ag achainí air tuilleadh armlóin sholáthar. Cuireadh an oiread sin airm ar fáil gur éirigh Iosrael "láidir agus cumhachtach" agus "b’in ba chúis le síocháin a bheith anois i réim", ... dar le Trump.[9]

In Sharm El-Sheikh san Éigipt, shínigh Trump agus ceannairí trí thír sa Mheánoirthear (an Éigipt, Catar agus an Tuirc) cáipéis maidir leis an sos cogaidh in Gaza. Reáchtáladh cruinniú mullaigh idirnáisiúnta chomh maithmaidir lena bhfuil i ndán do Gaza. Ní raibh Iosrael ná Hamas i láthair, ach bhí Uachtarán Údarás Náisiúnta na Palaistíne Mahmoud Abbas rannpháirteach sa chomhdháil.[10]

Cé go raibh Iosrael agus Hamas páirteach sa chomhaontú, ní raibh siad ina sínitheoirí, agus ní raibh ach tagairt fhánach déanta d’Údarás na Palaistíne.

Is é an socrú go ndéanfaidh Hamas iad féin a dhí-armáil a chruthóidh an deacracht is mó sula mbeidh na páirtithe in ann bogadh chuig na moltaí eile. A luaithe agus a síníodh an comhaontú, bhí na comharthaí ann go mbeadh deacrachtaí leis an socrú toisc gur thug Príomh-Aire Chatar le fios gur aontaigh Hamas plé a dhéanamh ar chúrsaí dí-armála seachas gur aontaigh siad iad féin a dhí-armáil.[4]

Tá sé i gceist sa dara céim, i measc nithe eile, údarás idirthréimhseach idirnáisiúnta an chumhacht in Gaza a ghlacadh ar láimh ó Hamas.

Beidh tíortha éagsúla bainteach leis an scéal agus maoirseacht a dhéanamh ar an sos cogaidh in Gaza agus cuidiú leis an díchoimisiúnú atá Hamas in ainm a dhéanamh ar a gcuid arm.[10]

Cé go bhfuil sé leagtha amach sa chomhaontú go dtabharfaí maithiúnas do bhaill de Hamas agus go mbeadh cead acu Gaza a fhágáil dá dtabharfadh siad a n-airm ar láimh, níl aon amlínte ná céimeanna eile leagtha amach chun an plean seo a chur i gcrích.[11][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Donald Trump's September 2025 Gaza Strip proposal
  2. 1 2 3 Nuacht RTÉ (2025-10-03). "Trump ag bagairt tine agus ruibh a fhearadh ar Gaza" (as ga-IE).
  3. 6 a chlog tráthnóna Dé Domhnaigh, 5 Deireadh Fómhair 2025, am Washington DC, an sprioc a bhí leagtha síos ag Trump
  4. 1 2 3 Máirtín Ó Duibhir (21 Deireadh Fómhair 2025). "Sos cogaidh leochaileach de dheasca laige agus éiginnteacht an chomhaontaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-22.
  5. Lazar Berman, Nava Freiberg (2025-10-08). "Qatari PM’s close ally helped pen Netanyahu apology, was present for call – report" (en-US). The Times of Israel. Dáta rochtana: 2025-10-11.
  6. "Rapid Response 47 (@RapidResponse47) on X" (en). X (formerly Twitter). Dáta rochtana: 2025-10-05.
  7. The White House (2025-10-01). "Global Support for President Trump’s Bold Vision for Peace in Gaza" (en-US). The White House. Dáta rochtana: 2025-10-05.
  8. Thug 38 bus de chuid eagraíocht na Croise Deirge Red na Palaistínigh a saoradh as príosúin in Iosrael ar ais go Gaza. Faoi mhargadh de chuid Trump, scaoileadh saor 250 príosúnach Palaistíneach chomh maith le 1700 duine eile as Gaza a bhí ar a gcoinneáil, agus 22 páiste ina measc sin.
  9. "Gialla Iosraelacha agus príosúnaigh Phalaistíneacha scaoilte saor" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-13). Dáta rochtana: 2025-10-13.
  10. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-10-13). "Gaza: 'caithréim agus tús le ré stairiúil is ea an sos cogaidh'" (as ga-IE).
  11. Nuacht RTÉ (2025-11-24). "An Úcráin: 'an-dul chun cinn' i gcomhráite faoi phlean síochána" (as ga-IE).